firstLine"; ?>

1715. Slainic ar gcabhra cru De $
Length: long 42qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 20 (23/M/30) E. O Caoimh 1684-
  2. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  3. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-47
  4. RIA 492 (23/G/27) M.Og OLongain 1795-
  5. RIA 254 (F/ii/2) M. Og O Longain 1820
Motifs:
  1. imagery for God (daileamh)
  2. imagery for God’s grace (slainic, leigheas)
  3. Role of BVM in man’s salvation
  4. Kinship of BVM & Christ with humans
  5. crucifixion
  6. the Five Wounds
  7. legal terminology (oighre, tiomna, oineach)
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Donnchaidh Mhaoil
Poet Surnames:
  1. MacCraith
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Sláiníoc ár gcabhra crú Dé

[RIA 20 (23/M/30), 447]

An fer cédna cecinit

[Eóghan mac Donnchaidh Mhaoil Mhéig Craith cc. (446)]

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Sláinic ár ccabhra crú Dé

slainnte duinn do dheárlaic sí

tug dár maicne dedhfhios Dé

leighios na sé n-aicme í.

2 An deoir as saoire dár shila

mó ná gach maoine ’sa mair (?)

bheith gan lógh uaim-si ’na fhuil

mór do chuir an uaisle air.

3 Tar gach uile dhóbheart duinn

níorbh fiú an uile a thoigheacht trinn

ós do mhaithiomh chean do-chóidh

ir do maithedh cnedh an chígh.

4 Cló maol ní chronuig dá chur

ní chlaon ní chorruig a tho(i)l

tar cheann tinne na ttrí mbear

do gh[e]abh rí(gh) sinne ara son.

5 Urra ré síodh na sé sluagh [448]

cíoch Dé lér gabadh ár ngaol

ní gar nár cheangail a cíogh

síodh do cheannaig damh go daor.

6 An éigion ár ccabhra a coir

da gach aoinfher tárla a thail

maith do ro(i)nn t’oigh[i]r(e) a fhuil

do luig trom an oinicc air.

7 Sé a ccroich trém cheanaibh ag caoi

’na chrois ar beraibh do bhí

móide as ómha[i]n doilge Dé

gur fhoilig sé oirn-ne í.

8 A ghrás a ghaol as an Ógh

nochar aomh a ccla[dh] ar ccúl

d[o] fágaibh tiomna Dé ar ndíon

gib é as díol ’na dhíomdha du(i)nn.

9 Mo shiúr-sa ag guídhe ara glú[i]n

ag stiúradh gach duine dhinn

a-tá a clann ’na hoire ar ó[i]gh

dá ghoire dhóibh crann an chígh.

10 Ógh lánghlan as líonmhar gnaoi

Róimh na miorbhal máthair

dá theinne ara hoigh[i]r(e) í

teinne dhí dá oíghidh é.

11 Éidedh grás fá seach fá sia[i]r

cás nárbh féider breith a bua[i]dh

beag an t-iongna[dh] í ’na hóigh

sí róimh agá hionnramh uaibh.

12 Siúr is gaolmhuire ré a gaol

is fiú ar ngaolbhuime tré ghradh

gíodh béith í réd cheart do chló[dh]

níor chleacht an Ógh ní b[udh](eag) nár.

13 Do daonnacht do dhúthracht graidh

as í an úmhlacht bhaoghlach bhúidh

an lá do dáiledh crú an chígh

tú ad rígh ’s ad dháiliomh duinn.

14 Do fhuaighis m’aic[m](n)e réd h’iocht

a haithle a bhfuarais dá n-ulc

do chlaon an (chnú) chroidhe lém chert

ag teacht don taoibh eile ad h’ucht.

15 A Athair do dhealbh gach dúil

gé tá t’fearg ar aghainnt uainn

más díol ad th’oigh[i]r(e) dob áil

gá brígh dhaibh an oighidh f[h]uair.

16 Tusa as tós ’s as deredh dhóibh

’s as tú fós breithiomh ár rúin

ní raibh[e] béim a ccionn cháich

nárir ag dáil do lionn lúidh.

17 Do chreid tú do theacht ón uaig

do chreid t’fert ó iúl an fháidh

diongna an geall as usa dóigh

tusa do-chóidh a cceann cháich.

18 Róid chorcra na [gcóig?] ccnedh nglan

na chóig shlighte ón docair dul

slighte tiorma na ccuig [leg. gcóig?] ccnedh

[na] róid tré a ng[e]abh bíodhba ad bhrugh.

19 Tú as oighre ’s as athair dhóibh [449]

múch mo dhoilge a dhalta an tsaoir

gebé hoile as anáir d’óigh

ní foláir dóibh goire an ghaoil.

20 Go ttí ag folach a bhfuil roinn

do thoil dár ttabhairt ad dháil

níor dhearmuid sibh í san uaig[h]

ag sin buaidh do bhí ar an mbáidh.

21 Saoraidh mé ón chunntus chaol

ar dhéirc a Dhúilimh na ndúl

mairg ar a mbéaradh breath ríogh

dá mbeith gan síth do dhéanamh duinn.s

22 As fiú an mac ’s a mháthair mhór

fá a ttail gé támuid go fuar

ní fríth acht lé foghar rígh

síodh a ndíol a fhola[dh] uaidh.

23 Teachta Dé lé snadhma[dh] sí(o)dh

is ar chabhra na sé slóigh

ráinig a láimh dhaingin duinn

ar ndáil rúin an aingil d’óigh.

24 Lé truime a chúmha dá chaoi

an chruinne budh cumhang lé

bíth gur shaor an óighidh í

níor aomh sí dá hoighir é.

25 Cnú go n-eithne ccúbhra a clí

fiú a húmhla a léigther

ár n-iarraidh as dána dhí

as í d’fiaghuin dála Dé.

26 Do ró thoile a mic a-mháin

ró goime lé seirc ’nár siair

biodh gan dul lé a hoighre a n-uaig

fuair cor is doilge ’na dhiaigh.

27 Fiú a bhfuair do dheacra ina dhiaigh

fiú a heachtra ar an uaig go nóin

ní hiongna lé coimirce [leg. coimhdhe?] cháich

ós é as dáil ’na hoighre ag óigh.

28 As beartha a bhuídhe a mbeith roinn

guídhe Mhuire ’s a mic uainn

tar a bhfuil do dhocru am dhíon

is díol goin an ochta uaim.

29 Ar mbronnadh síodh daingin rígh

mh’urradh ré a ndlighther dinns

ní tráith dó dár n-éara uaidh

do bhuail a ccló séala ar s(h)ídh(e).

30 A bhreath-so ní baoghlach dhuinn

deacair ár ccaomhna do cóir

tig dár n-ionnramh ar chrú an chígh

clú sídh(e) ní hiongnadh ar óigh.

31 As fiú miorbhuile an mhic bhúidh

a ríoghbhuime do bhreith bhuaidh

ó tá cead oinicc ag ó[i]gh

cá beag dóibh an óighidh f[h]uair.

32 As tuigthe ara ndáilionn duinn

nách traghann a thuile ghraidh

ar ghrás nDe ní béarar buaidh

do-chuaidh sé [ó](á)s ceanuibh cháich.

33 Níor fhás a samhuil do mhnaoi [450]

an ghrás dár ccabhair ’na clí

dar leat sul do iomchuir é

fá mhac Dé dob ionchuir í.

34 A cheannach ní (f)aghthar d’ór

ón oineach is earradh shaor

do-ní sé ara dhiomdha ár ndíon

síodh Dé ní dhiongna go daor.

35 As é a ghrás as daingean duinn

nár chaillear é sa chás chruaidh

cia hoile do rachadh róm

nách lór goire a (mh)áthar uaim.

36 A bhíodhba a mbaoghal gach laoi

ní baoghal acht díomdha Dé

mairg sluagh[adh] ’gá ttá ara ttí

ní bhí lá nách uamhan é.

37 Súil ré a fhiortaibh as dóigh duinn

ar mo chionntaibh gér chóir gráin

dob iongnadh leam m(o)’oba uaidh

fada do-chuaidh ar cheann cháich.

38 O fuair mé a rúntoil gan f[h]raoch

ár ndiúlta[dh] uaidh ní hé a thráth

fada gur chronuig sé an síoth

cíoch Dé ’na chonair fá chach.

39 Gan bhaoghal an bhaoghail fuair

madh faobhrach as faobhar sídh(e)

níor chuir fala[idh] a cceann cháich

nách fearr dháibh cabhair an chígh.

40 A dhiadhacht a dhaonnacht ghlan

a dhaonnacht as diadha an stair

gé a-tá céim uaim-si ’na fhuil

ní bhfuil béim (i)na uaisle air.

41 Nó gur leath a thásg fán ttír

trí trátha do bhí san úir

do aithin sé ag éirge ón uaig

gurbh é uain a dheimhne dhuinn.

42 Saoradh mh’anma ó uaimh na bpian

go ttabhra mur dhuais am dhán

ní beanta d’oigh[i]r(e) Dé dhíom

díol ina oíghidh is [s]é slán. Sláinic...