firstLine"; ?>

1717. Slan agaibh a fhiora Mumhan $
Length: short 8qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. miscellaneous
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Bergin, IBP no. 7
Motifs:
  1. envoi to saints Peter and Paul
  2. education of poets
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Slán agaibh, a fhiora Mumhan


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 7]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cc.


1 Slán agaibh, a fhiora Mumhan,

meanma fhuirigh ní fhuil fúm:

do-ghéan an uairse ar fhiadh nOiligh,

triall uaibhse gé doiligh dhún.


2 [Mo shlán agaibh] re hucht m’eachtra,

ós éigean damh dul budh thuaidh:

re dul go Doire, is dál abaigh,

slán ó chroidhe agaibh uaim.


3 Fiora Mumhan na múr sochraidh,

sluagh síthe ag nach saoghlach fíon,

laoich danab dual dál a mbleidheadh,

slán uam ag gach deighfhear dhíobh.


4 Tearc tír badh cuirthe ’na coimeas,

clár Mumhan is míne gné,

uaidh ó tám ag clódh don chúigeadh,

gan slán d’ól ni fhúigeabh é.


5 Ó táim ag triall go Tír Conaill -

críoch mic Maicniadh na múr dtais,

slán don tír fhionnbhothaigh ealaigh

mhín tiormshrothaigh greaghaigh glais.


6 Slán dá dúintibh is díol seirce,

slán dá haibhnibh nách ard nglóir:

meinic dámh uaidhe gan easbaidh,

slán uainne dá heasgraibh óir.


7 ’Na mbothaibh do bhínn im luighe,

mo lucht cumainn, cead a luadh;

trágh ar a n-inntleacht ní fhaca,

slán ré n-imtheacht aca uam.


8 Beireadh Peadar is Pól easbal

d’fhéachain nimhe na naoi ngrádh -

bíd tar cheart ag labhradh linne -

tar neart m’fhaghladh sinne slán.