firstLine"; ?>

1718. Slan agaibh a fhir cumtha $
Length: short 13qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. poem to another poet
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA5 (23/D/4) 17th cent Munster
  3. RIA10(23/M/12) Fr. Magh. O Domhn. 18c
  4. Mayn. R 73a ?1748
  5. RIA781(23/G/5) Mich.OCathasaigh 1797
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. Mionur no. 5
Motifs:
  1. Companach of poet
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (BOCD, RIA5,10)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Eoghan
Patron Surnames:
  1. Cname only
Apologue Subclasses:
  1. Turtle dove: never re-mates
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Slán agaibh, a fhir chumtha


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 5]


Giolla Brighde Ó hEoghusa .cct. [? 1592 - 1600]


1 Slán agaibh, a fhir chumtha:

caithfemid - cúis sgíothurchra -

gidh leasg dhún dul dar n-annsa,

cúl do chur réd chumann-sa.


2 Éigion dúin do dhruim sgaruidh,

feasda, a chompáin charthanaigh,

ar dhá n-annsa ar gcúl do chur

gidh annsa dhún a dhénamh.


3 Do mheas mé ar mhalairt gceirde -

seachna na ngrés nGaoidheilge;

cúis ar sgarthana is sí soin;

rom sní, a anmchara, a Eoghain.


4 Ní fuath d’ealadhain mh’aithreach

tug fúm aigneadh athraightheach

ná an ghlóir do-gheibhthí dá cionn

do neimhthní ó fhóir Éirionn.


5 Gidh beag ar n-eólas ionnta,

sduidéar leabhrán léighionnta

iseadh ro cheal uaibhsi inn -

an cheard is uaisle aithnim.


6 Fachuin sgísi sgarthain ruibh;

caithfidh mé - mór an deacair -

an t-aos cumtha nár chleacht sinn -

teacht fa urchra lé a n-inntinn.


7 Mar shaoilim fós ní fearr dhaoibh

eidir th’aos gcumtha is gcomhghaoil;

bheith ’na n-aontoidh ní luinn lat:

ní thuill acht aontoil agat.


8 Ní fhuighe ar mh’éis aos grádha;

lucht cumuinn ná comhdhála

dot aithle ní fhoighe sionn;

aighthe ar-oile ní fhaicfiom.


9 Im dhiaidh is dénta dhuibhsi:

dénta dhamh id dheaghaidh-si;

dál na healta san tír thoir

do-ním, dá dheacra a dhénoimh.


10 Ní bhí éinén aca soin,

an ealta dan hainm turtoir

- tig aithmhéile fa dheoidh dhe -

gan bainchéile eoin oile.


11 An t-én is déidheancha dhíbh

feadh a ré le ró dimbrígh,

re aithchéile ní fhaoi sin

ar aoi n-aithmhéile is n-imnidh.


12 Ar an acht-sa ón uair-si a-mach

biad gan charuid gan chumthach:

gidhbé do-neath loighe leam,

le neach oile ní fhaoifeam.


13 Mar támuid a-tá sibhsi-

orm féin is eadh aithnim-si!

dom rothol a-taoi mar tám:

rom chnaoi mar othor easlán. SLÁN