firstLine"; ?>

172. Aghaidh gach droichsgeil a-mach $
Length: short (9qq)
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. Love
Manuscripts:
  1. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  2. Rouen MS no. 1678 late 17th cent.
  3. RIA308 (23/M/16) A. McMathgh’na1767-
  4. Mayn. C 87b O’Curry transcr. incl. RIA 5
Prints:
  1. text (O’Rahilly, DG no. 9)
Motifs:
  1. Love derided
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Aghaidh gach droichsgéil a-mach!


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha no. 9]


1 Aghaidh gach droichsgéil a-mach!

ní chuala mé cath ba mó

ná a bhfuil ag éag leis an ngrádh;

is iongnadh dhúinn mar tám beó.


2 Taom grádha do mhnaoi fán ngréin

ní thugas féin, feirrde liom,

’s nocha dtiubhar go dtí an bás;

ní beag leam cách ina ghioll.


3 Na fir-se ag dul d’éag don ghrádh

fuigfid siad na mná dá n-éis;

eadamair éistfidhear rinn

muna bhé beó acht sinn féin.


4 Na fir shuairce-se théid d’éag,

mé an t-aon do chéad gan dul leó;

a Chríost, créad fá bhfaghainn bás

’s go bhfaghthar mná is anmhain beó?


5 An lucht so atá uaibh i bpéin,

más fíor dóibh féin, i riocht mhairbh,

léigid míle cnead is uch,

a Dhé, go dtí an guth fón ngairm.


6 Na daoithe nár pheacaigh riamh,

(uch, a Mhuire !) a chiabh na gclann,

is mairg duitse atá dá mbreódh,

bíodh gur cuma a mbeó nó a marbh.


7 A Mhic Muire, nách ait dúinn

iad ag seargadh súil re bás?

mo thruaighe daoithe na nduadh,

’s nách aithnid dóibh fuath ná grádh.


8 Daoine ag magadh fútha féin,

dá rádh go mbíd i bpéin bháis,

dá bhagar go rachaid d’éag, -

ionghadh an gléas meallta ar mhnáibh.


9 Créad fá gcreidfinn duine féin

dá rádha riom go dtéid d’éag,

’s nách tig claochlódh ar a chruth?

Fear, a Chríost, ar lucht na mbréag!