firstLine"; ?>

1724. Slan fat fholcadh a Fhionnghuala $
Length: long 41qq
Certainty: 2
Period:
  1. 13th ult
  2. 14th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy wp
Manuscripts:
  1. RIA743 (A/iv/3) 17th cent
Prints:
  1. transl. Ir. Monthly 48, p.167
  2. text DiD no. 114
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. eulogy of personal appearance
  3. Eulogy of woman’s hair
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. poet invoking blessing
  6. patron’s liberality to poets
  7. female occupations (embroidery)
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Mor (RIA 743)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Fionnghuala (dau. of Maghnus d. 1293)
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair d. 1310
Meter Vars:
  1. Ollbhairdne (freely applied)
Poem:

Poem in printable PDF format

Slán fat fholcadh, a Fhionnghuala réidh roicheolchar


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 114]


Tadhg Mór Ó hUiginn .cct.


1 Slán fat fholcadh

a Fhionnghuala réidh roicheolchar;

th’fholt idir é

ní fhidir mé nach moitheochthar.


2 Slán fat fholcadh

’s fa fhighe th’fhuilt fhiarchlaidhigh

sé is th’óige ort

[is] móide ar an fholt mh’fhiafraighidh.


3 Slán fa dhíorghadh

do dhíshleachta shlim shlaitleabhair,

a mhall mhilis,

a bharr ’n-a thrilis taitneamhail.


4 Slán fa chíoradh

do chúil as caomh re a shíorfhaicsin;

gurab soraidh

gurab [cobhuidh] don chíoraidh-sin.


5 Ar gcíoradh th’fhuilt

usuide dhamh a dheaghmholadh

gach clann chleachtach

id bharr leabthach ag leabhroghadh.


6 Gach uair fhoilce

th’earla bhíos ag breith ailtbhisigh

mar ghréin ngairthe

do néimh a haithle an fhailcei-sin.


7 Cros Críosd thorad

tearc th’aithghin ar bioth barrbhuidhe;

ná rabh tres an bhfolt bhfionnbhuidhe

ort amhghoire


8 Aigmhéil dá bharr

béim súl ar chách re a chladhfhaicsin;

tú as caoimhe i gcurp

naoidhe fan fhult an aghaidh-sin.


9 An aghaidh óg

fan fholt bhíos ’n-a bharr dhronglánach

bíd is beid dí go deaghshnuadhach

’s sí soghrádhach.


10 Soghrádhach thú

ós do thír lisleabhair longclannaigh;

a chnú ar gcraoibhe

’s tú bhus caoimhe do-chonncamair.


11 Gér chaomh ar dtús

thú re figheadh th’fhuilt fhionnbhuadha

tug luach eich ort

do bheith fa fholt, a Fhionnghuala.


12 Áluinn fan fholt

th’aghaidh chorcra mar chéadshaimhghréin

th’fholt mar fhalaigh

ag tocht tar th’aghaidh n-éadainréidh.


13 Réidh an t-éadan

ar aghaidh th’fhuilt troim thaithneamhaigh

na gcleathrámh gcraobh

ós an ngealchlár gcaomh gcailceamhail


14 Mailghe caola

ós chionn do cheathra gcraobhfhabhra

aonsduaim orra

dá chaolsduaidh dhonna dhaolamhla.


15 Tearc san chruinne

comhchaomh do rosg mall mongdhathta;

géagcruinn gruaidhe

dá réatlainn uaine ogradhta.


16 Gruaidhe donna

dá ndéantar dán saor sreathmholta

leaca as saor snuadh

le taobh do dá ghruadh ngealchorcra.


17 Béal dearg tana

tug dhuit Dia - déana a altoghadh -

a chrann cubhra,

a bharr mar ubhla ar n-abghughadh.


18 Deirge iná subh

snuadh do leacan re a lánfhaicsin

do bhráighe bhláith

i mbáine bhláith don bhrághaid-sin.


19 Cíghe troma

ós do thaobh tárraidh mochbhuadha;

ní fhuil fa ucht

a-muigh ar curp a gcomhchuanna.


20 Ucht mar eala

agad, a chall glan gealchoilleach;

slios caomh cladhach

do thaobh mar chanach [gCreamhchoilleach]


21 [Braine] mar bhláth

do bharr mar ór, crodh caomhuingeach;

folt clúmhraon gcam

ort, a ghlúnmhaol mhall mhaoluilleach.


22 Cuanna caomha

do dá cholbtha, a chraobh ghealthoirtheach;

beaga bhláthbhuinn

’s iad seada sálchruinn seangthroightheach.


23 Milis do ghlór

a ghéag mhall Mhoighe Finnei-sin

. . . . . . . . . . . . . . . . .

. . . . . . . . . . .. . . . . . . . .


24 Téighid sginge

do sgarlóid chorcra chorrtharaigh

th’ucht slimgheal saor,

a inghean chaomh Í Chonchobhair.


25 Do néimh th’aighthe

do áilnigh th’fholt cas claonbhuidhe

fionnNuadha Fáil

a Fhionnghuala Chláir Caonruighe


26 Nuadha Fionn Fáil

fuair a cruth ríoghdha ronua-san

ó Nuadha a-nuas

ní chuala cluas a chomhuasal.


27 Ríoghradh Éireann

umut earla mar ghléidheaghór

go Conn na gcuan

is an drong uadh go hÉireamhón.


28 Níor fhás achd rígh

is ríoghna ’mod rosg ndeaghshádhal

callros fa chnuas

ó Mhaghnus suas go seanÁdhamh.


29 Cia [do] righeadh

riot, a ríoghan nach rosggruamdha,

cia ad-chluin nó ad-chí

go bfuil i gclí do chomhsduamdha?


30 Comhsduamdha ód láimh,

a lacha áluinn aoigheadhach,

gach béas banda

eidir ghréas Ghallda is Ghaoidhealach.


31 Id bhruidhin bhric

bídh re béalaibh bhan lámhdhaidhe

fíon fuar finngheal

[ód] chuan, a inghean Árlaidhe


32 A Fhionnghuala,

a ucht mar bhláth saor subhlosa,

a inghean ghlan mhall Mhaghnusa,

a chrann cumhra-sa.


33 Biaidh red reimhis,

a ríoghan Chruachna coillghile

- mar do bhaoi - bean

gan mhnaoi gan fhear ’ga hoirbhire


34 Gnáth as dual dhuid

- is a dhéanamh ar dhánmholadh -

gan bheirt ar bhoin

gan [fheirc] ar ghroigh do [ghrándoghadh]


35 Dual ót athair

a Fhionnghuala, a fholt maoithghleannach,

bheith ag díol dámh,

an fíon ’s an dán do dhaoircheannach


36 Dual dod bhais bhláith

bheith don aos dána ag druineachas

ceird cridhe ar crioth

gach file ar bioth dod bhuidheachas.


37 Dual duid dá mbeath

- ní budh beag d’fheidhm ná d’ordughadh -

Banbha ar do bhreith

mallbha agus eich ar mh’ordughadh


38 Dual duid mé id thig

ag toirbheart chliar gach chineadhaigh

d’fhoghluim ionnlais

ag comhruinn ionnmhais d’fhileadhaibh.


39 Th’ór is th’airgead

agam uaid ag a thiodhnacal,

gach ní fa nimh

dá mbí id thigh ar mo thiodhlacadh


40 Dual duid gach dámh

do dhol leam d’fhéachain th’fhinntighe

tú ag réir a rann

gan chléir ann achd ar mh’impidhe.


41 Dual duit gach magh

’s gach móin go dtolchaibh tiormruadha

lán dod lachtchrodh;

slán fat fhalcadh, a Fhionnghuala. Slán.