firstLine"; ?>

1728. Slan uaim ag oilean Padraig $
Length: short 8qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. relig. cp
  2. praise of church
Manuscripts:
  1. NLS Adv MS 72/2/14 ?cent.
  2. TCD 1346 (H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
  3. NLI G 32 Conchobhar O Conceannain 1766
Prints:
  1. transl. L.McKenna, St Patk’s Purgatry 1932, 172-3
Motifs:
  1. pilgrimage
  2. description of church site
  3. bile, sacred tree
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (NLI G 32)
  2. Fearghal Og (NLS 72/2/14)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Padraig
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Slán uaim ag oiléan Pádraig


[L. McKenna in Shane Leslie: St. Patrick's Purgatory, 1932, 172-3]


Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.


1 Slán uaim ag oiléan Pádraig

tar Fhódla an fhuinn ghealfhádbhuig

gé a-tú ag luadh imtheachta as

uadh nír inleanta an t-eolas.


2 Slán ag eaglais an Uird ghloin

a-tá i n-oiléan an éarlaimh

tarla mo dhóigh ’n-a deimhin

Róimh gach anma d’fhóiridhin.


3 Ní leasg a [bpian] ní sgéal sgeoil

a-tá i n-oiléan an Fhíreoin

imtheacht uaidh is dál dolaigh

slán uaim ag na hiomdhadhaibh.


4 A-tá i n-oiléan an fheoir bhuig

iobhar bláith fa mbíodh Pádraig

deacair cládh uaidh gan osnaidh

slán uaim ag an iobharsain.


5 A-tá san oiléan oirdheirc

uaimh leighis lucht uabhoirnirt

a grádh do-chuaidh trem chridhe

slán ag an uaimh ainglidhe.


6 Linn Pádraig far pianadh me

slán uaim re n-imtheacht aici

’n-a ceann is soibheirthe sionn

ceann oilithre na hÉireann.


7 A-tú ag imtheacht uaidh tar ais

slán ag Loch Dearg tre dhíoghrais

cuan na sroth ngainmhidhe ngeal

loch ainglidhe na n-aingeal.


8 Slán ag Pádraig puirt nimhe

an t-éarlamh ard ainglidhe

ní cóir gan dol i n-a dhál

dá thol do fhóir gach easlán.