firstLine"; ?>

1732. Sluagh seisir tainig dom thig $
Length: short 12qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. satire
Manuscripts:
  1. TCD 1403 (H.5.32) 17th cent. ?
  2. TCD 1381 (H.5.9) T. O Reilly 1684
  3. BL Add 40,766 Fermanagh late 17th c.
  4. NLI G 127 R. Tipper 1713-15
  5. TCD 1419 (H.6.15) M. Newby 1714-15
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 44
Motifs:
  1. description of clothes
  2. description of weapons
  3. Satire on personal appearance
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall mc Chairbre (BL Add 40,766)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (‘Tadhg D.OhUiginn’ TCD1381
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Sluagh seisir táinig dom thigh


Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 44]


1 Sluagh seisir táinig dom thigh,

do-bhéar uaim iúl an tseisir;

tearc do lacht mé arna mhárach

ó thart na sé sealánach.


2 Dob fhada riamh roimhe soin,

do réir dhóchais, nách deachaidh

greim do bhiadh bó ’na mballaibh,

an triar ’na dhó adubhramair.


3 Táinig díom - ’sis dainimh soin -

a mbreith ó bhás go beathaidh,

mo lacht d’ól nocharbh fhuráil,

ar mhór tart an turaráin.


4 Díoth orm is éigin orra -

atú i n-amhghar eatorra;

ceilt na rannsa is deacair dhamh,

sás peacaidh damhsa a ndéanamh.


5 ­Ní i bhfolach is fearr an aoir

gi bé thuilleas a thathaoir;

mar do aor mé an sluagh seisir

ní dual gan é d’innisin.


6 An céidfear do-chonnairc sinn,

dob fhearr culaidh don cheithirn;

giolla dár lór bonn dá bheirt,

nachar lom ól ná imbeirt.


7 An dara fear mar fuair mé

táinig i dtús na buidhne,

fear truagh léar tréigiodh a smior,

ní léigiobh uam gan áiriomh.


8 Dob í culaidh an treas troch -

seangha agus tuagh bhog bhearnach;

é ’sa bhunaidh tuaighe i dtroid,

mo thruaighe an chulaidh chomhraig.


9 Culaidh an cheathramhadh fir,

do ghluais leó lán do sgitil,

ceithre croinn trasna ar a thóin,

nár bhoing casna do chusbóir.


10 Le cois an cheathrair oile

tig an cúigeadh cladhaire,

go léine ghiorr nár gheall buinn;

dar liom níorbh fhearr a fhalluing.


11 Munadh giolla nárbh fhiú fridh

do bhí le cois an chúigir;

fear fothana go ngné ghloin,

dob é an drochara ar ndéachain.


l2 Guidhim Dia do dhoirt a fhuil,

ós é a meath bheith ’na mbeathaidh -

ní mór gurab marthain sin -

nár marbhthair an sluagh seisir.