firstLine"; ?>

1733. Soidheach balsaim bru Mhuire $
Length: short 11qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Francis. A 9 15th cent. (later addition)
  2. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
  3. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  4. RIA 151 (23/D/13) S. MacSolaidh 1713
  5. TCD 1325 (H.3.6) Stephen Rice 1714
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 9-10 (no. ix)
Motifs:
  1. envoi to Michael archangel
  2. imagery for BVM
  3. imagery for incarnation
  4. kinship of BVM with humans
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (Mayn. C88,
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh RIA 151)
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Soidheach balsaim brú Mhuire


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 9]


Don Mhaighdin Mhuire


1 Soidheach balsaim brú Mhuire

corn lán as lia trócuire

soidheach na ngrás as ghlan deoch

níor fhás sal ar an soidheach.


2 Soidheach as mhilse ná mil

ann do cuireadh Rí an ríchidh

soidheach as ionchuir fá fhíon

soidheach iomchuir an Aird-ríogh.


3 Níor chum ceard soidheach mar soin

corn as uaisle [lig] lóghmhair

rosg gorm na ngruadh-chroth ngairthe

corn na mbuadh-chloch mbeannaighthe.


4 Soidheach óir as uaisle fleadh

as tháinig triath na n-aingeal

gaol-toil as ghloine ná an ghrian

moire nar aontuigh ain-mhian.


5 Corn dearg-óir na ndeoch mblasda

fleadh nimhe is as íobhad-sa

corn áluinn as aoibhne deoch

[tábhuill] ar [Saoir-ne] an soidheach.


6 An bhrú ghlan ór geineadh Dia

aiste tháinig mac Maria

do b’í ionadh a [altra]

clí iodhan na [humhlachta].


7 Ní hionann éin-bhean eile

’s máthair mic na maighdeine

beag do shantaigh mo shiúr ghaoil

iúl ar an-tail ná ar an-aoibh.


8 Ní maith thuillim teagh nimhe

d’fhagháil acht le himpidhe

Rí an toighe nár thréige me

’s nár thréige Moire mise.


9 Máthair phrionnsa an phuirt neamhdha

bean as bhuime an tighearna

[bíodh] teann ar mo theacht don taigh

ní ceart as fhearr dom iarraidh.


10 Muna bhfuil aon-chaoi aile

lé dtuillfinn a thrócaire

lór goire mo ghaoil dot fhear

id thaoibh a Mhoire maighdean.


11 Dá ndearna maor Ríogh na ríogh

comhthrom [ag] meas mo mhí-ghníomh

mo dhaoradh is é as usa

baoghal a Dhé an díomus-so.