firstLine"; ?>

1736. Sona do cheird a Chalbhaigh $
Length: short 15qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Scotland ?
Classes:
  1. satire
  2. poem on a poet
Manuscripts:
  1. RIA744(A/v/2)C. MacMuireadhaigh 1640
Prints:
  1. transl. Celtic Studies, Carney & Greene, 51-5
Motifs:
  1. subject’s capacity for wine-drinking
  2. criticism of another poet’s skill
  3. decay of old poetic learning
  4. Etiquette, table-manners
Poet Christian Names:
  1. Cathal (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. MacMuireadhaigh
Patron Christian Names:
  1. Calbhach
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format




Sona do cheird, a Chalbhaigh


[Greene, D.: ‘A satire by Cathal Mac Muireadhaigh’ in Celtic Studies, Essays in memory of Angus Matheson 1912-62, eds. J. Carney and D. Greene, 51-55]


1 Sona do cheird, a Chalbhaigh,

a ghiolla dhuinn dheghadhbhraigh,

tarrla d’onáir is d’ágh ort

gabháil re dán gan docracht.


2 Maith an ceird do thogh tusa

d’fagháil muirne is macnusa,

dénamh rann gan chóir ccertuis

a n-am óil is oireachtais.


3 As sona trá tarrla dhuit

gan amus d’foghluim orrdhuirc,

bheith fa lán mogha go mer

le dán dona gan dénamh.


4 [ ] tagra ar ghnás nó ar ghirre

gan fheitheamh d’iúl fírinne,

[ ] sonas nach lér libh

’s donas gan shén ar shaoithibh.


5 [ ] daoibh

le conntrachd dána díamhaoin

[ ] cháigh

ad mhionn cod [ ] is comhráigh.


6 Dá n-íosda da mhéis do mhuic

créd sin acht obair oirrdhuirc?

Uaibhse dob fherr ar domhan

geall ar uaisle ag th’ealadhuin.


7 Cur do bhriathar bun ós cionn

fuair siph do choimes choitchionn,

’s beith ar uair n-óla go lemh

córa no duan do dhénamh.


8 Gé bhuailfeá fer an tighe

d’im nó d’feoil go haingidhe,

badh cóir sgoláir do rádh ribh,

clódh ar th’onáir ní héidir.


9 Níor chuir Dia ad dheoigh do dhochar

anmhuin ris an altachadh

gan bhúain briuais da gach bord

a n-uair niuais do nemlorg.


10 Bheith a ccomaidh gach iarla

daoibhsi as rabhadh rímhiadha,

go cur ghreama muin ar muin

’s do theanga ag bleith re briathraibh.


11 Truagh trá nach derna misi

amas ar iúl th’aisdisi,

le céill gan chert gan chuma

’s gan techt ar fréimh foghluma.


12 Tréigim dlaoi an dána dhírigh

mar fuair sinn ’sna seinnlínibh,

’s bím ad t’ord go nuaidhe a-nos;

buaine iná an lorg dar lenas.


13 Leanmhuin ghlún nginelach cáigh

fios a n-einigh is a n-iomráidh,

dob ferr dhúinn dul red tréidhibh

’s cúl do chur rér gcéidchéimeibh.


14 Maith an tráth dá dhénamh dhúinn,

dá bhfédmaois, ar n-iúl d’iompúdh,

’s gan sbéis ag duine dar ndán

d’éis na cruinne do chaochládh.


15 Ceird an Chalbhaigh acht gidh cóir

dul ’na seilbh budh dál dobróin,

do-gheibh ór is annsa dho

dhamhsa go mór as meso.