firstLine"; ?>

1737. Sona re hAodhaibh clann Conoill $
Length: long 38qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. irresistible attractions for women
  2. imagery for poets (sriubh)
  3. liberality to poets
  4. prowess in war
  5. War with English
  6. land as king’s spouse
  7. fertility in reign
  8. king’s officers (maor)
  9. legal terminology (cairt , agra)
  10. ‘aonach’?
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Gofradha (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Sona re hAodhaibh Clann Chonaill

[NLI G167, 141]

Mac an Bháird Eoghan mac Gofradha do rinne an dán-sa d’Aodh mac Maghnusa

[Séadna, Dán Díreach]


1 Sona re hAodhaibh Clann Conoill

clú anma nir isligh síad

cur ’na ccenn ni cnesda d’aoinfhuil

tenn fesda as a nAodhaibh íad.

2 Ni fáth maoidhimh méd a n-áirimh

d’fuil Chonuill ni cunradh sáor

ni doigh béin fa eidhriocht oinidh

do sheinsliocht Neill Oiligh d’Áodh.

3 Teid a mian ris na mnáibh oile

d’iarraidh lendáin san leith thuaidh

súil mar gach mnaoi ag tealaigh Temhra

i bferaibh craoi Emhna d’uaim.

4 Cairt an Airt-si[n] ar fhiadh cCobhthaigh

cóir do lean ar a lorg súd

ni bhia ’na chairt re cloinn nÉimhir

acht roinn an Airt Einfhir úd.

5 Beirid céim i ccoinne ollaimh

ar n-adhnadh d’fuil aighthedh ngeal

fógraidh gruaidhe fine Earca

file nuaidhe ar ttechta as-tegh.

6 Ni mór labhruid i láibh coinne [142]

clann riogDhálaigh na ruag tte

do fógradh lón míleadh Macha

ríbhen ag clodh datha dhe.

7 Beag budh cóir a chur a n-iongnadh

iath Bóinne fa bhreith a mhaoir

tar a bfuil da fhaltaibh orthaibh (orthaibh)

nir altaigh fuil Chobhthaigh Chaoil.

8 Ar sgur eachtra f[h]ine Chonaill

re crích bhiodhbadh ni bhí a ttnúth

beirid cách a-mach a máoine

do sgáth re ccath nDaoile a dún.

9 Tuigfid tóir ar tteacht da n-amharc

d’fein Daoili mas decair buing

geall gan deacra o mhnaibh ar mhoilli

i láibh deabhtha Chloinne Cuinn.

10 Do chur áigh ni iarraid brosdaidh

gi be dhiultus dul a bfeidhm

ni horra as cóir cengal eachta

dan gealladh fóir bhearta i mbeirn.

11 Do fhéach a-nois nós an tuaisgeirt

a thoil tar ais ni (bf)uair

re a bfuair ollamh o fhein Doire

reidh a mbronnadh oile é.

12 Rún diomdadh fa dhaoire a n-ainbhreath

biodh ’gun tí len trom a ccion

beg nach cuma re crú Éanna

cumma r(i)ú no a n-éara d’fior.

13 Gar mealladh don mnaoi-si Thuathail

ga toil mná nach meallaid súd

iomdha red cheird i ttreabh Temhra

ag seilg fer na hEmhna úd.

14 Nós na ndaighfhledh dol i ttendáil

fa thaobh bruighne buailter sriobh

teine ar a béalaibh do bheataigh

féagain fleidhe í Eachaigh d’fior.

15 Fuair a dhíon do dhruim a bhriatar

brugh Danar go ndeachaidh sáor

ar ttecht fan teagh d’ógbaidh Uladh [leg. Oiligh?]

fógraidh bean a hoidhir d’Áodh.

16 Sgéla a bfedhma re bfhéin Bernais

mar bhíos tes ag techt re gréin

luath táinic a cclú on cliathaigh

sul táinic crú Fiachaidh féin.

17 Neach ag teigen tighe caithmhe

cuirm don Aodh-soin an uair tug

gúais a mhuirir ar fhear fleidhe

fleadh go bruighin roimhe rug.

18 Fios a mbuadha do bhí ag Sioghmall [143]

seóid uaisli ararbh oirches dóigh

benaidh derca a henaibh áinleadh

feagadh ferta failgeadh n-óir.

19 Fáth as nach baoghal breith ainbhreath

iath biodhbadh do bheith fad thoil

giodh mór re a cuimhne cion t’aithreadh

[budh] doilghe d’fior t’aithcion air.

20 Tonn nar laghdaigh an lán mara

magh Bóinne ni beanta dhí

mithidh trágadh dot thuinn fhaladh

ar mbádhadh fuinn Danar dí.

21 Giodh mór a hagra ar fhein Bernais

ben Eimhir do fhillfed rú

congbhaidh do dhúil luighe ar luachair

o chlúimh toighe Tuathail tú.

22 Luth h’eachraidh tre fhaithche ríghdhúin

do rún rioghna rug a ghlas

greadh sa[n] raon dot char tar chainte

do an taobh red fháilti as.

23 Tú re bfeinnéadhaibh fed amhairc

an fherg mhall gur mhínigh troid

lamha glia(i)dh ar omhan t’fheirge

nir róghar fian derge doid.

24 Fian Danar i ndeoidh do chomhloinn

re clár Temhra tugsad druim

cuiridh lúadh do ghleódh re Gallaibh

suan gan cheól ar chlannaibh Cuinn.

25 Tig dot omhan ar iath Taillten

tuir chorra do chur o a ndrud

díol do chomha an t-amm nar hedadh

barr brogha gan téagar tug.

26 Ni faghur dhóibh diol a n-ainbhreath

ealbha laoch gan locadh áigh

créd as geall daor ris an dornchladh

do mháor ar cenn chomtadh cháigh.

27 Tainic is-teach ar thóir mbiodhbadh

gi be hitche iarraid féin

ar guidh dot fhein a ttráth tresa

do chách fein as nesa a neimh.

28 Ni reidh cuirt od chlochaibh tábhaill

gan teacht ar ais anfaidh síad

re méd na cclach cuire cuimhrigh (?)

duine a-mach ni athraigh (?) íad.

29 Do shúil ionmhoill oidhre Mághnais

mes go talmhuin tug a mbarr

do mhéd muirir na ccleath ccúmhra

guidhidh neach gan ubhla ann.

30 Fiodhbhuidh fhiar go n-iomad mblátha [144]

ag bárr toraidh tárla i ngúais

tainic do mheas mhuighe Dáoile

nach fes duille craoibhe cnúais.

31 Tearc da sédaibh ag Siol cConuill

cur re a tteisd ni tarbha d’fior

do sgar a ccradh rer ccrú Airt-ne

ni an an chnú as aipche ar fhiodh.

32 Do dheithbhir cen Chloinne Dálaigh

deireadh fleidhe fágbaidh siad

tainic do mheas mhuighe Dáoile

nach fes duille craoibhe cnúais. [= 30cd]

(verse 33 is a repeat of verse 31 with minor differences.)

34 Go sgur d’foghail oidhre Siubháin

suil cáich re caomhna a ttor

feadh an amhairc o fhóir Mhacha

tóir a malairt dhuit [leg datha?] ag dol.

35 Dol da laoidhibh ag léim beárna

brosdadh con re ccleachtar s(l)eilg

gnáth gach cú ar bélaibh a buidhne

féghadh rer ccrú Cuinn-ne ceilg.

36 Maith na comhtha do chrú Dálaigh

a dhúil diomdha deireadh láoi

go reidhigh (?) neach re hua nEachaidh

ar thech nua ni dheachaidh dláoi.

37 Sé tar tuinn ag saighdeadh eachtrann

ar iath Logha lór do chairt

fine Gall fa thoirrches tuirsi

clann oirches don fhuil-si Airt.

38 Fogus dóibh a ndeireadh foghla

fine Cuinn ar ccreideadh dhó

cuirit ar triall fedhma fínit

go fiadh Temhra sínid só. Sona...