firstLine"; ?>

1738. Sona sin a chlanna Cuinn $
Length: very long 48qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 with additions
  2. RIA 72 (3/B/14) M.OgOLongain trscrBOH
Prints:
  1. transl. McKenna BOH no. ix
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to other patrons
  3. envoi toBVM Peter &Christ’s breastwound
  4. imagery for patron
  5. qualities of character
  6. liberality to poets
  7. ?fianbhoth q.27
  8. prowess in battle
  9. spartan life of warrior
  10. imagery for kingship (buachaill)
  11. Inauguration: coroin riogh
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Cormac
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Crionna: Tadhg takes Luighne
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Sona sin, a chlanna Cuinn


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 9]


An Fearghal Óg Céadna (Mac an Bhaird)


1 Sona sin, a chlanda Cuind;

a-tá oirbhsi a gclár Criomhthoinn,

fonn solus na ngéigfhiodh ngeal

sonus nach éidir d’áireamh.


2 Sona dhaoibh mar táid thalloin,

a chlanda Cuinn chréachtlannoigh,

sluagh ríoMhumhan ag roinn ribh,

croinn dob fhíorumhal d’éigsibh.


3 Nach cuid dá bhur sonus sin?

táinig Tadhg ma Céin chugaibh

a hiarmhumhain na séd sean,

gég ó ghrianbhrodhoibh Gaoidheal.


4 Ó bhur ngaol re Tadhg Teamhra,

a shíol gCuinn chláir sheinEamhna,

nír fhéd líne ridhe ruibh

fa ríghe thighe Tuathuil.


5 Tadhg mhac Céin an chúil sgathoigh

Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathuigh

a sheanmháthair as sí sin,

rí ó eangráthaibh Uisnigh.


6 Táinig Tadhg do thaoibh a ghaoil

ó thuathaibh Caisil chollchlaoin

a-niar go Cormac Cláire

dondshlat ó iadh fhiondMháidhi.


7 As sé Tadhg mhac Céin do chuir

fa cheann saoirmheic Airt éachdoigh

coróin ríogh fionnmhoighe Fáil;

díor an ionnmhuine dh’admháil.


8 Ar son Chormaic cian ó shoin

tug seacht n-éachdchatha dh’Ultoibh

Tadhg mhac Céin, tuir na Teamhra,

slat réidh ó mhuigh mhínLeamhna.


9 A shé meic dég - dearbh in dáil -

’s na trí Fearghois - feidmh neamhnáir -

dáibh gá haird i narbh eagal

le láimh Thaidhg gur thuiteadar.


10 Leis do cuireadh - céim bloidhe -

cath Crionna ar chloinn Rudhroidhi

ar sgáth rígheidhre beann mBreagh,

ceann sírsheilbhe na sindsear.


11 Do iar diombudh fhola hÍr,

do-rinne Tadhg slios seingmhín,

críoch gnéshlim na ngormshlat ngeal,

Cormac ós Éirinn d’oirneadh.


12 A námha riamh roimhe sin

sona do mhac Airt Éinfhir

Tadhg dá oirneadh ós iath Fáil

triath nar toirneadh a tteagmháil.


13 Dá chéile ón lósoin a-lle

fine Chuinn ’s an chlann Chéinse

fa chrích móir bhformadaigh bhFáil

dóigh gor chonnmhadair combáigh.


14 Síol gCéin dá chomhartha sin

do an cuid díbh go deimhin

ón Mháigh goirmghil duind dathaigh

fa oighribh Cuinn Chéadchathaigh.


15 A rogha féin d’éis fhuirigh

do mhínLeith Chuinn chraobhdhuilligh

do thuill síol catharrdha Céin

díon dá n-atharrdha iaidséin.


16 Dlighidh síol gCuinn chosnas troid

- go deimhin as dó a-támoid -

ealbha na laochlann leaphar,

saorchlann Eadhra dh’uaisleaghadh.


17 Mó as daor do tuilleadh le Tadhg

ó shíol Airt na n-each mbeannard,

damhna ríogh mhoighe Mumhan,

a shíol uile dh’ardughadh.


18 Síol gCuinn na gcraoisioch bhfoirfi

ua Taidhg Cormac créachdghoirthi,

mun sédachadh um Bóinn mBreadh

a mhédachadh dóibh dlighthear.


19 As beithti dhóibh - dia do bhágh! -

dá eagla nó dá fhíorghrádh

ar tí uaislighthe fhir Bhreadh

na guaisbheithre ó thigh Thailltean.


20 Muna chonnmhoid clann Fhéilim

báidh Taidhg dá bhais bhláithmhéirsheing

a gcrích ghéiggil chuirmthigh Chuinn

tuillfidh ar éigin urruim.


21 Le sníomh colg, le corcradh ga,

maith as aithnidh d’Ó Eadhra,

tamhun cubhra ón ghormMáigh ghil

umhla dh’fhodhbháil ar éigin.


22 Tuilleadh umhlucht amhluidh sin;

meinig do chuir lúib luaimhnigh

buachoil leargmhoighe bruaigh Bhreagh

tre dheargdhoire chruaidh caoilshleadh.


23 Frais d’armoibh fa áit a shean

iomdha caithghleo nar caitheadh

ó Mhuaidh go sédphort Sionna

re héchdchorp í Oiliolla.


24 Sochar gan dochor ní dú;

meinig do dhoirt a dhonnchrú,

críoch bláth na dtiormdhoiri tte

ar sgáth liondmhoighe Luighne.


25 ’N-a lúirigh do loigheadh sin,

meinig do chleacht ól eighridh

agas cruaidhshneachta dá chorp

agos fuairleabtha gan adhart.


26 Do-rinne Ó hEadhra ar éigin

críoch Luighne in chláir chaoimhghéiggil

díon a shíothmhuighe mar sin,

fíocruinne na ngníomh ngaisgidh.


27 Nír fhéach d’imshníomh ná d’ól sreabh,

nír fhéch anbhuain ná dh’éigean,

cian do bhíoth a mbothaibh slat,

a chríoch gur chothaigh Cormac.


28 Do shíol gCuinn dá gcreidiogh soin

nach ffuigheadh uatha a hurdoil

do bhíoth ar cuimhne ag Cormac,

críoch Luighne na leabharshlat.


29 Olc do-rinde cineadh Cuinn

buain re himlibh a fhearuinn;

dá dhonnghlaic nar dháigh chogoidh;

báidh Chormaic nír chonnmhaduir.


30 Do cheangoil Cormac ó Cuind

- dá aicme ní hiul leathtruim -

báidh go bráth re caoimhchloinn Chéin,

na saorchroinn ó ráth ríNéill.


31 Ón deighrigh dá dhearbhudh sin

fuair Tadhg mhac Céin cuid chrandchoir

don chrích mhínghil um Bóinn mBreadh.

dá sgríbhnibh as coir creideamh.


32 Siobhul a eich re headh laoi

tug Cormac d’Éirinn fhéarnaoi

don ré thuraidh Tadhgmhac Céin,

ardshlat ón Mhumhoin mhínréigh.


33 A chongnumh féin feadh a ré

tug Tadhg - ní hiul gan fhínné -

tar chách do Chormac dhá chionn,

donnghlac ar nar ghnáth géibhionn.


34 A ndiaigh a bháis - ní bréag sin -

fa chur re síol Airt Éinfhir

tug fógra choidhche dá chloinn

fa Fhódla gcoirmthe gCriomhthoinn.


35 Feirde síol gCuinn a chobhair,

gríobh an aignidh éachtghonoigh;

do rígh Luighne an tráigh thaisghil

as cóir cuimhne an chadaighsin.


36 Do shíol gCuinn ní ceilte a bháidh

congnamh Í Eadhra d’fhagháil;

as feirde Éire uile,

céile leirge Liathmhuine.


37 As fiu a eineach ’s a oirbheart

as iomad a uasailbheart

nach cóir gaolbháidh dh’éra air,

an rélla ón chaolMháidh chréchdoigh.


38 Feirde an fine gá bhfoil báidh

re a ghruaidh ndrithleannoigh ndonnbháin,

bláth glainchleath muighe Meadhbha

ruire caithmheach claoinTeamhra.


39 Beithir chréchduch chleas ngoile,

éigne eiteadh n-órrdhoidhe

ó shruth úr míonchaol Máidhe,

ríochraobh dh’úr na hEasbáinne.


40 Géag do choillidh chnuic Áine,

damh dh’ealbhaidh fhóid fhionnGháille,

bláth na bhfeadh ó leirg Luimnigh

nar ghabh fheirg fa athchoinghidh.


41 Cormac sgáthán gach sgoile,

slat abhla chnuais chubhroidhe

d’fhiodhbhaidh Fhéile is eang Luighne

don fhéile as ceann comuirghe.


42 Gnáth leis ag díol dámh ndoiligh,

le hiomad a fhíoroinigh,

éd ar Caiteilín do chor,

gég dhaighceiníl na ndeorudh.


43 Achd re heineach Í Eadhra

Caiteilín cruth soidhealbha,

géis ón Bhúill chuirmthe chleithghil,

tnúidh uirrthe ní hairighthir.


44 Deirdre na tíre thalluin,

Eimhear fhréimhe Raghallaigh,

inghion Toirrdhiolbhaigh, glac geal

slat do ghoirmfhiodhbhoidh Ghaoidheal.


45 Mór Mhumhan a fréimhe féin,

fagháil a deargtha ó daoirchléir

dá gruaidh ní gar a-nosa;

an bladh fhuair ní hurosa.


46 Mág Aonghusa nar ér mhe,

truadh don bhás a bhuain dínne,

gég do-chuaidh tar chrú Rosa;

an clú fhuair ní hurusa.


47 Fa bhás Cuinn dreach nar donnadh

mór ríoghan as ríoghollamh

mór n-oireacht do bhuail bhosa;

toigheacht uaidh ní hurusa.


48 Saoradh m’anma d’éis mo bháis

go dtí do Pheadur príomhfháidh

’s do Mhuire is don chíoch corcra:

ríomh mh’uilcse ní hurusa.