Poem in printable PDF format
Aigneadh m’fhir
chomtha chridhe
O’Keeffe, J. G.:
’A portrait’ (from an unnumbered loose sheet of MS. in the
Franciscan Library), Miscellany presented to Kuno Meyer,
1912, 246-9]
1 Aigneadh m’fhir
chomtha chridhe
ná hiarr d’omhan
oirbhire,
más fhéidir go
bhfaghthaoi sin
éiten nach
faghthaoi a aithghin.
2 Uaigneach
aignedh Úi Fhiachrach,
macámh sírshéimh
sáimhbhriathrach,
bádhach le gach
taobh dá ttig
’s nach grádhach
ar aon d’fhichid.
3 Beart le gach
beinn don dhá chlár
go feadh na
fóirne dh’iompádh,
dearbhathuis a
dhúl do chuir
rún cearrbhachuis
mo chomthuigh.
4 Fear
luaimhnioch as linn ’s as libh,
lámh le gach
láimh as láidir
go feadh an dísle
do dhul,
fer as dísle san
domhun.
5 D’Ulltaibh a
ttráith a ttreise
an fer cumainn
croidheise,
do Chlár Meadhbha
uair eile
go huain fheadhma
a oirbheire.
6 Dubhghall é
’sas Gaoidheal glas,
ó Mhuaidh, ó
Fheoir, ó Fhorghas,
Muimhnioch ’sas
Midheach más neach
Lineach,
Luighneach is Laighneach.
7 É gidh Midheach
as Maineach,
Dátúnach is
Díolmhaineach,
fer cúplach,
Bannach, Béurrach,
Búrcach, Barrach,
Builtéarach.
8 Síonón
seininnse na bhfionn,
Iúdás oirir na
hÉirionn,
anágh cinnte dhá
chine
Canán mhillte a
mhuinntire.
9 Nír cumadh fá
choim na néull
ealta dá nach éun
eiséun -
acht amháin an
ealta ó bhfoil,
ferta más báidh
an bádhsoin.
10 Ná hiarr anos
’s anuraidh
dá oidhche é ar
aontulaigh,
gach tulach dán
goire grian
tulach an duine
ón duibhshliabh.
11 Tríd sin déun
ionnramh aireach
a ccaidreabh na
ccomhaidheach,
dár bhflaithne ná
feacadh fear,
deacar aithne na
naigneadh. Aigneadh 7c.