firstLine"; ?>

1740. Soraidh led cheile a Chaisil $
Length: very long
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA 16 (23/M/26) E.OCaoimh 1684-1707
  4. BL Eg. 111 F. O Scannail trscr. of RIA 2
  5. RIA 125 (23/E/14) S. O Dala 1846
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 68-73
Motifs:
  1. Envoi to other patron
  2. envoi to Michael archangel
  3. qualities of patron’s character
  4. comparison with all others
  5. generosity to poets
  6. imagery for kingship q. 13 (aodhuire)
  7. territory as ruler’s spouse
  8. hanging criminals
  9. landscape in mourning
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (RIA 2, 16)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn
Patron Christian Names:
  1. Domhnall
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh, Earl of Clancare d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Magh Leana
  2. non-violent reign of Cathal mac Finghuine
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Soraidh led chéile, a Chaisil


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 52]


Ar Dhomhnall Mhac Charthaig


1 Soraidh led chéile a Chaisil

maithim dod dhóigh dhíoghraisigh

sgiamh dhubhach ní hiongnadh ort

a thulach fhionn-ghlan éadrocht.


2 Do léan cia leis nach cluintir

do chaillis do chéad-mhuintir

a bhean chomtha clann gCarthaigh

is rann orchra d’Eoghanchaibh.


3 An cineadh badh dúthchas daoibh

Clann Charthaigh nar thuill tathaoir

ní fhuil gaol-bhuain na riogh ribh

fo-ríor a chraobh-ruaidh Chaisil.


4 Créad an cor-so ar a bhfuile

fós a ráith na ríoghraidhe

do dhreach ag dul i ndorchacht

gan sgur each ’na fhos-long-phort.


5 Aithnim gurab díoth daoine

is mór adhbhar t’éagcaoine

thug dubhadh ar do ghnúis ghil

cúis do chumhadh a Chaisil.


6 Gan lúth laoch gan ghraifne greagh

gan ghuth aoinfhir d’fhuil Gaoidheal

mar taoi a adhbha na n-eang sróill

dar leam is damhna dobróin.


7 A thulach ghrianach gheal-tais

do bheirt áluinn oireachtais

a-tá na beirt dhorcha dhuibh

ceilt bhar n-orchra ní fhéadthuir.


8 Aoin-fhear dod chloinn Charthaigh féin

a thulach na ma[gh] mín-réidh

ní fhagha tú a threabh Chaisil

ná bean don chrú chéadnai-sin.


9 [Sir] céile Gaoidhil nó Goill

a Chaisil i ndiaidh Domhnoill

ná tabhair feasda súil síar

teasda cabhair múir Mhaicniadh.


10 Ní fhuair Caiseal chloinne Cuirc

ná fonn leamhna an fhoinn ordhuirc

le hár foirne dar fríoth ann

díoth as doilghe ná Domhnall.


11 Ar cheannach each is fhíona

’s ar bhronnadh nduas ndoi-dhíola

triath na múr fa Mhagh Leamhna

níor ghar tnúdh [rem] thighearna.


12 Ní fhuair aoin-fhear dar fhás riamh

i n-iathar Mumhan Maic-Niadh

geall einigh uaidhe dá bhfuil

Guaire deiridh an domhuin.


13 Fonn Leamhna na learg síthe

fá sgaoiltear sgeoil [c]loigcríche

ó nach mar aodhuire an fhuinn

gach aonduine [ag] cur chuguinn.


14 Triath Béara agus Caisil Chuirc

is triath Ealla an fhoinn ordhuirc

is é do arduigh Bóinn Bhreagh

[is do] laghduigh glóir Gaoidheal.


15 Tonn Chliodna thríd ag tuile

tonn [Tuaighe] tonn Rudhruidhe

tuigthe ar chumhaidh na dtrí dtonn

rí ar a Mumhain nach marann.


16 An barc gá mbrisdear a sdiúir

ní théid sé acht ar séad ain-iúil

Clann Charthaigh is amhlaidh so

gan chabhair anfaidh aco.


17 Do bhéaradh Domhnall re ndul

dámadh leis toice an talmhan

dar ndán ar eachaibh ar fhíon

lámh nar dheacair do dheigh-ghníomh.


18 Dámadh í Éire uile

do bhreith sgol Fhóid Úghoine

do deachtfoidhe dó mar roinn

budh mó deagh-croidhe Domhnaill.


19 Triath budh fhearr modha maordha

is glór milis míon-aobhdha

ní rug a [aobhdhacht] é as

dob’ é [a] aon-locht a fheabhas.


20 Ní fhaca a ionshamhail soin

acht éin-rí a-mháin don Mhumhain

do chineadh mhaith Mogha Néid

sona mar fhlaith a leithéid.


21 [Tarla] ann aimsear oile

Cathal Fionn mac Fionnghuine

na rígh ós Mhumhuin mhaighrigh

san tulaigh mhín mhogail-ghil.


22 Rí do b’fhearr eineach is iocht

rí do b’fhearr uaisle is oirbhiort

rí gá ndubhradh neart a-nall

an ceart do chongbhadh comhthrom.


23 Gér mhaith smacht Cathail ar chách

ní chuireadh ar aon ursgáth

cuid do shochar Gaoidheal nglan

aoin-fhear ní chrochadh Cathal.


24 Ní dhearna cogadh ná creach

ní rug ar aoin-fhear ain-bhreath

Mac Fhionnghuine fa fhearr sdair

ós cheann fhionn-mhuighe Fhiachaidh.


25 Ní dearnadh fionghal ná feall

re linn Cathail na gcéimeann

[ní] sgui[readh] aon-duine d’ar

aodhuire muigh[eadh] Mumhan.


26 Ba lán d’iasg gach inbhear faoi

ba torthach clár gach chonntaoi

lom-lán do bhliocht ó gach bhoin

ó chiort chomh-lán do cho[ng]aibh.


27 Do bhí an Mhumha [mar sin seal]

le linn Domhnuill fa dheir[eadh]

ar iath [níorbh] uaibhreach [ndála]

mo thriath suaimhneach síothchána.


28 Ní raibhe cealg ná cogar

níor ghnáthuigh sé an síor-chogadh

réidh gach aoin-fhear d’iath Luighdheach

re triath ndaoineach nDeas-Mhuimhneach.


29 A dheagh-croidhe a chomhrádh caoin

a ghnúis réidh nar thuill tathaoir

[ré] linn mar thánaig is-teagh

do bhrághaid ghill na nGaoidheal.


30 Iarla uasal chlann gCarthaigh

nar chuir fhraoch na fhreagarthaibh

acht d’oirbhire Dé nar ndeoidh

dob’ é an coill-bhile cineoil.


31 Aird-rí Leamhna na learg dte

saoth liom-sa é gan oighre

’s clár Oilill i ndál dorcha

lán don fhoirinn iasachta.


32 Do dhéanuinn díbh a dhaoine

dar dual Domhnall [d’éag]caoine

ar cheann deagh-shlóigh fhoinn [Fhearghna]

seanmóir do dhruim doimheanma.


33 Do bheir Dia saoghal is sliocht

d’fhear gan inmhe gan oighriocht

breatha [díre] Dé Athar

do [ríne] é d’ordachadh.


34 Minic rí cóigeach gan chloinn

do ghrás Dé dia do dhoghruing

ó Mhac Muire a-nall do nimh

is clann ag duine dhaidhbhir.


35 An tí budh fhearr inmhe ar bioth

móide as comhthrom Dia dúileach

teagmhuidh nach beath oighre air

[cia] doilghe breath dar mbreathaibh.


36 An bhreath ro-chomhthrom rug dia

a bhuidhe re mac Maria

do bhean sí fa-ríor [rinne]

is fíor gurbh í an [aislinge].


37 Ní cóir a gcur i n-iongna

breatha tromdha an Tighiorna

le hadhbhar do ní gach ní

Rí an talmhan acht nach tuigthí.


38 Do thuilleamar é fo-ríor

beith gan chloinn d’fheirg an aird-ríogh

glóir don Rígh do roighne rinn

ar dtír gan oighre i n-Éirinn.


39 Sinn féin do thuill an turus

ar Críosd ní cóir amharus

mairg nach dearn[a] réir an Ríogh

ar meanm[a] féin is foirbríogh.


40 Neimh-chion ar dhuille an domhain

cion ar fhíon ’s ar ealadhain

cion ar eachaibh aird ar mhnáibh

mairg [dá] ndeachaidh i ndíoghbháil.


41 Ni dóigh caladh fan gCarthaigh

d’éis rígh-réime ríogh-Charthaigh

ní dóigh féagain cuain Cliodhna

fan sduaigh gcéadaigh gcaithiordha.


42 Sruth na Máighe magh n-uaine

sruth na Sionann sreabh-fhuaire

sruth Daoile do chlaochló cruth

aon-chló caoine na gCarthach.


43 Beidh ar Mhumhain ’na dtóir dtroim

aibhne dúthchasa Domhnoill

Siúir is [Beoir] agus Bearbha

na dheoidh fa dhúil doi-mheanma.


44 Triath budh mhór muirn is meadhair

saoth leam-sa i n-úir Oirbhealaigh

damhna rígh-ealbha ó Loch Léin

mo sgoth fhíneamhna ei-séin.


45 Fear ceannaigh na gcrann bhfíona

urra na nduas ndoi-dhíola

mairg don Mhumhain ré ndealuigh

i dtulaigh aird Oirbhealaigh.


46 I mainisdir Locha Léin

gidh mór do chuaidh dá céid-réim

glúin as uaisle don fheadhain

uaim-se fa úir Oirbhealaigh.


47 Clann Uisnigh nó óg-chlann Lir

nó clann Tuirinn uair éigin

doilghe ná caoine na gclann

coimhne na ndaoine ar Dhomhnall.


48 Ní dúin nach damhna sgíse

faigsin poirt na Pailíse

dursan tulach na bhfíon bhfuar

fo-ríor go dubhach díombuan.


49 Eoghan Mór ar Magh Léana

do thuit gérbh fháth aithmhéala

do bhí oighre ’gan fhior thall

a-niodh is doilghe Domhnall.


50 Domhnall Mór cuing[idh] na gcreach

Domhnall Ruadh rí na nóis-bhreath

gér dhíol coimhne an conghlann fear

doilghe ar nDomhnall fa dheireadh.


51 Rann iarcomairc uaim d’Ú Chaoimh

a-tá a fhios i ngach éan-taobh

fada do chóidh an ceart-so

cóir aga ar an oighreacht-so.


52 Fearg aird-ríogh nimhe na néal

cuirim a cosg ar Mhíchéal

m’fhear iúil ag labhra liom-sa

sdiúir gach anma an t-aingioll-so. SORAIDH