firstLine"; ?>

1742. Soraigh leat a Leac Shnamha $
Length: middling 22qq (frag.)
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. NLI G 140 M. Troy, R.Tipper 1724-40
Motifs:
  1. comparison with all others
  2. liberality to poets
  3. contrast btn former joys & present grief
  4. Sin and penitence
  5. biblical allusion
Poet Christian Names:
  1. sname only (NLI G 140)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn
Patron Christian Names:
  1. cname only
Patron Surnames:
  1. FitzMaurice of Lixnaw
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Soraidh leat, a Leac Shnámha

[NLI G140, 559: breaks off on page 557 at q. 22 with catchword ‘Tug’

Ó Dálaigh Fionn cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Soraigh leat a Leac Shnámha

mairg a-ta d’éis t’fágbhala(dh)

damhna cáoi a f[h]innlec oirdruic

mur taoi an fhinnlec ogoirghlic.(?)

2 A róimh fhileadh Chláir Chobhthaigh

do-chuadhais dod chomhurthaibh

a (l)leac fa ttarla(dh) a(i)r ttuirse

labhra leat(h) da leamhuin[n]-si.

3 Do-conairc tu uair éigin

a chúirt gheal goirméidighs

’s nach bhfaca tegh mur thusa [558]

a treabh dhat(h)a dúthcusa.

4 An uair dob aithnidh dhúinne

tusa a fhinngheal aolnuighe

as tu róimh oinigh dob f[h]err

do thoighthibh óil na [h]Eireann.

5 An tú lec na lo(i)ng bfion(n)a

’nár mhinic dáimh dóidhíola

na ferchoinge a mbiath breis

fa triath merchloinne Mhuireis.

6 Más tú [do] bhí an uair-sin ann

a lenáin Túa(i)th(e) Dé Danann

ní mhairenn leat[h] uaisle [leg. uaille?]a fríoch [leg. -th?]

a bhúaile créach na ccoigríoch.

7 An t[e]imhel-sa as do ghnúis gil

a Lec Shnámha an fhuinn úaigni[gh]

mur taoí á adhbha na slat sroill

da(i)r leat is damhna dobróin.

8 Dursan liom a Lec Shnámha

mur ta cionn do choinnmhala

áitrebh geal na n-ursan n-aoi[l] (?)

dursan gan t’f[h]er ad f[h]och[r]aoibh. (?)

9 D’éis a bhfuaruis d’aoibhneas riamh

ionnat a ráth na rioghíall

bheth dod chóir is dúbhach dhúinn

a thulach bróin na mbarún.

10 Ge bé do-chíthfedh do chor

a chuirt chaomhgheal na ccura(i)dh

diomb(h)aigh gan caoinedh fad chenn

a lenáin aoidhegh Érionn.

11 An chúirt-sin do chlecht mise

minic (f)uarus innte-si

rinn menman muirnn is macnuis

oruinn [leg. oirn?] go nderna[dh] dioghaltus.

12 Minic fuarus fíon fúars

ad chuirt muirnn air marcshluaghs

an fíon do ibhinn a hór

dlíghim a dhíol re dobhrón.

13 Minic fuarus fein sa [brugh] [557]

sord do gach aonfhíon uasal

aig so an fíon gan aire air

san bhaile a mbíodh do bhámu[i]r.

14 Minic do-chínn uair eile

a rioghcúirt Chláir Chíarruighe

aos [leg. sás?] cumtha gacha céirde

gan urchra a ccás Gaoidheilge.

15 Minic do bhí medhuir mhór

san teigh-so a-ta air annsódh

do bhí cion lá[oi] [s]an bhfion(n)bru(i)gha

ge ta[oi] a-niogh go neimbhríoghmhur.

16 Minic do bhí san mbruighin

(a) (t)te(i)gh chaithmhe chláir Chíarr(th)uighe[igh]

sgor um chuinge[idh] chláir Féile

lear náir tuillimh toibhéime.

17 Tarrla(idh) dúinn air Dhábhí rí(o)gh

sgéal foirfe air nach dúal dimb(h)ri(o)gh

denomhar ní iongna dhuinn

iomdha sgéal as an sgribtuir.

18 Fuair air ttuis toil a mhenma

mur tharrla(idh) dha thigherna

triath é nair ceileadh a chion

se fá dheiredh gur díbríogh [leg. -readh?].

19 Do cuiredh e air fhuirinn bhig

d’éis a ionnarbtha a n-eagibh

a n-íoc a pheca[dh] mhó(i)r mhíon [leg. mhion?]

clod nár dheca(i)r don Dúilibh [leg. Dúileamh?]

20 Ferg Críosd o do-chonairc ris

Dáibhí rí(ogh) dob ferr iris

ní do uaislibh [leg. uaisligh?] a fhine

do-ní an uair-sin d’a[ith]righe.

21 Ma ta gur taidhbhseach a choir

a chionnta an uair do adoimh

fuair do bhrí[o]gh aithríghe an fhir

maithfigh[e] Rí[ogh] an(n) ríghthoighe [leg. Ríghthigh?].

22 Do-chonairc Criosd nach claon breath

mac Iese air [an] iul ndírech

tig(h) a croighe an fedh-sin féin

air chéstoibh eile an f[h]íréin.