Poem in printable PDF format
Suirgheach
Manchaigh le mac ríogh
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 13]
Eochuidh Ua
hEoghusa .cc.
1 Suirgheach
Manchaigh le mac rígh
ní serc risna[ch]
dtarla tnúdh;
ar cuimhne budh
cian a luadh
ní buan suirghi
riamh fa rún.
2 Brath céili
Tealcha Dá Thí
ar cradh ó chléir
cendchaidh gnaoi;
síol Eachaigh a
n-ágh is hé
ré lán nach
deachaigh fa dhlaoi.
3 Cnú mullaigh do
mhogal ríogh
ar Ulltaibh do
thogaibh tnúdh;
tig soin do
chomairce chliar
giall ór cCoin
Chondaichtne ar ccúl.
4 Ríoghan dá
ghrádh arna guin
do chlódh nach
dtiobhradh a tail
tig d’abhairsi
mná tar muir
gur chuir lá an
anaibhsi air.
5 Mac Siobhána
rélta ríogh
slat fhiodhfháis
an t-ésga lán,
do bhen a
foghaibh a bhfiar
triall folaigh ní
headh dob ál.
6 Cú Chondacht do
thanaigh tóir
cor clú gur
deacair na dhiaigh,
braoin fhola tré
éidiodh uaidh
ó a bhfuair
d’éigen gona a ngliaidh.
7 Aoidhe mná do
réidhigh ris
dál do dhéinimh
tara croiss;
tig bean na[ch
bh]fuirigh le feis
seal leis a
bruidhin ar boiss.
8 Sibh ag dol gan
ghoradh ngruadh,
a mhic Con
Connacht, ón chléir;
ní bhí aithne a
mac ag mnáibh
a haithle an áigh
lat do léim.
9 Líon gliadh ler
lingeadh gach líon
ad dhiaigh tre
ghrinneal a ngleodh;
ní foda ina réidh
gach rian
grian troda dot
fhéin dob eol.
10 Goradh
bruidhne fhaghladh uaibh
ar cuimhne ac an
mbanntrocht biaidh;
do lúdh gá
maoidhimh ac mnáibh,
gáir caoinidh fa
dhún ad dhiaigh.
11 Ben do thaobh
a toile ar ndul
an raon ad ghoire
gur ghabh;
gidh bé saoradh
do-bhir ben
seal ribh ’na
haonar do an.
12 Clann ríogh ac
dénamh ad dhiaigh
a n-éra fa chrích
do-cháidh;
gairm as-teagh fa
fhíon ar t’fhéin
do réir a ngníomh
ar fhedh n-áigh.
13 Nár dhóigh
deibhiodh a ndiaidh chen
bró sgiath ar
deiriodh ac dol;
tú is foide ar an
áth do an
mur oide ag car
sgáth sgol.
14 Glór
t’fhaghladh dob fhuighle óil
ac banntrocht
bhruidhne ’na bhéim;
náir co locthair
ód léim lúidh
d’fhéin dúin tar
a bhfoclaibh féin.
15 A Chú Connacht
a ngort ghliadh
ní budh ussa cor
red chládh;
luaidhter Cú na
hEmhna uadh
luadh ar chlú
t’fhedhma san ágh.
16 Brat ciach do
togthadh tar tír
do thriall ó
chogar do-chuaidh;
tig iadh fa
dhonnloisi ad dheoigh
trian eoil nach
ormhaise uaidh.
17 Na gaoi
fhoirbhthe ac cor a [c]caor
nach antar ar
fhuighlibh druadh;
do dhá cheis-[s]i
ac dáil a ndér,
dáigh as gach
sgél deisi is dual.
18 Snadhmthar
botha naoidhe am nóin
dá ngaoithibh ar
comair cuain;
lorg eillteadh ós
ess got fhéin
ar béin
teinnteadh cres do-chuaidh.
19 Tús tuinne
t’fhaghla do fhioch
nachar tharbha
tuighe bhoth;
ar néll laoi sul
bheirthir breth
do dheithbhir
each le mnaoi is moch.
20 Gnáth iollradh
teinedh tar thír
ód tsiorthaibh
siobhlacha slóigh;
sé co fuar dá
mhes ag mnáibh
do luadh ráidh ón
tres ag tóir.
21 Fir Mhanach a
dtres red thaoibh
a ndeabhaigh gár
deacra dámh?
ni bhí a nguidhe
sein re síodh
an lion do-gheibh
h’uille a n-ágh.
22 Rian tre chách
a ccoraidh chrand
áth gliadh ód
ghonaibh gur dhonn;
léd mhaoidhemh
do-chóidh ’na chend
gur mheall
aoinfher an tóir throm.
23 Bró tshledh ar
nach beirther buaidh
nír teagtha a
ndeabhaigh ’na ndál;
caor smuail dot
renduibh fan raon
nár chaor
teallaigh fhuair ón ágh.
24 Do líon troda
an tráth do-clos
an tóir ní
fhoghthar dá fhioss,
ní fhuil dál an
fhoghladh ass
ar ngormadh glass
lámh ad lioss.
25 Moch dá
leabaigh éirghe eoin
fa loch Éirne ac
teacht gach taoibh;
léim ag oigh ar a
hais uaidh
frais do-chuaidh
dá cnoibh do chraoibh.
26 Gég ac
blodhadh as a barr
tréigen a toraidh
gurbh fherr;
tuc an umhla
claon a ccoll
mar do chrom
craobh chumhra a ceand.
27 Anaidh ón
fhoghail co fóill
re sccolaibh co
raibhe réidh;
crodh ar comairci
do-chuaidh
d’uain ar cCon
Condaichtne ag cléir.
28 Bean fhir
darbh fhaghlaidh a toil
ní feis ar ar
ceangladh crodh;
fiú an gheallaidh
níor iarr ar fher
ben ac triall nár
chengail cor.
29 Siad ar clú a
ccomhar is cóir
Cú Chonnacht
’sa[n] Cú budh thuaidh;
doba leicthi an
deabhaigh dóibh
le teirci slóigh
berair buaidh.
30 Cuairt go
grian bruidhne do-bheir
iarsma dá
maoinibh nach mair;
ceol éigin ós
cuan do-chluin
lér mhuigh suan
ar-éigin air.
31 Cú Chonnacht
do-ní dá nóss
tar crú Colla
sínidh suass;
geall ón dáimh ac
a bhladh bhíos
ní síos do ghabh
ar dáil nduass. S.U.I.R.G.CH.