firstLine"; ?>

1745. Suirgheach me le Mac Donnchaidh $
Length: middling 17qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. Envoi to Five Wounds and BVM
  2. imagery for patron
  3. comparison with all others
  4. poet as patron’s lover
  5. hospitality to poets
  6. poet-patron relationship
Patron Christian Names:
  1. [Diarmaid Maol] m. Donnch & m. Siobhain
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh (Riabhach d. 1602?)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Suirgheach mé le mac Donnchaidh

[O’Conor Don, 356b]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Suirgeach mé lé mac Donnchuidh

serc fhiledh fhóid ríoghChobhthoigh

sáoirbhengán tar chách ro-m char

áoinlendán gnáth lé ngabhthar.

2 Branán náoidhedh criche Cuirc

cáor mhíanuigh mhaicne Geruilt

gnúis réghlan is rogha lem

togha érlamh na hÉirenn.

3 Beithir bheóghdha mac Míledh

mír crúaidh ris nár coimhshínedh

gníomh doilighr díbheóganr dían

fíochleóghan mhoidhe Maicníadh.

4 Sgíath chosnaimh a ccriche féin

seabhac íodhlannach aigmhéil

nachar chlechttoil ghníomh ngrods

is díoth nerttfuil námhod.

5 Mac Donnchaidh rén suirgeach sinn

a-tá annsacht um inntinn

gúais an toirrches do thecht ríom

a sherc a bfoilches agom.

6 A mesg cháigh do ch[a](u)r sinne

eó baillgheal bruigh ghlaisLine

da dreich sháoirfhinn tugus toil

sáoilim go rugus roghoin.

7 Ní d[’fh]onn máoinedh na mían cruidh

rec uaim ré mac Meic Carrthaig

do thoghus é as a fhine

an ré sholus shéimhide.

8 Le ró toile dhó féin féin

tugus gradh da gnúis soilléir

an tshlat bhaschorr go ngné ghil

nír charsom é acht dar-íribh.

9 Ríoghruidh ordruic innsi Fáil

da mesoinn uile d’énlaimh

áondamh ré(idh) bráonbhrogha Bhregh

m’áonrogha (é) tar gach áoinfer.

10 Córuide dhamh anmhuin air

dámhna riogh fhréimhe Carthaigh

bas armtha fa cclaoinid cuill

sáoilim go n-anfa oruinn.

11 Gnúis náoidhe rén doiligh dámh

do gabh meisi mac Siubhán

mo-chen fer dán seisi sin

do geabh meisi ós da mháoidhemh.

12 Nír mór gur mháoite damh-sa [357a]

go ttug aghuidh oram-sa

gruaidh fhaoillidh na ttennál tte

lennán gach áoinfhir oile.

13 Da ccardáois é cenn a ccenn

filidh úaisle fhóid Éireann

rí an chuire lé ndiúltur dréim

ní dhiultfadh duine dhíbh-séin.

14 Mac Mhé[ig] Carrthaigh nár chláon breth

carfad(h) é tar gach áoinneach

níamh cuir tar choimhéd annsa

lé bfuil d’oiréd oram-sa.

15 Na léig is ní leigfe me

an dáil-si fesda a bhfúaire

a grúaidh dherg as díol suirge

na bíodh cealg ’nar cconnailbhe.

16 Da mbeinn da chengal choídhche

mo dháil re dhreich mhiocharrdhar

ní feirde mé a ndubhradh dhi

muna cconnmhadh sé ar suirghe. Suirgeach...

17 Ré cois doilge na ccoigh ccnedh

fada dhamh í ré háireamh

go mbeire ó chóir h’óighre (s)inn

ar ccoimhghe ar an Óigh aitchim.