firstLine"; ?>

1746. Suirgheach sin, a Eire ogh $
Length: very long 53qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. NLS Adv 72/1/44 17th cent.
  4. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
  5. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. English conquest of Ireland
  3. territory as ruler’s spouse
  4. fertility of land under true prince
  5. symptoms of law & order
  6. historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (RIA 744, Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa (sname only BOCD, RIA 2)
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Conchonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Knight restores maid’s beauty by washing
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Suirgheach sin, a Éire ógh

[O'Conor Don, 219b]

In fer céadna cecinit [Eochaidh Ó hEóghasa)

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Suirgeac sin a Éire ógh

goirid duit día do chláochlodh

a fhérmhúr na ngríanchnoc nglan

ternúdh od chíachbrot cumhadh.

2 A-táoi [a] Éire an fhóid íobhraigh

ad mhnáoi s[h]uirgid[h] shibhionnraidh

go rún nemhtoirseach a-nocht

a chrechloingseach úr édrocht.

3 Do tréigis an riocht roime

do ghabh tú a treabh Láoghaire

a fhionnfholtach bhenndhubh bhog

th’erradh iongantach umad.

4 A-ta fa enbharr úaine

féige corcra clúmhnúaidhe

do chráobhshlat ccnóbhuidhe ccrom

áonbrat órdaidhe ar t’fheronn.

5 Do tsrotha úaine th’áibhne

íslighid a n-urlabhra

a críoch búighneach ghégtrom gheal

a suirgeac edrom th’aignedh.

6 Ni fhacamur ríam reimhe

an tlacht aluinn ainglidhe

an cruth sídh iongantach ort

a mhín (iongantaigh) f[h]ionnacrach édrocht.

7 Ni creidim a críoch Bhanbha [220a]

nach bfúarais fer th’agallma

do ríograidh chaithmhigh cráoi Breg

ar áoi do aithrigh th’aignedh.

8 A bhen Chuinn na ccíach néuldubh

no an air a-táoi ag taigerudh

fher t’fheithim th’éntogha fir

beithir échtfhola hUidhir.

9 Mag Uidir da n-ortur minn

a críoch Banbha a bhen Fhéilim

do a-taoi-si go mbeile an brath

Náoisi eile na nUlltach.

10 Cuige do cuiris oraibh

do chruth áloinn examhail

foghlaidh mhoighe braointigh Bregh

roimhe do faoiltigh t’aignedh.

11 Ón ló tugais is tug ort

suil ar Áodh mac Con Connacht

a inberach na n-es ngeal

bes ní himnedach th’aignedh.

12 Onchú cródha an croidhe mhir

da ngoirter Áodh Mhág Uidhir

a ráith Temhrach a Tráoi Bregh

nemhghuth mur táoi ’na thimceal.

13 Ro-d cuir a ccláochlodh rechta

do sgar réd sgeinm ndráoidhechta

cengal sídh an cráoi Cuinn-si

ro láoi dibh do dhoghailsi.

14 Mur sin do fhóir a heigin

an mnáoi ndúaibhsigh ndroichéidigh

stúaigh glacsháor fa cobhsaidh cruth

macáomh do gasraid Gréugach.

15 Macáomh Gréugach eacht eile

ar ngabháil gradh ridire

fágbhus Grég na ngealport nglan

lé merdhocht lé méd mhenman.

16 La dh’airithe da aithle

tarla don og armghairthi

buinne seng do gríansruth geal

a nglenn diamrach ’ga dhíden.

17 Do-chunnairc níor chúis menma

inghen ndubaigh ndhoidealbha

ar brú an buinne gegaigh gil

feguin uirre dob éidigh.

18 Do bhádur fa bert trúaighe

dera fola forrúaidhe

mun aill bfúair ngegsrothaig ngloin

ré a gruaidh n-égcrothaigh n-úathmhair.

19 Anu[i]s ós ur an tsreabha

do ráidh d’fuighlibh áilghena

“a bhen tarla ’gon túirsi

cedh damna do doghailsi?”

20 “An ró coire nó cionta

nó an cerd dhoilbhthe dhráoidhecht[a]

do-bheir an ghné n-éidigh ort” [220b]

ar sé “nó an feidir t’furtocht?”

21 “Do bhádhus féin eacht eile”

ar sisi “am óigh ingheine

fa maith mo rían fam gáoth grinn

’s gac laoch ag triall fam thúairim.”

22 “Do bhí nir bheg an sompla

tríocha inghen édrochta

rém ais-[s]i dob fotha leóin

go maisi crotha is ccineóil.”

23 “La dh’airidhe aithrech dam

thigim rem thríocha[i]d ríoghbhan

do coimhionnladh ar ccnes slim

go hes n-oirerglan n-áoibhinn.”

24 “Fertur cioth ’na chioth millti

a froithib na firminte

go ro-s tuil an sruth” ar s(h)í

“ro-m cuir san cruth ad-chíthí.”

25 “Do-rala ar an ttraigh ttonnghloin

m’athair gona fh[e]allsamh[n]uibh

an úair-si” ar an bhithe bhinn

“’s úaisle na críche a ccoitcinn.”

26 “Na fáidhe foillsighter dhóibh

misi do chora a ccedóir

go port mbruachdhubh sreng sreibhe

a nglenn úathmur dh’airighe.”

27 “Do-só” ar dráoi dona dráoithibh

“macaomh féta forbfáoi(gh)lidh

gus an sruth ngainmhidhe nglan

go ccruth n-ainglidhi n-iodhan.”

28 “Ionnailfidh a haghaidh sháoir

benfaidh an mílidh macáoimh

a briocht síabhairthi a sníomh dhi

díol a f[h]íadháighthi an t-áoidhe.”

29 “A-tú on ló-sin a-le

ag anmhuin sonnar sise

“gan mhnáoi am f[h]ochair is gan fhior

fochain mo cháoi ní cheiliobh.”

30 “Diom tiocfus ma tarla a ndán

tairccfe misi” ar an macámh

“a inghen da dhocracht damh

t’fhurtocht ón imnedh n-ádhbhal.”

31 Ionnlu[i]s a haghaidh ndorcha

do-rad sé ar sén ccobhortha

a táobh risin ngégsruth nglan

gur sháor a héccruth úathmur.

32 Fa gile ina géis tuinne

deirgidhter dúal Partluinge

snúadh a haighthe a cruth corcra

on tsruth d’aithle a hionnolta.

33 Ar bfechain dó ar a dreich naoi

cartur [leg. carais?] an ngenmnaidh nglortháoi

le a g(h)núis núaighil ndealbhdha náir

do bhúaidhir meanma an macáimh.

34 Fáoidid a-ráon ré-roile [221a]

do bhí sí go síordhoidhe

feirde an uaisle a rath a-ráon

ón uairsi a-mach ’gon macáomh.

35 As sí an bhen do bhí dérach

thusa a Bhanbha bráoinfhérach

ionann cruth dhi as dáoibh-si

rí Manchach an macaoim-si.

36 Na frasa donnrúadh[a] deór

d’fherthain 7 d’uisce an ai-eór

do fhliuch uma haghaidh í

Danair an cioth ad-chluintí.

37 Do mnáoi Bríain na mbenn corcra

búdh hé a huisce ionnalta

onchú fhíadhuigh na Banbha

donnchrú an fhiallaigh allmurrdha.

38 Mag Uidhir ádhnus folta

do-géna mnáoi macdhachta

co sgéimh ndealbhnáoi nduinn ndathaigh

do senmhnáoi Cuinn Cédchathaigh

39 Os é fhoirf(h)es a héigion

fáoidhfe[idh] Banbha bráoinghéiggheal

blath sí(o)dh na cedchoille ór chin

le rí(o)gh euchtchloinne hUidir.

40 Cosmail d’Éirinn an fheóir thigh

céile mur Áodh Mhág Uidhir

eng chlocharrsaidh na ccraobh tte

’s as rochosmail d’Áodh Éire.

41 Éire 7 airdrigh Berta

ní ffuil enbhann úaislechta

a thoil ní diomoltur dhi

d’iomarcadh air na uirrthi.

42 Beg an t-iongnadh d’inis Fáil

céile dhá úaislecht d’fagháil

críoch [Theamhra] (Bhanbha) fa a ttorchoir Lugh

d’onchoin (Bhanbha nó) Emhna ni hiongnadh.

43 Ni fhúair rí do f[h]reimh Gháoidhil

céim d’umhlucht budh hionmháoidhimh

fa chlár sáor bfionnacrach bFháil

búdh hiongantach d’Áodh d’fagail.

44 Ni fuair Éire an f[h]ochain tigh

céile mur Áodh Mhag Uidhir

námha an fhuinn leighis a luit

ó reimhis Chuinn no Cormaic.

45 Críoch Bhanbha na mbenn núadhonn

foirfidh Áodh a hédualong

bía[i]dh gan tac[h]a neith fa nim

gan creich gan fhatha n-éigin.

46 Cuirfidh a ccruth nár sáoiledh

buime altruim f[h]ionnGháoidheal

tír chédgonach na ccúan tte

búdh cédfodhach úadh Eire.

47 Gan adhnadh fíoch a bfoilches [221b]

gan f[h]airbrigh gan anoirches

a ccrich linnte fherghloin Airt

gan éngoimh innte d’adhaint.

48 Béid na cetra gan chomhdha

ní híadhfaidher énchomhla

um crich n-úir bfhéruigh bFuinidh

gan énoil úir íadhfaidher.

49 Dingeubaidh día do bhennach

imreasuin na n-airdrennach

ós miongort Banbha na mbenn

mur fhíorlocht fhaghla Éirenn.

50 Léigfidh gach áoinfhiodh osnadh

géisfidh an lec Logha-sanr

benfaidh a lábra as gach linn

fán mBanbha n-ethghloin n-áoibhinn.

51 Dergfaid treabhthaigh na tulcha

órfaid grían na gormdhomhcha

a ccrich sgathbhuig fhéil Eacha

glanfuid géill na geimhlecha.

52 Na tartha tugsat roimhe

ré linn Chuinn is Chonoire

do-béruid dhúin fáighdhe is ferr

úir 7 áibhne Éirenn.

53 Maith d’Eirinn is úir n-íatha

gan connradh shiol s[h]áoirFíacha

lucht ronna do ríoghaibh Fáil

d’fhíonfhuil Colla da congmáil.

54 Do gealladh dhóibh día do rath

sliocht Muirethaigh mic Echach

a ccrich ghéiggil bhothaigh Breagh

sochair nach éidir d’airemh.

55 Da bfaghdáois a bfíacha féin

síol échtach Echach Dúibhléin

bheith a mBreghmhuigh na mbenn sen

nírb ferr don ealbaidh fheinnedh.

56 O nach ttiúbhartur mur dhlegurs

seinfheich shlechta Muirethaigh

bas soisníomha do mháor mionn

budh doidhíoghla Áodh d’Éirinn.

57 Ní ghéuba(idh) an coma chéd(h)na

ó úaislibh shíol sáoirShédna

cosg tathaimh thíre na bFhionn

a righe achaidh Éirionn.

58 Suidhfidh a tTemhraigh Tuathail

os Boinn bhoirdghil bhennchúachaigh

do chosg áonto(m)gha f[h]óid Bhregh

áonrogha na ccoig ccóigedh.

59 Doirrseóir dhúinti a doirsedh báis

éinliaigh fhóirith(i)n[i] a húathbháis

breac óireithrech ón Bhoinn bhinn

is dóigh fhóirith(i)neac[h] d’Éirinn.

60 Gus fáolchon go bféirg bfíadhaigh [222a]

ucht aille ré hOirghiallaibh

mír cruadha achaidh na nArt

gúala ré cathoibh Connacht.

61 Lámh imdheghla Fher Manach

muir thécht ré hucht nEóghanach

grúaidh roithe go rún cconfaidh

múr cloiche ré Conall(a)chaibh.

62 A Mhég Uidhir fhóid Ghábra

fúaid[h] imle fhóid fhionnBhanbha

a toil féine ó fuair tusa

Éire d’úaim as urusa. Suirgeac...