Poem in printable PDF format
T’aire, a
chumthaigh, réd chomhrádh!
[Mhág Craith,
Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem
25]
Éagnach
Fearghal Óg Mac
an Bhaird .cct. ?
1 Th’aire, a
chumthaigh, réd chomhrádh!
meinic adhnas
iomarbhágh,
a ghruadh gairthe
ó ghéagmhoigh Breagh,
d’aithle an
éagnoigh ós ísiol.
2 Ar omhan
fhiallaigh na mbréag,
hí hinnill caint
gan choimhéd;
iongaibh throim -
ní doiligh dhuibh;
poill ar na
toighibh teagmhuidh.
3 Adeir a lán gur
luaidh sibh
- níor shaoil
misi, a mhic Fíthil
t’fhíoch riomsa;
gá duilghe dál -
fuighle dob
ionnsa d’iomrádh.
4 Do-chuala trá
nach tug sibh
a measg thuatadh
uair éigin
- bheas as
deaghfhachain dar ndoirr -
meas re
healathain oroinn.
5 Táirnig do
chéill - gá dám dhi -
má tharla, a
athuir na héigsi,
dál mar sin nár
dhlighis duid
nó ro ibhis digh
ndearmuid.
6 Acht uathadh
dar n-oidibh féin,
d’éigsibh Bhanbha
an bhruaigh shoiléir,
fa chlár nua
caomhnuighe Cuinn,
ní rua d’aonduine
ar n-orruim.
7 Tarla ó oidibh
Innsi hAirt
cruaidh im cheird
fuair a faghairt
ó nach maol
biorchruaidh im beol,
ná friothbhuail
aon dom aithcheodh.
8 Do shnaoi sinn
- gá saoire sriobh-
linnte foruis na
bhfiliodh
ór gcéidfhios gur
b’omhain ionn
le sgolaibh
éigios Éirionn.
9 Lucht
éanbhoithe sinn re seal;
ná tréig
choidhche, a chruth áilghean,
t’fhear grádha
mar nach dú dhaoibh:
cára ná tú dom
thathaoir.
10 Slán don
droing nach diongnadh sin,
roighne na suadh,
dar séisibh:
blagh dá
gcéadrath re seal soin
fear dá n-égnach
nach aghthair. TH’AIRE