firstLine"; ?>

1749. T’aire riomsa a ri O nUidhir $
Length: short 14qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no 33
Motifs:
  1. material reward for poetry
  2. creach, cattle-raiding
  3. king’s officer: maor
  4. agriculture
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1600
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

T’aire riomsa, a rí ó nUidhir


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 33]


Eochaidh Ó hEóghusa .cc.


l T’aire riomsa a rí ó nUidhir,

égnach cáigh ní cuirthi a suim,

an uair nach éisde ret fhilidh,

a éisge shluaigh chinidh Chuinn.


2 Iomdha agam, a fhir chumtha,

cás égnaigh, dá n-éisde rinn;

dá mbeinn dod ghnúis dreachnáir diomdhach,

is cúis neamhcháir t’innlach inn.


3 Fuarus, a rí fhréimhe hUidhir,

fearann Corráin na ccíoch ngorm

ód ghnúis tonnghlain ar lí lasrach,

gan ní ar tolmhain d’aslach orm.


4 Gidh eadh, atáid ar tí ar mbuana,

buidhne iomdha, a ua na ríogh,

ag cur um cheann d’aonghuth uile,

baoghlach leam gach duine dhíobh.


5 Ní bhíom lá idir laochraidh Corráin

gan crois chugam ón chaoir shluaigh,

dá bhfuilnge rí Gabhra a ghabháil,

ní tarbha ní d’fhagháil uaidh.


6 Do ghlór éinfhir as é adeirid

mar dhíoghuil orm, olc do-níd,

cnuic ané ba fearonn faolchon,

nach treabhonn mé ar aonchor iad.


7 Dá ccreideadh sliocht Aodha an einigh

m’fhearonn uaid, a abhra mall,

dá mbeinn gan tairmeasc ar talmhain,

dob aimhleasg leinn anmhain ann.


8 Cladh tórann la tíribh foghladh,

fód comhraic na cceithre rian,

ród ríogh a ccinnionn gach congháir,

imioll nár dhíol roghráidh riamh.


9 Dá tharbha fós ní fríth linne

leth ar chaillios re cion luircc,

ní bhí ráithe gan raon ccreachlorg,

snáithe caol re leathbhord Luirg.


10 Bíodh nach baoghlach bheith ’na bhfochair.

fine Conuill is clann Néill,

aicme Chorráin is daor dhamhsa

’s commbáidh bhur maor bhfallsa féin.


11 Fearonn oile a n-égmhais Chorráin,

ó’s chuige atá ar tharruing mé,

ní mór dhamhsa, [is] Aodh ’na fhochair,

asna caol gan fhothain é.


12 Muna bhfaghthar fearonn oile

d’áit innill ót érla nocht,

dá ttí sion fhaobhrach an earraigh,

baoghlach díol an eallaigh ort.


13 Tusa chuirfios crodh ’na n-ionadh,

a ua Mhagnuis nár mhaoith guin;

munab olc leibhse a n-ég aguinn,

créd fá mbeinnsi ag cagaill chruidh?


14 Uaid fuarus a bhfuil um urláimh,

ort iarrfad a n-iarrfa sinn,

léig do chioth an cradh nó caomhnaidh

ní díoth dhamh gan aonbhoin inn.