Poem in printable PDF format
T’aire riot, a
mheic Mhurchaidh
[Lambert
MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 37 (1948),
484-8]
To An Calbhach
Mhac Murchaidh Í Chonchobhair Fhailghe (+1406)
Domhnall Mhac an
Chlasaigh Í Chobhthaigh .cct. (+1446)
1 T’aire riot, a
mheic Mhurchaidh,
don chorsa
ad-chiu ar Allmhurchaibh;
do ba cás gan a
rádh ruibh
gé tám a ngrás ag
Galluibh.
2 An rabhadh do
radas daoibh,
a ríoghdhamhna
chlann cCathaoir,
ní ’na chois
do-chuaidh sinne;
a-nois uair na
hoirchille.
3 Goill Éireann
ag gabháil dit
an bhaice féin go
bhfuilid?
ó táid re béal
iompaoidh ort,
féagh an
iontaoibh a ndubhart.
4 Dá ccuirinn nír
chuirthe dhamh
fios chugad re
cath nDanar
mur fhear
rabhaidh gá dtám dhit
’s nach rádh
falaigh a bhfuighlid.
5 Ní fhoil agam
le rádh ruibh
don iul fhuarus ó
Ghalluibh,
gidh leasg a rádh
mur rabhadh,
acht slán feasd
le bhfuarabhar.
6 Ní fhuil - ’s
ní guth do Ghalluibh -
énduine gan
agallaimh
dá bhfuil thiar
um Chruachain cCuinn
ná uathaibh siar
go Sionuinn.
7 Laighin a-rís
dá rochtain
ní chreidfidis
Connachtaigh;
nír am don
chomhláimh cogadh
congmháil Ghall
do ghabhadar.
8 Cadach re
Gallaibh glasa
do chum an chlann
Chollasa;
ní bhiam do
chéill an chadaigh,
dá réir riamh ní
rabhadair.
9 Tuigthe dhaoibh
nach dol ó ghuth,
a chlann Mhaine
mheic Eathach,
pairt Ghall do
ghrádhughadh daoibh,
tar shárughadh
chlann cCathaoir.
10 Olc a
n-ionpháirte (agus) Goill
lá tuitmhe Taidhg
mheic Dhomhnaill;
dar cuireadh ár
orra ann,
as nár d’Íbh
Colla an cumann.
11 Tadhg Catha
Briain as beag linn,
le Gallaibh tarla
a thuitim;
a shíol Colla, an
cumhain libh
a chumhail orra
ón uairsin.
12 A Chonnachta
Cruachna hAoi,
gleo an
luaithrigh, gin go leantaoi,
Banbha do-chuaidh
as bhar ccairt
ón uair fa ttarla
a tabhairt.
13 A Fhian
Chruachna, an cumhain libh
cath Croibhdheirg
uair éigin
a ráth Ghuaire ar
n-a ghabháil;
fáth uainne dar
n-iongabháil.
14 Goill muna
ghabhdaois tre fheirg
Féidhlim mac
Cathail Chroibhdheirg
agra dhoiligh
uainn orra;
fuair a oighidh
eatorra.
15 Tre bhur
cceangal le cath nGall
- créad, a
Chonnachta, a-déaram? -
ní bhiu a
ccaithis aga chur,
’n-a aithis
ad-chiu an ceangal.
16 Clann Néill
Oiligh na n-each seang,
dar dhual
furtacht Éireann,
olc an bháidh
do-niad a-nos;
ní hiad a-mháin
do mheasos.
17 Brian Catha an
Dúin, as dearbh sin,
ó Ghalluibh
fhuair a oighidh;
a seilbh Bhanbha
do bhiadh sinn
Brian nó go
ttarla a thuitim.
18 Niall Óg ó do
ghabhsad Goill
gan shúil re
hÉirinn againn;
tig a-nallain re
fiadh bhFáil
Niall re Gallaibh
do ghabháil.
19 Eoghan féin do
ghabhsat Goill
Neachtain is
Niall Ó Domhnaill;
as doiligh nar
díoghladh so
le ríoghradh
Oiligh ortha.
20 An
ccuimhnighid clann Rosa
oighidh Airt
Mhéig Aonghosa?
ós ag teacht tar
oighidh nAirt
beart doiligh gan
a dhíoghailt.
21 Oigheadh
Briain Bhallaigh Í Néill
ní leanaid
Ultaigh eiséin;
ní hiad Laighnigh
do fheall air,
fearr ó Laighnibh
a leanmhain.
22 Ní fhuil ó
Thuinn Tuaidhe a-nall
ag congnamh le
cath n-eachtrann
do Leith Choinn
le fraoch bhfeirge
laoch acht ar
dhruim díbheirge.
23 Dá mbeinn gan
a rádha ruibh
t’aire riot, a
mheic Mhurchaidh,
a luaidhim, a
fhlaith Laighean,
le luaighill
mhaith múchfaidhear.
24 An chomhaonta
ad-chiu at aghaidh,
a Chalbhaigh Í
Chonchabhair,
féach suil
chuiread aighidh ort
Laighin an
bhfuighead furtocht.
25 Ní lór leam, a
mheic Mhurchaidh,
dot fhurtacht ar
Allmhurchaibh
a bhfuil dot
fhine a n-ucht Ghall
’s gan do lucht
tighe id thiomchall.
26 Cuir a bhfagas
is a bhfad
fios uait ar
cheann do charad
gurbh fhearr a
tteachta dod thigh
teachta ’na
cceann suil chuirithir.
27 Ní fhaicim ar
héirghe a-mach
coimhéirghe
chloinne Fiachrach;
gá raibhe a
tteannghuth ad thoigh,
do theaghlach
caidhe, a Chalbhaigh?
28 Íbh Díomasaigh
is Íbh Duinn,
as trath dá
ttabhairt chugainn;
do fhleasga lámha
as siad soin
acht nach dána
iad asaibh.
29 Osraidhe ní
fhacaidh mé;
le fios dar
cuireadh chuice
dá tteagmha am fa
fholaidh
mall an freagra
fuarobhair.
30 Gé a-tám aga
rádha ribh
fios do chur ar
na cairdibh,
an saoilisi a
tteacht as-teagh
na seacht
Laoighisi Laighean.
31 Tre anmhoille
a n-éirghe a-mach,
Caomhánuigh ’s an
cath Branach,
fios uaibh ina
n-aghaidh soin
Branaigh as uair
dá n-iarraidh.
32 Ní foláir go
bhfuighead so,
don tuarasgbháil
fhuil orra,
ní as mhó ná a
n-iarraid oraibh
ón ló thriallaid
Tuathalaigh.
33 Le Gallaibh má
táid ag tocht
Ultaigh is
cúigeadh Connocht
an gcluinid soin
Laighin linn
’s a bhfoil ’n-a
n-aighidh d’Éirinn.
34 An ccualadar
cath Sionna,
clanna Céin mheic
Oiliolla,
maoidhead Laighin
ar Leith cCuinn
a mbeith ’n-a
n-aighidh aguinn.
35 Dá tteagmhadh
dóibh dul ad cheann,
maicne Neill na
Naoi nGéibheann,
Dál cCais do
charaid catha
gabhaid re a
n-ais Ultacha.
36 Usaide dhuit
dul i bhfad
an tionólsa a-tá
chugad;
maith an tráth
deaghcroidhe dhuid,
neartmhoire
a-chách do charuid.
37 Ní shaoilim, a
mheic Mhurchaidh,
don iomlatsa ar
Allmhurchaibh
go dtiobhrad
cairde, a chiabh lag;
ad-chiam na
cairde chugad.
38 Ná bean fós
céill do chobhair,
a Chalbhaigh Í
Chonchobhair;
cia uaibh go
Laoghaire Lorc
aonduine nach
fuair furtocht.
39 Ross Failghe
ar a bhfuile sliocht,
a dhúthaigh as í
th’oighriocht;
fuarais mór
ccoinbhleacht fa a ceann
budh lór fa
oighreacht n-Éireann.
40 Feadh ríghe
Rosa Failghe
ní fuighthear dá
bhféachaimne
rinn bhearnadh
thuaidh ná theas
ar nach dearnadh
uaibh áitheas.
41 A-táid Goill
ag gabháil daoibh
d’éis a chéile, a
chlann Chathaoir;
deacra a-chách
bhur ccuirsi dhi,
ní tráth tuirsi
fan tírsi.
42 Críoch
Laighean gidh lór a fad,
suil fríoth
furtacht na ccarad
do bhí sí at
aonar agaibh
baoghal dí ní
dhearnadair. T’aire.