firstLine"; ?>

1751. T’aire riot a ri Doire $
Length: middling 17qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus Mag Uidhir 1727
Motifs:
  1. envoi to wife from MacDomhnaill family
  2. caithreim (of English)
  3. hosting
  4. war with Foreigners
  5. conquest of Ireland
  6. cooperation with (some) Anglo-Irish
  7. prophecies of Aodh Eanghach
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Gofradha (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

T’aire riot, a rí Doire

[NLI G167, 167]

Mac an Bhaird, Eogan mac Gofradha do chum an dán-sa ag gríosadh an Í Dhomhnaill chenda

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Th’aire riot a rí Doire

sul gabhthar gort Laoghoire

ag sin sluagh Gall ar an ngort

do shuan nírbh am ar h’adhart.

2 Smuain ar imresain na n-each

a mh[e]ic Maghnais mhuir Luighdeach

ni fada o uaim chláir Cobhthaigh

dob uair áir ar allmhurrchaibh.

3 Do gabhadh leó don taoibh thiar

bailte Connacht go Coirrshliabh

breith do chaladh chláir Banbha

róghar don dáimh Danardha.

4 A-taid a-noir a-nossa

coinne o Charraig Fheargossa

uaim na ccríoch os éigean ort [168]

bíodh bhar n-éidedh ar th’adhort.

5 Siad it cheann ’na cóig tionoil

coigeadhaigh chlair Éiriomhoin

cóig tíre ’sa tteachta it thoigh

sul shíne th’eachtra a hUltaibh.

6 An ogbhuidh-si o iath Laighen

na slighthe leó lionfaidhear

a-táid le barr toile ag teacht

rann dan gaire gluasacht.

7 At choinne go hiath Uladh

do gheall Iarla Urmhumhan

crioch Chuinn deitt arna dena[i]mh

fad chuing o bhéitt Builteraigh.

8 Sluagh Desmhumhan adhbhar aigh

fa mhac Muiris meic Seaain

lucht roinn as cuimhneach ccogaidh

Goill Mhuimhneach (?) do medhrodair.

9 Tar gach sluagh i Mumhain Mis

siol mBriain i mbun a mbraithris

budh dáor a ngleó do Ghallaibh

damadh beó Aodh eadamar.

10 An chríoch-sa Mumhan Mh[e]ic Con

ni thug úmhla gan ádhbhar

gnath sgol ’sa heang go hoide

dol at cheann as córoide.

11 Mar thren ni hionmhaoidhimh ort

cur do threisi ar chath Connocht

buing re heidhreacht gach Ultaigh

do sheinsliocht Chuinn Chonnochtaigh.

12 Macradh Uladh na n-arm ttais

a-taid libh a mh[e]ic Mághnais

báidh leam gan t’fhíoch re hUltaibh

dream le bfrioth a bfionnachtain.

13 Do chur tresa um Themraigh Cuinn

lá tar chuan ag cloinn nDomhnuill

clann Cholla Uais ni fhuirigh

guais orra nach iarrfaidhir.

14 D’fógra Gall no do chur ccath

sluagh Gaoideal um Aodh Engach

mian gach aoinfhir don fhoghuil

faoilidh le fiadh Ferodhaigh.

15 Éire re Gallaibh ’ga goid

d’ua Aodha ar ndenamh dermoid

caor shloigh as ullamh n-eachtra

d’fóir Uladh as inleanta. Th’aire

16 Do bhí i ndán da teacht tar tuinn [169]

cenn rioghbhan fhreimhe Domhnuill

Goill d’fógra tar sál soirin

clár Fó[d]lla go bhfáso[i]ghibh (?).

17 Tiocfa ’na diaigh siortha slóigh

go crích Fhlainn líon a ttinóil

do dheilbh faghla is Aodh Eangach

saor cabhra na claoinTemhrach. Th’aire...