firstLine"; ?>

1752. T’aire riot a Riocaird Oig $
Length: very long 58qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. Francis. A25 B. MagNiallghuis 1610-28
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 2(23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
  5. RIA 1387 (23/O/78) UillR.MacCoitir 1723
Prints:
  1. transl. Knott, TD no 22a
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet rescuing kindred ?
  3. dangers of satire
  4. persecution of poets by English ?
  5. caithreim, list of triumphs
  6. Inauguration
  7. legal terminology
  8. childhood, fosterage
  9. Lapse of Gaelic ways
Poet Christian Names:
  1. Brian mc Eoghain Mhaoil (72/1/44,RIA2,3)
  2. Tadhg Dall (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Domhnallain
  2. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Riocard Og mac Riocaird & mac Siobhain
Patron Surnames:
  1. a Burc (son of McWilliam Iochtar?)d. 1586
Apologue Subclasses:
  1. Gem for greatest fool to king for one year
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

T’aire riot, a Riocaird Óig


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 22a]


1 T’aire riot, a Riocaird Óig,

ná tabhair cúl red chéadmhóid;

má tá ar bhreith a rádha ruibh,

cára bheith mar do bhábhair.


2 San riocht i rabhabhair riamh ­

bí id Riocard mhac Mheic Uilliam;

mairg do ghlac aoinchéim oile,

a shlat mhaoithréidh Mhucroimhe.


3 Olc do-ghéabhtha, a ghnúis iodhan,

an céadainm úd d’aithrioghadh,

d’éis ar bhuadhaigh dod bhais ghil,

lais do-chuabhair i gcéimibh.


4 An brat as a bhfaghann fear

sláinte ghnáth, a ghnúis áilghean,

a dhámh ré bhánoirir Bhreagh,

grádhoighidh é mar eirreadh.


5 An t-ionadh i n-éir le neach

a mhaoin do bheith ar biseach,

a phosd cothaighthe is sé sin,

dochuirthe é dá imlibh.


6 An mac cuirthear dá chrích f­éin

ón tír i n-oiltear eiséin,

d’éis a oileamhna, a ghlac geal,

doidheaghla an mac ’sa mhuintear.


7 Mar sin nár dhealoighthe dhoit

ret ainm ngnáth, red ghníomh n-ordhruic

ris gach mbuaidh dá mbíoth oraibh,

ós uaidh fríoth a bhfuarabhair.


8 A mheic Riocaird, a rún tais,

an t-ainm iasachta uarais

níor thárraidh tú dá tharbha

nár sháraigh clú an chéadanma.


9 Dá bhfaghthá ceannus Chláir Fhloinn,

níorbh fhiú dhuit, a dhreach shéaghoinn,

ainm allmhardha dá radh ruibh

fa chlár ndaghBhanbha id dhúthaigh.


10 Gidh mise féin - níorbh fhiú dhuid,

ar ainm nguasachtach ngaruid,

a ghríobh thadhaill bhruaigh Bhanbha,

nach faghaim uain th’agallmha.


11 Nách mó lámhaim [corrig. lamhaim] a rádh ruibh,

gémadh éiric im’ aghaidh,

a ghéag oirnidhe ós fhuil Chuinn,

go bhfuil oirbhire eadruinn?


12 Mairg fhuair an t-aoighidh anma,

nó an reacht uathmhar allmhardha,

fá bhfuil sionn éadána ort,

a mhionn céaddhála Connocht.


13 Gi bé tír i dtuitfeadh sionn

fa rígh do ríoghaibh Éirionn,

bíodh nách sirfinn íoc im’ fhuil,

do dhlighfinn díot mo dhíoghuil.


14 Do leith féin dá ndeachadh dhíom,

biaidh ort, a ua na n-airdríogh,

leith na ríoghna ó ghurt Ghaillmhe

re lucht díoghla ar ndiomdhaidhne.


15 Dob annamh leinne is libh féin,

fuil Bhúrcach na mbreath soilléir,

laoich dá reich Éire d’fhaire,

bheith ré chéile ag corruighe.


16 A ndéandaois ar ndaoine riamh

do chiontaibh ar Chloinn Uilliam,

dúin do bhíodh eineaclann ann,

a ghríobh meidhealtrom Manann.


17 Ní cosmhail, dá leantaoi libh

lorg a bhfileadh re a bhflaithibh,

a mhionn séanta a Síodh Chnodhbha,

gan díol éarca mh’ionnshamhla.


18 Mar do-nídís romhaibh riamh

sgotha cumhra Clann Uilliam

déana, a choillbhile bheann mBreagh,

um cheann oirbhire t’fhileadh.


19 Crosmaoidne h’iomlaoid anma

ort a hucht na healadhna;

cóir car an athanma ar ais

suil rabh h’athardha it éagmais.


20 Faghaim arís id riocht féin

sibh, a chuinghidh Chláir r­íNéill,

caite dheid roidhithneas roinn,

leig dod choimhightheas chugoinn.


21 Tú dob fhéathluinn d’iath Bhanbha

go bhfuair tú an t-ainm allmhardha;

níorbh fhiú sirriamhdhacht síl Chuinn

finnfhiadhGhort Ír gan fhéathluinn.


22 Do-rinnis malairt mheallta

d’iomlaoid ar nách inleanta,

a sduagh caithréimeach cnuic Bhreagh,

aithmhéileach duit a dhéineamh.


23 Meisde thú nách tarla ruibh

mac an ridire Fhrangcaigh,

lá an athanma dhaoibh do dháil,

do thaoibh h’athardha d’fhagh­áil.


24 Súr an domhain eacht eile

measais mac an ridire,

ar bhfionnachtain lúidh ’na láimh,

súil re hiongantaibh d’fhagháil.


25 Triallais tar toil a athar

an mac, gar­ mhó mearachadh?

gnúis mhear fa rodhaingne rún,

níor gheabh comhairle um chlaochlúdh.

­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­­

26 Líog lóghmhar dár lán a ghlac

tug an t-athair don ógmhac;

fa lór a huaisle dh’obar,

a hór fuairse a fothragadh.


27 “Sir an bioth ó mhuir go muir

rem líg n-órtha,” ar an t-athair;

“tabhair í, a ghéigmhíolla ghil,

don tí is éigríonna n-aignidh.”


28 Ceileabhrais dá chairdibh gaoil,

dob é iomthús an mhacaoimh,

rún cathardha gan chéim dtais,

a athardha féin fágbhais.


29 Tarla an macaomh, gar mhó neart?

i ndiaidh an domhain d’imtheacht

dá ghnúis bhionnfhoclaigh mhín mhir,

i dtír iongantaigh éigin.


30 Do-chí uadha iolar slóigh,

do-chí an ríoghcathroigh romhóir,

lán d’iolgháirthibh cháich do-chluin

fán ráith slionnbhláithghil sochruidh.


31 Do-chluin ortha as a haithle -

fán gcathraigh gcaoimh gcumhdaighthe -

na tolcha láimh ris an lios,

gach re ngáir d’orchra is d’aoibhnios.


32 Fiarfaighis i bhfad amach,

ré ndul i gceann na cathrach,

don fhior dá dtarla ar tosoigh,

ciodh damhna na dálasoin.


33 An fear céadna ris do ráidh :

“’siad an lucht ad-chí id chomhdháil,

’na n-aicmeadhaibh druim ar dhruim,

lucht aitreabhaidh an fhearuinn.”


34 “Béas coimhidheach ren cóir sgáth

atá is tírse,” ar an t-óglách,

“bíodh nách bloghfa rí a riaghail,

ní bhí ortha acht aoinbhliadhain.”


35 “I gceann bhliadhna amuigh ar muir

fágbhaid é i n-oiléan diamhair,

mairg rígh dan hathardha í -

an tír chathardha ad-chíthí.”


36 “Feadh a saoghail ó so amach

biaidh gan charaid gan chumthach,

féach an truaighe ní fa nimh,

gach rí uaine dár imthigh.”


37 “Ag déanamh ríogh nuaidhe aniogh

atá an tion­ó­lsa id thimchiol,

d’éis díochuirthe an ríogh roimhe,

gníomh síodhaighthe sochaidhe.”


38 “Rí nuaidhe dá dhéanamh dhóibh,

is é fós fáth a dtionóil,

na sluaighse red thaoibh tarla,

do thaoibh uaisle is athardha.”


39 “Na gáirthe do-chluine ag cách,

a n-iomthús,” ar an t-óglách,

“rí dá mhaoidhimh ag druing dhíobh

ar druim chaoinidh an chéidríogh.”


40 Gluaisis an t-ógmhac ann soin

i gceann cháigh le a chloich n-uasoil;

an sduagh shuilbhir ghairthe ghlan

do chuimhnigh aithne an athar.


41 An lásoin i láimh an ríogh

tug an mac, gar mhó dimbríogh?

fás imreasain tríd do thuill,

an líg n-ilgheasaigh n-áluinn.


42 “Créad an fáth fa dtug tusa

im’ láimh an líg mbuadhasa,

nó an é a reic is damhna dhí,

a mheic amhra?” ar an t-airdrí.


43 “M’athair,” ar sé, “riom do ráidh, -

tabhair ar thúr an domhnáin,

a mheic, don óinmhid is fhearr

an óirlig deit do dháilseam.”


44 “Do-roinneadh leat go nua anois -

an chloich is uime fhuarois -

beart is neimhghlioca fa nimh,

a dhearc oighreata fhaoilidh.”


45 “Do ré fhada is th’oighreacht féin

do-rad tú, dia do dhíchéill,

a ghnúis shaoirniamhdha ós chionn cháigh,

do chionn aoinbhliadhna d’fhagháil.”


46 Do-bheir an t-airdrí dá aoidh

comhráite millse an mhacaoimh,

an t-iúl fíre mar fuair soin,

an ríghe uaidh do fhógair.


47 Do-bhéarainn í dod ghnúis ghil

dámadh liom cloch an chéidfhir,

a bhláth abhla Chinn Choradh,

re linn th’anma d’athrughadh.


48 Do dháilis, a chruth corcra,

ainm síor ar ainm n-iasachta;

a námha chnuic bhaillbhric Bhreagh,

dob aimhghlic dhuit a dhéineamh.


49 Dob fhiú a dtárrais ó thosaigh

don mhionn oir­dhreic anmasoin

a chlaochládh nár dhéanta dhuit,

a réalta ó chaomhChlár Chormuic.


50 Tugais ris id Riocard Óg,

i n-aois naoidheanta i n-allód,

seal is tarbhaighe tug fear

ar fhud ghlanmhaighe Ghaoidheal.


51 Do caithtí leat eacht oile

lá ag argoin bhruaich Bhóroimhe,

lá fán mBúill dtirmshreabhaigh dtais,

lá ag inbhearaibh bhrúigh Bhearnais.


5­2 La i mBuanaid na mbuinneadh mbalbh,

lá eile i nIorrus Domhnann;

lá le taobh Theamhrach Midhe,

’sfa sheanLoch saor Seimhdidhe.


5­3 Comhmór do cuartaigheadh libh

bruaich Fhorbhair, imle Sligigh;

uatha soin go Cruachain Chuinn,

’só Chruachain soir go Sionuinn.


54 Do leanfaidhe lorg bhur n-each

ó rinn Eacla go hUisneach

gan duine do dhul dá shliocht

ó Bhun Duibhe go Deirgiort.


55 Adéardaois cách, a chruth fial,

nách fuightheá id mhac Mheic Uilliam,

bíoth gan ainm n-anaithnidh ort,

sbairn fa n-aghaibhthir t’umhlocht.


56 An t-ainm roimhe, a rí Cunga,

maith fuarais é d’athchuma

má fríoth cúis imdheargaidh uaidh

dod ghnúis fhinnleargaigh fhionnuair.


57 Slán th’e­ólach ó aois leanaibh

ní ar thalmhain gur thaidhleabhair

do ní budh ionghotha d’fhior,

a rí fhionnLocha Oirbsion.


58­ A mheic Siobhán a Síoth Truim,

dá mbeith aimhréiteach eadruinn

gearr bhus inleanta uain air,

finnleargtha an ghruaidh suil ghríostair.