Poem in printable PDF format
Tabhraidh chugam
cruit mo ríogh
[Walsh, Paul:
Gleanings from Irish Manuscripts, sec. ed., Dublin, 1933,
113-5]
Giolla Brighde
Albanach
1 Tabhraidh
chugam cruit mo ríogh
go dtréighinn
uirre mh’imshníomh
a bhrón dá bhoing
do dhuine
re glór an
chroinn chumhruidhe.
2 An té gá raibhe
an crann ciúil
giolla saor go
seinm dtaidhiúir
mór bhfáth-rann
do ghabh go grinn
ris an
mbláth-chrann nglan nguith-bhinn.
3 Mór séad áluinn
do fhodhail
ar cúl an chroinn
tslabhrodhaigh
minic do bhronn
cradh ó gCoinn
’s a chorr ghlan
ré a ghualoinn.
4 Ionmhain an
bhas do bheanadh
an clár tana
taoibh-leabhar
gille
seang-nárach gá seinm
go deagh-lámhach
go ndeigh-dheilbh.
5 An tan do
tháidhleadh a lámh
an ádhbhuidh
chiúil go comhlán
a hosnadh leabhar
mín mór
do bheanadh dhín
ar ndobrón.
6 An uair do
thigeadh as-deach
fine Chais na
gcúl ndruimneach
cruit go
dtéadaibh truagha as-digh
ag géagaibh
cuanna Caisil.
7 Tugsad aithne
ar an inghin
tresan mBanbha
mboig-imligh
cruit Donnchadha
ar gach duine
an comhthana
cumhruidhe.
8 Cruit Í Bhriain
binn a horgáin
ré hucht
bhfleidhe bhfionn-Ghabhráin
do bheanadh
stuagh Ghabhráin ghlain
argáin truagh as
na téadaibh.
9 Ní bhfuighe mac
Gaoidhil ghil
cruit Í Bhriain
an bhairr dhruimnigh
mac allmharaigh
ní fhaghaibh
an slabhradhaigh
síodhamhail.
10 Mairg do
smuain cur réd chuingidh
a chruit flatha
fionn-Luimnigh
nó do smuain cor
réd cheannach
ar chrodh uain a
Éireannach.
11 Binn liom do
ghuth milis mín
a bhean do bhí ag
aird-rígh
do ghuth mear is
milis liom
a bhean a hinis
Éirionn.
12 Dá léighthí
dhamh san tír thoir
saoghal na slaite
iubhoir
aoghaire
bán-Chnuic Bréanuinn
a lámh-chruit do
leiséaghuinn.
13 Ionmhoin
lem-sa duthchas damh
fiodhbhuidhe
áille Alban
giodh ionmhain as
annsa leam
an crann-sa
d’fhiodhbhaidh Eireann.