Poem in printable PDF format
Tabhram an Cháisg
ar Chathal
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 23]
Muireadhach
Albanach Ó Dálaigh .cc.
1 Tabhrum an
Cháisg ar Chathal,
a hucht Íosa an
Ardathar:
a mheic,
cuimhnigh ar gcaingne,
dheit [. . . . .
. . . . . . . . . . . .].
2 Éisd, a rí
súlghorm Sionna,
inni agus dá
éinghiolla -
nach truagh ar
gcaingni a ceathair -
ag faighdhi ar na
fuineachaibh.
3 An ceathror
crosda ar gach ndruing,
gan lón énduine
aguinn:
maith an
choimhdhe dár gcabhair,
an Coimdhe is Ó
Conchobhair.
4 Gluaisdior linn
d’iarraidh fhaighdhi
go ceann foltchas
fionnAidhne:
dá n-éra ceann
Aidhne inn,
nocha mbem
d’fhaighdhi a nÉirinn.
5 Ar gcaingni ré
a chéibh ndruimnigh,
lór éinbhél dá
athchuinnghidh:
giodh eadh nocha
seichébh soin
gan mo leithén um
leanmhoin.
6 Lór linn ón
rosgmhall reabhach
an bhreath do
bhaisd Muireadhach:
ní ag iarraidh
tuillidh atám
acht ar chuinnigh
mo chumpán.
7 Lámh dhuid ar
dhath an tsneachta,
a ghnúis ríoghdha
ruithionta:
an dara lámh go
dearg dhuid,
mo ghrádh don
Cheard ros cumaid.
8 Suaithnidh
éirghios a fhearg,
Ó Conchobhair an
Croibhdhearg:
donnlámh is
geallámh fa gha
ag leannán
bonnbhán Banbha.
9 As amhlaidh
rugadh flaith Fáil
’s a sgríbhionn
lais ’na leathláimh:
branán fearchonta
Chláir Chuinn,
láimh
ghealchorcra as a ghualoinn.
10 Lámhach a
láimhe deisi,
ní hurusa a
innisi:
deargthair cláir
ochta d’fhoghuibh
do láimh chorcra
Uí Chonchobhair.
1l Cuiridh sgiath
ar sgáth a chnis
risna gáibh nach
ttéid thairis:
fuaighfidh risna
gáibh géra
an láimh
shuaithnidh shoisgéla.
12 Mór soighiod
go seanglúib nglain
do tharruing bas
chorr Chathuil;
fagha chas
tachair do theilg
bas tana Chathail
Chroibhdheirg.
13 Maith ar each,
ní holc dá chois
lámhach Cathail
Dhúin Durlais
gabhaidh ó Cuinn
chleith fá sheól
eidir dhruim eich
is aieór.
14 Maith sén
tugadh go Teamhraigh
rí Muaidhe, mac
Toirrdhealbhaigh:
nocha sill
buachail ar bhoin
re linn uí
Thuathail Teachtmhuir.
15 Suairc an
taidhbbsi tárfas damh
aréir do
chathuibh Cruachan,
a dhul amach san
Midhe,
gach clach ’na
tur theinntidhe.
16 Crithre
teineadh tárfas damh
d’fhaicsin ar
fhud a margadh:
as í an chrithre,
as breath bhunaidh,
sirthi creach Uí
Chonchobhair.
17 Do-chiú
glastonn mara mir
amuigh ag
toidhiocht tairrsibh:
as í an ghlastonn
mhear mhara
an geal basdonn
béltana.
18 As é an
Croibhdhearg chuirfios soir
na Gulla do ghabh
Theamhraigh:
an duine ní
diombáidh linn
’ga ttiomáin uile
a hEirinn.
19 Do-bheir thír
gan bhrat gan bhoin
an geal donn, ó
Duach Galaigh:
do-bheir cuach a
dabhaigh dheirg
ó Duach Galaigh
don Ghaoidheilg.
20 Do-bheirid
gotha a ghaghar
rí Éireann go
hamhlabhar:
gaghar ar chuan
go gcluinionn
ní faghar uadh
urfhuighioll.
2l Do-bheirid
beanna uaine
teas a ngnúis uí
ghealGhuaire:
maith an sódh
seinleanna sin
geilbheanna [. .
. . . . . . . .].
22 Ionar corcra
mar chaoir nduinn
matal sgarlóid,
sgiamh ndíoghainn,
is léini chaol
mar chailc ngil
fá dhá thaobh uí
Airt Aoinfhir.
23 Diobhruigis
sgoth a sgingi
uaidh ag imirt
fhithchille:
cúl
réidhshleamhain tais do theilg
dá bhais
mhéirleabhair mhíndeirg.
24 Súil chochlach
uaine aga,
dá bhais mhíne
mhérfhada,
is bonn tana saor
sleamhain,
mala chaol donn
druimleabhair.
25 Minic
luaittear a leabhraibh
oidhre
taoibhgheal Toirrdhealbhaigh:
cúl fiar is
fleasga ’na bharr -
trian a theasda
ní thabhram.