firstLine"; ?>

1767. Taghaim Tomas ragha is roghradh gacha hogmhna $
Length: very long 23 vv=46qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster or Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 490(23/N/15)MmcPUiLongain 1740-
  2. Cork UCC Tix Seaghan O Cullane 1776
  3. RIA 973e (23/M/47) 1816
  4. BL Add 29,614 F.O’Scannail E.O’Reilly
  5. RIA 125 (23/E/14) Sean O Dala 1846
Prints:
  1. text Carney PB no. xvi
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. description of armour and weapons
  3. honours from English rulers
  4. patron’s irresistible attractions for women
  5. caithreim, list of triumphs
  6. harrying
  7. creach, cattle-raiding
  8. purgatory v.7
  9. Houses
  10. hawking
Poet Christian Names:
  1. Daibhidh (RIA 973(e))
Poet Surnames:
  1. O Bruadair
Patron Christian Names:
  1. Tomas mac Seamais
Patron Surnames:
  1. Butler (10th Earl Ormond) 1532-1614
Meter Vars:
  1. Amhran
Poem:

Poem in printable PDF format

Taghaim Tómás ragha is róghrádh


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 16]


1 Taghaim Tómás ragha is róghrádh

gacha hógmhná aolchrothaighe;

toghaim dom chumhdach Bíocunt Dúrlais,

míleadh múchda ar mhéirleachaibh.

Iarla Urmhumhan iarla fuinniúil,

iarla cipeamhail céimnightheach,

Iarla Osraighe, iarla sochroidheach,

iarla as cogthuighe céad-eachtra.


2 Barún beódha an Inbhir Mhóir thoir,

an triath gleómhur géir-reannach,

iarla fuilteach Chille Cuinne

rug géill na n-uile Éireannach.

Cion mhic airdríogh ó Ching Hannrí

fuair an seang-mhín séimh-ghlacach,

’s do bhí an tréinfhear ag Cing Éadbhard

’na fhior aobhdha éinleabtha.


3 Fuair ón bprionnsa - mór a tharbha -

spríos na Banbha braonghlaise;

Libir lánmhur Tiobrad Árann

fuair triath cráibhtheach caomhChalluinn.

Fuair ar oilbhéim bheith ’na Threisinér

ós Iath inisréidh Fhéidhlime.

Fuair é d’áirdchéim Ridireacht Gáirtéir,

ainm nár ghnáth é ar Éirionnach.


4 Na seacht mbliadhna do bhí an t-iarla

a n-iath bhiadhmhur baoth-Bhreatan,

dul ’na gháirdín nuair do shanntuigheadh

prionnsa seang-mhín saer-Bhreatan,

gérbh iomdha iarla agus tighearna

ina dhiaidh a ndaor-earradh,

do bhiodh Tomás - cuid dá onáir -

fána dheasláimh dhaonnachtaigh.


5 Iomdha cóisde lá Saint Seóirse

bhíos ’na dheóidh ag dréimireacht,

iomdha cúnntaois bhíos ag umhlaíocht

d’iarla chlúghnaoidheach caomh-ghreannach,

’s as iomdha slabhra d’ór dheargghlan

fá dhó teann ós saorchlannaibh,

a ndiaidh Thomáis, Iarla Gabhráin,

an triath neamhthláith naomh-theasdach.


6 Tall ar Wyat tug an céadchath

an triath baoghlach béimeannach.

Tug ó Rachluinn a ccrích Alban

le ró spairne spréchreacha.

Fá dhó ’na dhoighir Gleann Con Cadhain

ón triath shaidhbhir shaor-bheartach,

’s a Loch nEathach níor fhág eallach

an fáidh feasach féilfheartach.


7 Tug ar láimh leis iarla Áine

ó Áth Meadháin mhéith-mhartach.

Leis do buaidhreadh Mainistir Uaithne

dá ttug ruaig do réim Ghearuilt;

tug sé purgóid dóibh ag Sulchóid,

do bhí an urchóid éigeantach,

’s is maith d’ionnsaigh Bun an Ghundair

ar lucht iomtha is éilighthe.


8 Ní nár bhfeárr-de le Clainn Chárthaigh,

do bhí sé lá a nUíbh Laoghuire.

Leis do lasadh d’éis a leagtha

Dún Lóich lasrach laocharsaidh;

d’éis a tháirdil go hUíbh Ráthach

ní raibh áird ar aoghuire.

Teagh hÍ Ghláimhín leis do háitigheadh,

ní nach áirmhíonn aonduine.


9 Do bhí a champaí a Mainistir Bheanntroighe

’s a cClainn Amhlaoibh éintseachtmhuin.

Leis do mínigheadh Mág Fínghin,

an triath fíorchaoin féilfhairseang.

Tug an Bhrianfhuil ar díth iarla,

tréinfhear diadha daonnachtach,

’s do chuir don Fhraingc soir é re haimsir,

cá mó geall ar Ghaodhaluibh?


10 Iarla ceólmhar Chnoic an Tóchuir,

an triath cródha céadghuineach,

iarla Siúire, iarla is úire,

iarla as ciúine caomhchanta,

iarla is glioca, iarla as mire,

iarla as tinne taomanna,

iarla is tréine, iarla as fhéile

riamh re déanamh daonnachta.


11 Cúirt na Cairge cúirt is daingne,

cúirt is saidhbhre saorchlanna,

cúirt is caoimhe, cúirt is aoibhne

cúirt is líonmhur laochgasradh,

cúirt gan toirse, cúirt na soillse,

cúirt ’na coinnleach céir-thapuir;

bláthbhrugh biadhmhur plástrach piasdach

gabhlach grianach gréasthallach.


12 Finnteagh fleadhach slinnteach sleaghach

geimhleach greaghach géibheannach;

ceólbhrugh cluthair bordghlan bruthmhur

córnach cupach craobhdhathach,

fíonbhrugh féasdach buidhneach béasach

daoineach déarcach daorchoimtheach;

teaghdhais taithneamhach dhearrsgnach dhealbhach

áluinn amlach aol-chreatach.


13 Nuamhúr gluineach Chille Cuinne

túr nach gile géiseala,

buadhbhrugh bratach dualach dreagnach

stuamdha starthach stéidbheannach,

síodhbhrugh seómrach fíontach feóltach

buidhneach bórdach béalfhairseang,

an múr meadhrach mealach maighreach

teasdach taidhbhseach taobh-leathan.


14 Gnáth ’na theaghlach laochradh lannmhar

faobhrach armtha éidighthe;

meanma ar mharcshluagh cairptheach creatchruaidh

ainmhear eachluath Éireannach;

gléas ar gunnaíbh, éide ar urraíbh,

fraoch ar churaíbh créachtaighthe;

truingc is trúmpaí timchioll túrlaighi

an tsing úrchroidhigh Éirionnda.


15 Gnáth san mbrogh-sain fás ar thorthaibh

ós clár sochair séimh-arsuidh;

comhgháir caoinche, sórtáil fíonta,

beóir dá líona a léireasgruibh;

gríos dá spiúnadh, laoich dá lúbadh,

sníomh lámh lúthmhur lé gadrach;

crann dá dhíorghadh, lann dá líomhadh,

seabhaic dá sgaoile ar sgaodh-ealtain.


16 Mná dhá ttochmhairc, ór dá bhronnadh,

seóid dá ttogha d’éigsidhibh,

óig ag suirghe, ól ar fhíontaibh,

ceól ar chaoine a caolghlacuibh;

dán dá éisteacht, dáimh dhá réidhteach,

mná dhá mbréaga ar bhréagaireacht,

agus raingce timcheall teinnte

ag buidhin tseingmhir tréin-neartmhuir.


17 Feadh ós feadhaibh, grian ós reannuibh

triath Chnuic Grafann gaoth-neartmhuir;

Cú Raoi ar chalmacht, Solamh ar eagna,

lán beóil Banbha braonghlaisi;

Guaire ar fhéile, suairce as séimhe,

nuachar Dhéirdre déidghile

a ttriath chiallmhur chreachach chliarach

Cille Fiacla féir-ghlaine.


18 Iarlaí Sagsan, iarlaí Breatan,

iarlaí pearsan Pléimeannach,

iarlaí Lochlonn, iarlaí Sorcha,

iarlaí ordhruic’ Éigipte,

iarlaí Alban, iarlaí Fráingce

iarlaí Spáinne spéarghloine,

ré ós réaltuin é ón méidsin

gnáth sin éad re hÉirionnach.


19 D’éis ar iomráidh mé do mhórdháil

ar mhac soghrádhach Séamusa,

riamh ní chuala iarla bhudh uaisle,

iarla bhudh cruadha céimeanna;

ní mó do chunnarc neach a ccruinic

feadh na cruinne créaghloine;

iarla bhudh baramhuil d’iarla Bearbha

na rian neamhchumhang n-éifiochtach.


20 Níor fhás d’Éirinn neach is féile,

neach is séimhe séaghainne,

neach is borba a n-am fhoghla

ná an triath cobharthach créachtfhuilteach;

as é bhreathnuighim go bhfuil a aithsgíos

ar Leath ceartChuínn Chéadchathaigh,

’s go mbeid uile ’mar tá an Mhumha

don iarla umhal aontadhach.


21 Atá an chúnntaois, adhbhar úrchroidheach,

grádhmhar gnúis-chaoin glórmhálla;

atá sí saoithúil fáilteach fíorúil

málla mínchiúin mórcháirdeach;

atá sí sochroidheach sáthach suirgheach

bádhach bogcroidheach beónáireach;

atá sí fírdheas mnáúil mín-tais

grádhmhar caointeach ceólráidhteach.


22 Sibéal Seifil deighbhean deighfhir,

an bé einigh óráideach,

fuair sí an uairse ar a huaisle

rogha nuachair nóslánmhuir;

fuair sí iarla creachach cliarach

greasach gliadhmhur gleóláidir,

fuair sí bíocunt deaghchlúch daoineach

fearamhuil fíochmhur fórsálach.


23 Fuair sí barún nimhneach neartúil

foighdeach flaithiúil flóráiteach,

fuair sí ridire fuadrach fuilingtheach

cruaidhmhear cumusach córláidir.

An té as Treisinér d’Éirinn inisréidh

fuair an fhinneghéag ógáluinn;

’s as sé Tomás an méid d’iomráidheas

an ré iomlán ós árduibh.


Toghaim Tomás etc .i. Tomás Dubh Buitléar.