firstLine"; ?>

1768. Tainig adhbhar mo thuirse $
Length: very long 50 1/2 qq (incomplete?)
Certainty: 1
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson SV, no. x, M’Lauchlan BD, p34
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. liberality to poet
  3. imagery for grief
  4. poet’s own mourning
  5. exposed to attack by patron’s death
  6. allusion to Ruaraiocht
Poet Christian Names:
  1. Giolla Coluim (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. Mac an Ollaimh
Patron Christian Names:
  1. Aonghus mac Eoin & mac Mairghreid
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill na hIle
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn kills his own son Conlaoch
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tánaig adhbhar mo thuirse


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 10, p. 82-9]


A ughdar so Giolla Coluim Mac an Ollaimh


1 Thánaig adhbhar mo thuirse,

cha liom chuaidh an bhliadhain-se;

ní tuigse do neach nach tuig

mo thuirse theacht mar thánaig.


2 Gé bé neach nach tuigeadh soin,

a theacht comhlán dom chumhaidh,

na luit-se féachadh im chom,

tuirse ’na créachtaibh orom.


3 Aoibhinn liom, giodh deacair dhamh,

tógbháil ar chuairt na cumhadh;

atá an brón ’gam chrádh fá chléith:

is mór mo ghrádh don [..............].


4 Tá mo chridhe ’na dhá leth,

cha n-iongnadh é bheith briste;

tá mo chorp gan fheoil gan fhuil,

mar bhocht gan treoir a shamhail.


5 Cha n-iongnadh cumha dá mhéid

orom i ndiaidh mheic Mairghréid;

ó chuimhnmid ar mhaith an fhir

nocha nfhuilngmid flaith d’fhaicsin.


6 Is truime dhúinne ná a dhol

anmhain ’na dhiaidh san saoghal;

mo chrádh, is tuar ar dhol as,

an lámh fhuaras ó Aonghus.


7 Giodh deacair liom deileadh ris,

mac Eoin an chomhráidh mhilis,

is measa é gan mh’fhilleadh as,

gan mhé ag tilleadh go hAonghas.


8 Giodh fada bheinn uath a muigh

’s mo lucht tualais im dheaghaidh,

do bhí d’aontacht mo thriaith rinn

caontacht cha n-iarradh orainn.


9 Cha n-iongnadh m’aigneadh do mheath

ré faicinn tighearna Íle:

mo shlán gan mo bhrígh go trom

ó tá mo rí gan anam.


10 Do chrádh mo chridhe dá éis,

sgéal as urusa a aisnéis;

cha nfhoil fuidhleach ar mo bhrón,

do bhloigh cuibhreach mo [.........].


11 Mór mo bhrón ’s ní h-iongnadh domh

cha tuirse [..........................];

d’argain mo chridhe go lom,

gan slighe i nAlbain agam.


12 A nois ó’s éigean domh triall

nó bheith ag cách fá dhímiadh,

ré linn-sean dob ansa dol

a h-innsibh allta Alban.


13 Gé thriallaim is deacair liom,

gé tá mar fhiachaibh orom;

mo rún do dhlúthuigh a muigh:

cúl rém dhúthaigh im dheaghaidh.


14 Is é ní fá-deara dhamh,

ar liom cha bheag an t-adhbhar,

gan mo ghaol do theacht ar ais,

aol ar do leacht, a Aonghais.


15 Is truime ná a éag sin

an ló tánaig dá aimsir,

a chnú chridhe is a chnámh chuirp,

gan slighe ag cách dá dhíoghailt.


16 Níor shaoileas duine ar domhan,

dá mhéid rath, dod cheannsughadh,

gur fealladh oirne agus ort:

mealladh lér h-oirneadh th’adhart.


17 O’s é dheónadar a dhol,

truagh nach amhlaidh do bhámar,

a Mheic Mhuire bhaisghil bhinn,

gan duine taisgidh againn.


18 I n-éinfheacht ré agra ghill,

’na ghar gan dol ’na dheaghaidh,

níor éigh ní’s faide ná sin

don mhéid bh’aige do mhuintir.


19 Lucht caidreabha a chúl gcam,

ar neimhní chaidh a gcomann;

a n-aigneadh do chuaidh ar ais:

’s cruaidh gach caidreabh as t’éagmhais.


20 Dobadh deacair coimeas riom

’s a mbí óm thighearna agam:

caidreabh is comhól is támh

’s aigneadh romhór gan anlámh.


21 An uair théid cách dhá dtigh n-óil

is í mo chuid dá n-onóir

bheith fá bhrón gan díon a muigh,

ag ól mo dhíol do chumhaidh.


22 [..............] gan dol tar mh’ais,

cha n-anann cumha as m’éagmhais;

[..................] don chumhaidh mé:

’s pailte ná dubhaigh Íle.


23 Is iomdha neach romhainn riamh

do chuir cumha fá dhímiadh;

[...............] dearbhthar liom

uirsgéal nár dealbhadh romham.


[24] Do chuala mé fada ó shoin

sgéal as cosmhail rér gcumhaidh:

ut sequitur in alio loco, etc.


[25] Mac Subhaltaigh na mbreath mbinn,

daltán Chathbhaidh is Chonaill.