Poem in printable PDF format
Táinig an
Croibhdhearg go Cruachain
[E. C. Quiggin:
‘A poem by Gilbride MacNamee in praise of Cathal O’Conor’,
Miscellany presented to Kuno Meyer, ed. O. Bergin and C.
Marstrander, Halle, 1912, 167-77]
1 Tainic an
Croibhdherg go Crúachain,
a chomhardha
ad-chiú ’na láimh,
fríoth ó
airmbertaib na n-éurlamh
tairrngertaigh críoch bferglan bFáil.
2 Tainig mur do
tairrnghir Berchán
baisderg
Cruachna, cert ar rús,
do-gab um Charn
Fráoich a righe,
do balbh gáoith
na tíre ar tús.
3 Do toirthig
Croibhdearg na Cruachna
coillti úaine an
feruinn te,
gach call bán da
mbenfa farcha
go bferfa lán
dabhcha dhe.
4 Ioth a
ttalmhuin tuc a righe,
do-rad bláth tre
bharraibh gég
do-roighne
dairmes do dhoire
aighnes choinnle
gloine Grég.
5 Aithne ar an
rígh do-rad Banbha,
bisech ráithe rug
ré mís,
an choill do baoi
ar crioth don críne
gur láoi ioth ’na
ríghe a-rís.
6 Tiogfa an
toradh da ttí an foghmar
go flaith
Gaillbhe an greadha lúaith,
días ar dhéis,
crobhuing ar crobhuing
bhías ó Cheis
Choruinn go Crúaich.
7 Sloinnfiod
dháib, a fhiora Eirionn,
égcoscc Cathail,
claisdidh riom,
sé ’s a lethbhas
chlé ar na corcradh,
is é an gealchas
foltghlan fionn.
8 Cosmail barr a
bhais[e] deirge
re druim sgéith
lé sgáoilter rúaig,
cosmhail barr a
ghlaice gile
ré tarr slaite
ige úaid.
9 Gile ina leine
an lá gealtur
a ghlac gasda mur
gha a gréin,
a lámh chle as
beg ar ar báine
’na gné leg a
fainne féin.
10 A lámh meic
Toirrdhealbaigh Temhrach
do tairrngir
Marbhán nach mair,
fúarais comhardha
ó mhac Muire
[s]lat ro-Bhanbha
uile air.
11 A bhas
Croibhdearg choinnle Tuama,
is tú as caoimhe
ad-connarc féin,
samhail gud bhois
núidhe neimhnigh
re cois glúine
neimhghil Néill.
12 Gabhais thios
fa a troighidh mbuinnghil
bróig ndubhdhoinn
go ndruimnigh snáith,
ma a bhais
n-áluinn leabhair lethdhuinn
geabhuidh
lamhuinn mbreacchuirr mbláith.
13 Gabhuis uime
ar n-eirge a mochtráth
matal sgarláoid,
sgiamhdha a corp,
matal ríogh
mallshúilech Múaidhe
dalldhuineach
sdiom úaine ort.
14 Da mbeith ’na
garrdha gáir chatha
ní clos thall ré
tighe an tslúaigh,
do-cluinter sanas
ann uile
in tann gabhas
duine a dhúain.
15 Ni choisgfed
cuig cuigidh Eireann
oirecht Cathail
in chuil tais
coisgidh
camdhúain bhaird nó bruiling,
glanshlúaigh an
aird chúilfinn chais.
16
Toirrdhealbach mór airdrigh Eirionn
athair an ríog ó
ráith Floinn
da bfechtar cia
bhus ferr athair
do-sía geall
Chathail da chloinn.
17 Mac
Toirrdhealbaigh trilis ghéugach,
geal a cholpa,
corcra a bhas,
nochar gabh céile
mur Chathal
Éire ar ndol a
athar as.
18 Aghaidh thes
re taoib na Sionna
sáorchlann
Crúachna in comráidh bhinn;
aghaidh
thuaidh ’ga lecain leabhair
’gun Múaidh
mbreacaigh ealaigh fhinn.
19 Aghuidh a
cCrúachain moir Mheadhbha
mac
Toirrdealbaig trilis nocht,
cuirn medha ime
aga n-ibhe
gille geala ag
fidhe a bfolt.
20 Créd do
mhedhruigh mná na cruinne
fa Connochtuibh
Chnuic an Sgáil?
créud a-tá a
ngruaidhibh in giolla
do bhuaidhir mná
fionna Fáil?
21 An teine mhór
nó an miodh deighriogh
do derg aghaidh
rí Ros Cré?
nó an í an
ferg do gríos a grúaidhe
nó in derg
bhíos gach n-úaire é.
22 Ruithnedh an
éusga an úair ghontar
a ngrúaidhibh
Connacht on Chéis,
aighthe an
tshlúaigh mar grios na greine
an uair bhíos
Éire da éis.
23 Rí Buille na
bíodh gan tionol
ar ttecht chuige
ar cenn a bhó,
rí Crúachan nocha
ttéid troighid
beith uathad is
doiligh dhó.
24 Eirge moch a
maidin shámhraidh
do seailg fhiadh
da erla cas
drúcht ar in
bfeór, lon ag labra,
reód ar ndol a
anma as.
25 Groidhe lúatha
laimh re Sionainn
ar
srathaibh gorma is geal bláth,
sgor sheng ar
srathaibh na Múaidhe,
lachain chenn
úaine ar gach n-áth.
26 Uille gach
abhla re talmhuin
a ttír Chathail
Cruachna hAoi,
gach coll úr re
heigin innte
léigidh a ghlún
fillti fáoi.
27 Gach cnú chorr
ag cur a bláoisce
fa bhun slaite ar
slios túir
grainne buidhe ag
cur a chochuill
fa bhun muine
fhochaim úir.
28 Crobuing
derg ar duillib corcra
ar choilltibh
uaine an fhóid mhín,
tig a-núas ’na
ttáosgaibh troma
cnúas go
mbláosgaib donna dhíbh.
29 Leth Cuinn
ríamh ag ríoghraidh Temhrach
a-tá ar lár an
Leabhair Ghirr,
do Leith Mhogha
do budh meradh
dola a leith na
leabhar linn.
30 Neimcert lem
od láimh, a Croibhdheirg,
ag comhroinn
Fhódhla in fhóid buig,
leis an lucht
tuaidh an treas rogha,
Es Rúaidh is Es
Dara dhuid.
31 Ni lamh nech
do chloinn an Croibhdheirg
cromadh slaite ar
son a cnó,
gach slat chuill
re crúas a smachta
a cnúas ni buing
dalta dhó.
32 Cert idir
charuid is námhuid
do-ní leómhan
Linne Féig,
tiogfa síon
bhalbh ina breathuibh
ní mharbh fhíor
’s ní bhethuid bréig.
33 D’Ó
Chonchobair is cáin airdrig
argain bhaile a
mbláosguibh cnó,
a cháin a
ccaolach a ghealcholl
búdh táin
láoghach bhenncorr bhó.
34 Smacht Í
Chonchobhair Chnuic Múaidhe
da gach meirlech
do mhuin cheill
ma fuair boin nó
each ar iarraidh
do ghoir neach a
fiadhuin féin.
35 A chruidh oram
fhichid loilghech
laimderg
Cruachna in comráidh mhín
budh
cuairt bhó da mbía ’na dheghthoigh,
do-sía a dhó ’san
dechmaid dhíbh.
36 Ó do ríoghsat
ríoghradh Connacht
Cathal
Croibhderg caruid mná,
ní bhí gart dall
ina dhomhan,
lacht ann is
toradh a-ta. TÁINIC