firstLine"; ?>

1771. Tainig anam i nEirinn $
Length: long 33qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1422(24/P/59) A. Russell trscr.RIA 2
  2. Mayn. R 80 A. Russell Transcr.
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. BL Egerton 111 F. OScannail trscr.RIA 2
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. comparison with all others
  4. reference to writing poetry
  5. patron’s liberality to poets
  6. imagery for kingship (buacholl, aodhaire)
  7. territory as ruler’s spouse
  8. comparison of homeland with highkgship
  9. death at outset of triumphant career: Sean
  10. sead suirghe
Poet Christian Names:
  1. Iollann
Poet Surnames:
  1. O Domhnallain
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Apologue Subclasses:
  1. reign of Art Aoinfhear
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Táinig anam i nÉirinn

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 85]

Iolland O Domhnallan cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Tainicc anam a nÉirinn

d’éis a heasccuir d’éinchreidhim(h)

go bfúair sí céile gan col

do bí Eire gan easccor.

2 Seaan mac Cuinn na ttreas tte

dob é an t-easccur f[h]úair Éire

dall chíach ar chách da chumhaidh

tríath ar áth do b’ionchuraidh.

3 Mac Cuinn an trát[h] fa ttorchair

do bhí a fheidhm ar allmhorcaib[h]

air a bhean céile go ccol

do gheaph Éire ’na ionadh.

4 Bean Airt ’na líon a[g] leanmuin

dob fhada ar tí Toirrdhealbaigh

d’fhior a faghla do bhí an bhean

go ttárla dhi fa dheireadh.

5 Do thogh tar fhearaibh oile

gúais sheaphac d’iath Iúghoine

do threibh Neill as céim cubaidh

d’Ó Neill do-bheir baramhail.

6 Séd suirghe ar ndul a deabaidh [86]

d’Ó Néill ó mhnaoi Mhuireadhaigh

tuc dá dhíol an séd mur sin

na bíodh ’na éd ar Eamhoin.

7 Ní faicthear dhi acht a fear fé(a)in

Teamha[i]r an chláir choimhréidhs

re méin mná ní céim cosmail

d’O Neill a-ta an Teamhor-soin.

8 Súil aigi re cur ’na ceand

do nós Néill na Naoi nGeibheand

ní hí an Bhanbha a léim luidhe

d’Ó Néill a-ta an tarrnguire.

9 Iomdha d’Ulltaibh rí roimhe

ler gabadh íath Iúghoine

fuair céile d’Ulltaibh ler an

Éire acc Ulltaibh ni hiongnadh.

10 Rí d’Íbh Neill da tuc a toil

’na righ cúiccidh ni cubaidh

denadh sé ar tháth na Teamhrach

ni hé a thráth do Thoirrdhealbach.

11 Cuiridh Ó Neill don táobh thoir

airt le ttilfi clár Cobhthaigh

feadh a chúarta a ccrú thochair

an chlú ar uaithne a hiomochair.

12 Fada dháiph re dáil a ccruidh

clanna Neill na ttragh ttorcuir

ní bhí béim ar díol deoraidh

nach léir le síol sáoirEogain.

13 Re gúal clú ’na cceardchaibh fé(a)in

do shíol Néill nar thuill toibhéim

deargtur gríos Oinigh Uladh

d’oighir bhíos ar beathughadh.

14 Tearc ionchuir clú ’na chumhaidh

mac neartmar Néill Chonullaigh

éascca lán do chineadh Cuinn

ler tileadh clár an chomhluind.

15 Tarla ar oirbeart Airt mic Cuinn

dioghrais sgeóil ’na sccél fhábhuill

ceann an tslóigh fa shén Gáoidheal

sgél as coir do chráobhsgáoileadh.

16 D’éis a braithreadh do bhí an fear

fáth far slonnadh Art Áoinfhear

air a bhean céile dh’íbh cCuinn

do gheabh Éire as a hurluinn.

17 No gur éirigh d’aimhdheóin cháigh

Art brioghmur na mbeart neamhnáir

a threisi do bháoi ar bháthad[h]

ar ccláoi a dheisi dearbrathar.

18 Goirid dó ’na deaghaid soin

gur chuir treisi ar chlár cCophthaigh

roinn fa ghart Gaoidheal nir ghabh

is Art Áoinfhear ’na áonfhear.

19 Ní hár nach ttucc a thoradh

d’eintsheirc a n-áois ealodhan

gart Gaoidheal an tán[n] do threabh

Art Áoinfhear ann dob oireamh.

20 Ní chúala ríamh ri budh fearr

Art rathmur ’na rígh Eireand

clár Banbha ar gach táobh do thil

an craobh abhla gan ainimh.

21 D’é(a)is a bhraithreadh do bhúain de

mac Neill do nós an Airt-se

feindidh fa taibhdheoir ar thol

do éirigh d’aimhdheóin Uladh.

22 Bíaidh a-rís ’na Art oile

d’éis amhra chláir cConaire

tilfe gan béim chlar o cCuinn

d’Ó Neill a-tám da tharruincc.

23 Cairt a shean go núaidhe a-nois

ag mac Neill do druim dhuthchois

glanaidh don chairt a ccathaibh

samail Airt os Ulltachaibh.

24 Rí dh’ibh Neill gan chur ’na cheand

crand díona d’uaislibh Éireann

rí gan chairt ler théigh Teamhair

do réir Airt ar (e)a[i]rrdheanaibh.

25 Da chráoibh cnúais do-chuaidh os fiodh

oighre Neill is Airt Áoinfhear

air Éire íad san orsain

síad re chéile comhchosmhuil.

26 Clár Banbha go ttucc as-teagh

oighre Neill na Náoi nGheimheal

go cor maide ar chlár cCophtaigh

an t-ár aigi ar allmhorchaibh.

27 Bradán Banna na sriobh síodh

do bhean d’Ulltaib[h] a n-imshníomh

rucc a chlú céim os coraibh(?)

tar chrú Neill a-nallomhain.

28 Do thaisccidh séd ni tucc toil

buachaill chlú chríche Fionntoin

sé don chléir is léim luidhe

O Néill as é an t-áodhaire.

29 Do sgriobadh a leabhraibh lámh

oineach shíl Neill as neamhnár

laoidhe crú Airt a n-eagur

a ccairt chlú do chuireadar.

30 Geall gach einchinidh d’fhuil Chuinn [87]

cia an fine budh cóir ’na cconchloinns

dréim re crú Cuinn nir chubaidh

acc cléir ’na tuinn thorcuraigh.

31 Fiú na teasda thuillid sin

síol Neill os cionn gach cinidh

d’fhuil ríogh ní fhuil a n-aithghin

a síol soin ni sáraighthir.

32 Beart Danar do dhrud re tuinn

do himreadh riu ar chrú ccomhluinn

fían Eamhna a n-ádh a n-eagur

clár Teamhra gur thileadar.

33 Trén Í Neill ar ghort nGaoidheal

sgéal as cóir do chomhmáoidheam[h]

fían Eamhna do bean a broid

go teag Teamhra go ttanoicc. Tanoicc...