firstLine"; ?>

1772. Tainig ceo tar an gcreidim $
Length: long c. 38 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1699 (F.5.3) 15th cent
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th cent ?Offaly
  3. RIA 782 (3/C/18) And. Curtin 1709 Cork
  4. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
Prints:
  1. text DiD no. 57
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. Christ as kinsman
  3. Judgment Day
  4. Sin and penitence
  5. brevity of life
  6. renunciation of the world
  7. Tithes
  8. legal terminology (aighne)
  9. biblical allusion
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA 1)
  2. Eoin (TCD 1699)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (Eoch. O hEoghusa RIA 782)
  2. O Tuirithi ?
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Táinig ceo tar an gcreidimh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 57]


Eochaidh Ó hEoghusa .cct. (?)


1 Táinig ceo tar an gcreidimh;

móide feidhm ’n-a faoisidin,

teirce a-cách an creideamh cóir,

beigsheadh ag cách san chanóin.


2 An creideamh ó chloinn Eabha

do-chuaidh dá chion tuigseana

muna chreideadh Muire mhór

an creideamh uile ar n-iompódh.


3 A-tá mei-se is ní mé a-mháin

le feadh m’aimsire i n-urláimh;

’s an líon tarraing i dtá sinn

go lá a tharraing ní thuigim.


4 Tualaing gach duine ar domhan

glóir a anma d’ardoghadh;

déana féin, a dhuine, dhuid

nach fuighe péin ná peannaid.


5 Dom shaoradh ar Dhia na ndúl

do chaithfinn mh’aigneadh d’iompúdh;

a-tám nó go dteagmha dhamh

gan ghrádh gan eagla an Athar.


6 Ní lugha do loit Éabha

a clann - is cúis aithmhéala;

maith do bhábhar muna bheath;

ar chaith Ádhamh is aithreach.


7 Lasfaid na clocha is na croinn,

lasfaidh an fhairrge iomainn;

dlighid leinibh oirchill air

toirrchim dheiridh an domhain.


8 An crann chuirthear ’n-a chuaille

is é, a dhuine, as diombuaine;

ní fhuil acht préamha an chroinn chuir

fa chloinn Éabha agus Ádhaimh.


9 An focal badh nár le neach

is mairg nach téid ’n-a thaithleach;

do-chí Rí nimhe a námhaid

ó ’d-chí fhine an fhanámhaid.


10 Olc an tslighe go Dia dhamh

bheith ar thoradh mo theangadh;

ní mhaithfeadh sé a n-abraim d’ulc

gion go n-abraim é acht d’ábhacht.


11 Naomhuidhe ar an éag ní fhuil

idir óg agus arsaidh;

don leanbh is gabhtha ar a ghuth

ní dearbh go marfa a-márach.


12 Tiocfa lá bhus aithreach d’fhior

deachmhadh na gcnó do chaithiomh;

ní leat acht ní, a dhuine, dhe;

ná bí uile don eitne.


13 An breac as lugha san líon

do-bheirthear d’oidhre an Airdríogh;

cnú bhuidhe dá mbia ’sna cnoibh

ní fhuighe Dia san deachmhaidh.


14 Do rochtain Ríogh na glóire

bronndalta na banóighe

tiocfa lá far dhéanta dhuid

gach lá dá n-éadfa an éanchuid.


15 Gach éigean dar fhulaing sibh

gion gur hurusa a n-áirimh

beid a dhaoine do ló an Luain

nar mhó san aoine d’anbhuain.


16 Do Mhuire ní bhí buidheach

dá bhfreagra an chlí chomhuidheach

an chalann nach uair-se d’ulc

nach uaisle an t-anam d’fhurtocht.


17 “An lá fá mbearthar an bhreath”

is ionráidh re Dia ndúileach

“ní tú bhus mó cuid don chloinn,

ní ró dhuid acht a ndíoghluim.”


18 Leanfaidh Críosd ar chloinn nEabha

na heacha is na háirgheadha;

tar ceann a gcaithimh i bhus

is gearr go gcaithir cunndus.


19 Rachaid mar théid an tuile

gach dúil chriadh dá Cruthuidhe;

do badh oirchilleach dhamh druim

re magh dtoirrchimeach dtadhaill.


20 Biaidh, a Chríosd, an gcéin mharas

neach gach éanlá i n-amharas;

is rioth, a Dhé, don duine

ar bhioth ché ’n-a chomhnuidhe.


21 Is tú bhus aigne, a Dhé, dhúinn

re hucht aingil an iomthnúidh;

iomdha fear aimhleasa ann

feadh th’aighneasa ’mun anam.


22 Éad le dtéid go teagh nimhe

cóir don fheadhain fhúigfidhe;

go bhfaicear cách ’n-a ndá gcuid

ní fhaiceabh fháth an fhormaid.


23 Sgéarad, a Choimdhe, rem chloinn

mar sgaras cnú re crobhuing;

mé mar dhéis ar ndol a gráin,

mo chrodh tar m’éis dá fhágbháil.


24 A n-áireamh ní badh éidir

damh a lán dá leithéidibh;

beanaidh tú call as an gcnaoi

an chnú as a barr mar beantaoi.


25 Do ním-se mar do-ní Pól

gidh eadh ní fhóbraim iompódh;

rugas geall Phóil ar pheacthaibh

gearr do-chóid im chuideachtain.


26 ’N-a gciontaibh ar chloinn Éabha

ní iarrfadh acht aithmhéala;

braithreas dó ris an duine

mó tháirfeas dá thrócuire.


27 Dá saoileadh Dia m’fagháil as

do mhaithfeadh dham a ndearnas;

ar ndéanamh na n-uile olc

do-ghéabhadh duine ó dhúthrocht.


28 Is ionann fuil dá bhfuil sinn

mei-se agus inghean Iaichim;

lór guidhe na n-ógh eile

Muire ógh is áiridhe.


29 Breath do bhreith ní dlighthear dhamh

idir íseal is uasal;

ní bhiú ag meas an té as táire,

ní feas nach é as iomláine.


30 I luach a ndearnabhar dhó

gach ní fhuarais ó Íosa

beir a bhuidhe gidh bé thug

gur bh’é, a dhuine, do dhearlag.


31 Gur ghin Athair na n-uile

gan neamh d’fhagháil d’éanduine;

do bás gan chabhair ’gá chloinn

bás ’n-a aghaidh gur fhuluing.


32 Do fhéadfadh dámadh áil lais

gan bheith d’Íosa ’n-a éagmhais;

faicsin Dé do badh dána

is é i ngaisdibh gabhála.


33 Is mairg duine ar nach bí i-bhus

eagla na breithe bhéaras;

ar gcaoine a-tá gan toradh

lá na ndaoine do dhealoghadh.


34 Eagail leam lá na meidhe

go dtiocfa fam thairngeire

fáth aithmhéile dhamh-sa ar ndul,

bainchéile fhallsa ag Ádhamh.


35 Seoid na cruinne is cleas meallta;

ní fhuil cúis a gcoigealta;

dá bhfaghainn céad dá gach chrodh

méad a n-aghaim is eagal.


36 Ionadh an chuirp ó chianaibh

ag curp eile an aithbhliadhain;

ní bhí acht uain an tí nach tig

don uaigh ag an tí tháinig.


37 Ní tháinig do thigh nimhe

neach d’fheabhas a aithrighe

dá bhfuair bás don uile fhear

nó gur fhás Muire maighdean.


38 Inghean Anna is Mac Muire,

lóchrainn na sé sochuidhe,

ní thánaig is ní thiocfa

cáraid mar an gcuidiochta. Táinig.