Poem in printable PDF format
Tánaig long ar
Loch Raithneach
[Watson, W. J.
Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore
(Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 30,
p. 224-33]
A ughdar so an
bard Mac an tSaoir
1 Tánaig long ar
Loch Raithneach
go h-úrchóideach
ionnsaightheach,
go h-aistreach
éadtrom earlamh
fairsing déadlach
doidhealbhach.
2 An long soin do
luadhtar linn
níor chum
cumadóir romhainn;
córaide a
h-iongnadh d’innse,
cia a fiodhradh
dá foirinnse.
3 Buird do
dhuilleógaibh dreasa
ó chorraibh
a caoimhleasa;
[......................................]
tairngí dreasa
’gá dlúthadh.
4 Reanga láir do
luachair chrín,
totaí coiseóga
cláirmhín;
ráimh do
sgealbaibh raithnigh ruaidh
ré gráin na
fairge fionnfhuair.
5 Crann siuil do
chuilcnibh calma
ré muir dúrdha
danarra;
tá slat
bhréan ar gcúl an chrainn,
connlán dúr ar a
[....................].
6 Cáblaí do
chaithibh eórna
ar srothaibh ’gá
sírsheóladh;
seól sreabhainn
ris an chairbh dhuibh,
deabhaidh searbh
ag na srothaibh.
7 Long na
ndrochbhan adeir cách
ris an luing go
gcruth neamhghnách;
cóir tuilleadh
san lucht san luing
ré h-ucht tuinne
dá tarraing.
8 Na mná
measgacha mórdha
’na deireadh ar
drochcomhrádh;
sál tar a leas
annsan luing,
freastal gan ádh
gan urraim.
9 Na mná loma
náireach soin
ar leabaidh
draighin deacair;
taom tar a gcois
annsan gcairbh,
brosnadh ar an
ghaoith ghléghairbh.
10 Na mná
labhrach ar gach leth
do ar
[....................] na cairbhe,
iona ngurrach ré
taobh tonn,
gaoth [........]
fuighleach focal.
11 Na mná
coitcheann corra soin
ós cionn cáich
annsan gcrann-soin,
a ndeireadh ré
gaoith na ngleann,
dlaoi teineadh fá
dtimcheall.
12 Na mná
uaibhreacha uile
i dtopchrann na
caomhluinge,
gan [..........]
gan chairrge dhe
acht fairrge
ag fadódh feirge.
13 Torann tréan
annsan mhuir mhóir,
fearg ar
iarmhaint an aieoir;
an cuthach
ar cairrgibh clach,
sruth na
fairrge ’gá folach.
14 Frasa garbha
ré gaoith Mháirt,
cairrge loma mán
luathbháirc;
fraoch ar
tosgaraibh na dtonn,
gaoth ag brosnadh
má dtiomchall.
15 Anfadh garbh
ré gaoith shneachta
’gá casadh mán
chuideachta;
go muir [...] is
í nach tiugh;
long shalach tá
má timcheall.
16 Idir cheann is
chois is láimh
gan díoth díola
ar na drochmhnáibh;
ar cígh chuain ar
cairde a mach
ar fairrge bhrígh
ón bhfadódh.
17 Tá lán
Luicifeir i luing
Mheic Cailéin,
Donnchaidh dhearccuirr,
ar ghalraighe ar
ghnáth ar dhath,
do mhnáibh na
ndeárna ndatha.