firstLine"; ?>

1776. Tainig san cluiche ag Cormac $
Length: very long
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. RIA 72 (3/B/14)M.Og OLongain trscrBOH
Prints:
  1. transl. McKenna, BOH no. viii
Motifs:
  1. envoi to patron’s wife
  2. Envoi to another patron
  3. envoi to St Peter
  4. imagery for patron
  5. prowess in battle
  6. spartan life of warriors
  7. cooperation btn English and Irish
  8. king’s officers: maoir
  9. historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (O’Hara MS - at next poem)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cein
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Apologue Subclasses:
  1. Boyhood of Fionn
  2. Battle Moytura
  3. Mogh Nuadhat returns
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Táinig san chluiche ag Cormac


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 8]


1 Táinig san chluiche ag Cormac,

gég nach uaisle an iubhurshlat,

má tharrla beart ag dol de

a neart ag cor san chluiche.


2 Ní rugadh aonchluiche air

le hiomud a bheart mbaoghoil,

críoch thiormaibhneach na ttrágh tte

fa chlár lionnmhaighreach Luighne.


3 Tairnig dhó - díochra in toirbheart -

le hiomad a uasoilbheart,

fear le bhfríoth fuighle filiodh,

críoch Luighne do léirthiliodh.


4 Beart cluiche ní dheachaidh dhe

gur tiliodh dh’éis ar-oile,

clár bindealtach na mbrat ngeal

le himeartach mhac Míleadh.


5 Gnáth craobh ar díon a duille;

do hsaor imirt éanduine

síol ríghEadhra tar rún cáigh,

súdh na fíneamhna a fionnMháigh.


6 Ó aois leinibh - lór do rath ! -

do bhí ag déanamh beart mbaodhluch,

ceann an tslóigh nar mhuidh mionna,

gur fhóir ar fhuil Oiliolla.


7 Ó hEadhra nar ob éinfhear,

ní raibhe acht aois óigfhéinniodh

uaidh dhá dhaghathair ar ndul

ag sduaigh glanachoidh Gulban.


8 Suil do éirigh Ó hEadhra

fóbroid cách - cúis doimheanma ! -

slat do mhín muighe Mumhan

a thír uile d’átucchadh.


9 Ó aois leinb gus an lá a-niodh

do éiridh d’aimhdheoin Gaoidhiol,

damh na ríghealbha ó ráth Cuirc,

fáth mímheanma do mhaluirt.


10 Tar mhíorún cháigh um Chormac

fríoth le folt na bhfochonnshlat

ós chionn shlóigh fhola hEadhra

a thogha mar thighearna.


11 Cách ar ndéanamh dóithe dhe,

tulcha réidhe learg Luighne

a-táid dá n-aimhdheoin uile

fa thaibhgheoir fhóid Iughoine.


12 Ar an gcorsa cian ó shin

d’aimhdheoin gach aoin do éirigh,

samhoil Chormoic d’iadh Earca

triath dob ordhroic n-aigionta.


13 Do bhí ag Cnucha - fa cúis leoin;

is dé a-tá tús an uirsgeoil -

a ndán do ghéirreandoibh Guill

cládh do chéimeannoibh Cumhuill.


14 D’aithle an chatha do chor air

Cumhall dá éis nír fhágoibh,

bláth na saorshlat ó Bhóinn Bhreadh,

acht aonmhac dar chóir creideamh.


15 Ní raibhe dísle ag duine

d’éis Chumhoill d’Fhionn Almhuine,

craobh raichéillidh ón Bhóinn bhinn,

flaithfhéinnidh do fhóir Éirind.


16 Fios a eachtra as aithnidh damh;

rug Bodhmhonn dh’éis a athar

an leanbh lé idir bhonnoibh beann,

gur fholuidh é ós íseall.


17 A ndiamhroibh a n-ochtoibh all

dá chaomhna do bhí Bodhmhand

ón ghlionn fholuidh go ar-oile

do fhoghoin d’Fhionn Almhoine.


18 D’eagla aitheanta - as dál dearbh -

beart allmhurdha fan óigleanbh

do chuir a bhuime Bodhmhann

ler luigh uirre d’anbhforlann.


19 Le huamhan a daltáin dil

fead aonuaire dá haimsir

ní thug faill a mac Mhuirne,

slat nar chaill a comairghe.


20 Mar sin dí ó ghlionn do ghlionn

gá dhíothludh ar fhud Éirionn,

géag cubhra do-chuaidh ós fhiodh

nó go bhfuair umhla ar éigean.


21 Éirgheas in flaithfhéinnidh Fionn

dá éis so dh’aindeoin Éirionn,

dá bhfuair rímheirgi bheann mBreagh

geall díbheirge fa dheireadh.


22 Dob éigean dó teacht fa a thoil;

tug Goll a n-íoc a athor

a bhreath féin dó fa dheireadh;

ag só in céim do cúitigheadh.


23 Gá dám ris acht ráinig Fionn

cuid a shean d’inis Éiriond;

críoch a oirbhearta as sé sin

an té as oirrdhearca ag eolchaibh.


24 Do fágbhudh eighre ó nEadhra

’n-a ógmhacaomh oireaghdha

mar do fágbhadh a fáidh Fionn

ag clár fhádghlan na hÉirionn.


25 Do nós Find d’éis a athor

ní fríth - gá mó mearachadh; -

neach san tírse cloinne Céin

do-rinde dísle dhoiséin.


26 Do éiridh d’aindeoin gach fhir;

ar ó nEadhra do imthigh

dála flatha na Féine,

brágha chatha Choirrshléibhe.


27 Do éiridh an donn daithgheal

le hiomud a ionnsaightheadh

’s le méd oirbhirt Í Eadhra,

an ghéag oirrdheirc fhíneamhna.


28 ’N-a chédarmoibh ar ndol dó

nír leig uaidh uiread aonbhó,

an chraobh tharoidh ó thoigh Tháil,

gan bhoin ’n-a haghoidh d’fhagháil.


29 Goin san ghoin is creach san chreich

gur chuir an iomáin d’éinleith

- nír bhean a ghníomh re gníomh tais ! -

do-níodh ag díon a dhúthchais.


30 Feadh Luighne na learg nuadhonn

mór do fuilngeadh d’éadtualong

Cormac ar cách suil do chinn,

bláth na ndonnshlat a Duibhlinn.


31 Do bhíodh thrá - fa tuar docra !-

gan fhleidh gan cheol codolta

acht sriobh caol a ngabhloibh gleann,

craobh do tharrngair an Táilgeann.


32 Do bhíoth gur éirigh d’fhoghoil

lámh aige as an aradhuin,

’s lámh ’n-a armoibh uair oile

ag faghluidh Chuain Challroidhe.


33 Rí Luighne na gcuach gcorcra

do bhíoth faoi feadh codulta

folt donnghlúineach dan dual toil

gormlúireach fhuar mar iomghaidh.


34 A cheannaghart gach n-oidhche

dob í an cheinnbheart chlochfhoirfe;

ar a cholbha dho chuireadh

an t-omhna nar hionnsoighiodh.


35 Do bhíoth idir bheannoibh sliabh

ó Challroidhe go Coirrshliabh,

súil re a dheirbhfhine dho dhíon,

ceinnbhile dh’úir na n-airdríocch.


36 Triath Luighne na dtoirbheart dtrom,

mór fhuair Ó hEadhra dh’fhorlonn

fa chlár mín na magh sreaphghlas

gur ghabh tír is tighearnas.


37 Bruit chorcorrdha agus cuirn óir,

fíon is ceol - ní cúis dobróin ! -

ar faghoil, gérbh fhada dhó,

aga i n-aghoidh a andró.


38 Gnáth aigi a n-íoc a fhorloinn

’n-a chúirt fhionnbhláith iobhardhuinn,

gruadh nár do fógradh le Fionn,

gáir ógbhadh is fuaim fithchioll.


39 Luach a easaonta dhó ag dol

gnáth ’n-a thigh bráighde biodhbhadh,

múr fonnbhán na bhfeadh gcubhra,

is tromdhámh fhear n-ealadhna.


40 Eighri Céin nar char cionta

fuair sé ar son a oirbhearta

aoibhnios fa mhian a mheanma

san chaoimhlios fhial oireaghdha.


41 Ní tugadh bhós - ní bréag sin -

a chuid d’aoibhneas fhóid Fhionntoin,

críoch na sriobh ngoirmealtach nglan,

acht d’fhior oirbheartach uasal.


42 D’iath Banbha na mbord n-oirrdhearc

mór fhuair do bhrígh bhuanoirbheart

fa chrích ngloin na mbraoinlios mbláth

a thoil d’aoibhneas is d’iomrádh.


43 Tar churadhoibh fhuinn Earca

tug iomad a oirbhearta,

ré iomlán ó thoigh an Trír,

iomrádh ar Choin in Chleitín.


44 Ó Chonn Céadchathach tar ceart

fuair leath Éiriond a hoirbheart

le neart deorudh go fiadh bhFáil

ar dtriall d’Eoghan ón Easbáinn.


45 Murchadh mhac Briain - ní beart nár ! -

fuair as a oirbheart iomrádh,

na hórchroinn fa gloine gníomh,

tar mórchloinn oili in airdríogh.


46 Branán coimhghe chláir Lughaidh

Cú Rí fa rí dh’Iarmhumhain,

ceann an tsluaigh dob iomlán iocht,

fuair iomrádh as a oirbheart.


47 A Magh Tuireadh - taom oirrdhearc -

cian uadh do dhruim deaghoirbheart

- báidh linn a gcur fa chormhthaibh -

do chinn Lugh ar Lochlonnchaibh.


48 Dá nós súd - ní saobh in reacht -

fuair tusa inmhe a hoirbheart,

a bhláth craobh Thighe an Teampla,

a bhile saor soidheargtha.


49 Dá bhfaghtha a bhfuarudar sin

ní thiobhartha, a thuir Uisnicch,

geall ar oirbheart d’aon oile,

a ghoirmdhearc shaor hseabhcoidhe.


50 Ní dóith d’aonduini hoighriocht;

ní déntar ód dheaghoirbheart

dóith chogoidh do chloinn Eadhra,

a chroinn abaidh fhíneamhna.


51 Tugsad cách - ní claon in reacht ! -

geall ar uaisle ’s ar oirbheart

doit, a chéile cláir Eamhna;

cóir na tréidhe tighearna.


52 Táinig dhíot díon do shleachta;

fuair tusa a hucht t’oirbhearta

mar nar fhaláir, a bharr Breadh,

anáir Ghall agos Gaoidheal.


53 Sí fad mhaoroibh, a mheic Céin,

críoch Luighne na magh mínréidh,

a ghéag thoroidh ón Bhaoil bhuig,

a cobhair dod thaoibh thánuig.


54 Bíodh Peadar eadrom is sibh

laithe in bhrátha, a rí in ríchigh;

cneadh ad chígh gidh doilidh dhoid

bhur n-oighidh as trínn tánoig.


55 A mheic Gráinne, a ghruaidh mar shuibh,

nach marann tú, a thuir Aolmhuigh,

uch mun-uar is fáth urchra

truagh sa chách an comhorrtha.


56 Teisd inghine Maoil Mhuire

béim dhí ní fhuair aonduini;

sí do chléir ní dóidh dhearoidh

dá méin as cóir creideamhoin.


57 Lorg a sleachta lé leantoir;

fuair teisd as a toirbheartoibh,

bean do-chóidh tar crú Suibhne;

clú cáigh ar a comairghe.


58 Ní ceiltear maoine Máire,

’s í fa thoil gach thromdháimhe;

a daghshamhoil as sí soin,

as baramhuil í d’Eimhir.


59 Blagh ’n-a áit aice ag anmoin,

téid sé uile dh’ollamhnoibh,

cuid dá crodh rú ní rannfa;

cor a clú ’s dá comharrtha.