firstLine"; ?>

1777. Tainig tairngire Chiarain $
Length: middling 16qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy cp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Prints:
  1. transl. Archiv. Hib. i, 83-4, 101-3
Motifs:
  1. internal dating
  2. qualities of patron’s character
  3. Ireland’s woes prophesied
  4. nature mourns for patron
  5. general grief
  6. transience of world
  7. plight of true faith
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Og (Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Eoin
Patron Surnames:
  1. O Cuileannain d.1661 (Poem dated 1649)
Apologue Subclasses:
  1. Ciaran’s vision of light and darkness
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Táinig tairngire Chiaráin


John MacErlean (ed. & transl.), ‘Eoin Ó Cuileannáin: Bishop of Raphoe, 1625-1661’, Archivium Hibernicum, 1 (1912), 77-121, poem 1]


Gofraidh Óg Mac an Bhaird cct.


1 Táinig tairngire Chiaráin

do fíoradh an finnfhialfháidh

fa chlár tromairt na dtrí magh

gach ní adchonnairc na chodladh.


2 Lá dár chodailsion i gCluain

Ciarán i n-eaglais fhionnfhuair

do chí amhra dob fáth doghra

tarla ag cách an chomhardha.


3 Do chonnairc uaidh ann sain

soillsi is dubhadh na deaghaidh

níor thuig féin fáth an fisin

scáth dá fhéin a innisin.


4 Goirid do na dheaghaidh sa

go dtáinig Breanainn Biorra

do scaoil grian lánghlan linn

ciall ádhbhal na haislinge.


5 An tsoilse réidh ghrianach gheal

is é ar Ciarán an creideamh

adhbhar cumhadh dár gcoing so

goill an dubhadh dá fhógra.


6 Do chách an seal so is é a shuim

bás easpuig chríche Conuill

is pudhar an chiaidh do chuir

dubhadh i ndiaidh an dealruimh.


7 Do bhí ar lasadh le a linn

soilse an chreidimh cúis inghill

mar ghriangha fa chách do chuir

dá scáth riaghla dá rochtuin.


8 Do mhúch gach locht níor léir coir

an feadh do bhí na bheathaidh

gan súr feirge le fioghair

gan rún ceilge i gcroidheadhaibh.


9 Atá gach laoi dá lochtain [leg. los-soin ?]

imreasáin sna heaglasaibh

na cheo dhoirche na dheaghaidh

lucht ceo choidhche ar chroidheadhaibh.


10 Do dhúisigh falta fine

do mhúch gach maith poiblidhe

téid súil do chrábhadh ar gceall

is áladh dhúinn a dhilgheann.


11 Dúinne an tan sa tharas tuigthe

soilse an chreidimh chathlaigthe

gá doilghe béad do bhunadh

dá éag oirne ar n-urdhubhadh.


12 Eoin Ó Cuileannán cruth sámh

ionann s mar do chan Ciarán

do chreideamh tolcha an trír ghlain

do chím an dorcha na dheaghaidh.


13 Teasda an fhéile ar na oidhidh

do chuaidh iul fhiafroighidh

beag nach neamhghlóir gach ní anois

seanmóir í ag an eaglais.


14 Ionann chaoinid druim ar dhruim

eoin is ceathra chraoi Chonuill

lór do scáth is daoine

bláth úire dá éagaoine.


15 Sé chéad déag bliadhan amháin

naoi is ceathrachadh cúis iomráidh

ó ghin Chríost gá tréad nach dtuig

gan díosc go héag an easpuig.


16 Uaisle ar gcríche cinn ar gcliar

ar n-ollamhain ar aoinrian

fa éagnach mar bhíd i mbraid

a n-éagcruth is tríd tánaig. TÁINIG TAIRNGIRE