Poem in printable PDF format
Tairnig an
seal-sa ag Síol Néill
[Brian Ó Cuív: ‘A
poem composed for Cathal Croibhdhearg Ó Conchubhair’, Ériu
34, 157-174]
1 Tairnic in
sel-sa ac Síl Néill
mar do ordaig in
flaith féin
dá fuair in
flaithes fuirmech
Niall coscarach
cathbuidnech.
2 Meic Echach,
Muigmedon mas,
Niall, Ailill,
Fiachra foltchas,
Fergus is Brian a
Bregaib,
cúic meic Echach
airmlebair.
3 Luidset in
cúicer saer seng
ar cuairt ar
uaislib Éirenn;
mo-chen ór chin
in cuaine,
clann ríg Temrach
taebuaine.
4 Do-niat selg a
Cnogba chuirr
na cúic slata a
cathair Cuinn;
fastait muic
mórgairg menmnaig
na cuiléna a
claenTemraig.
5 Do-ní Niall is
Fergus finn
fianboth caelaig
ós a cinn;
Ailill is
Fiachra, na fir,
benait seisc
mbarrúir mbuingil,
6 Tuigis Brian,
barr in fhine,
slesa taebhlebra
in tige;
atait teinid
crithrig cuirr;
innénait in muic
mórthruim.
7 Caithset a
fulacht ferda
cúic onchoin
tellaig Temra;
don gasraid
chúilfhinn chorcra
ros-gab íta in
fhulachta.
8 A-dubairt
Brian, barr in tsluaig:
“Gabad nech a
arma uaib
ocus sired leis
co luath
uisce fuar inar
finnchuach”.
9 Faemais Fergus
bailc buidnech
dul do ráith na
mac muirnech
d’iarraid in
fheda bláith buic
nó co tarla ar in
tiprait.
10 Mar do
thoimdig cuice in cuach
at-chonnaic
Fergus in fuath,
arracht gránna co
nguth ngarg,
arait
garbfhinnach gruadard.
11 A-dubairt, dá
díchur di,
nach fuigbed
aenchuach uisce
ar chomaid airgit
ná óir
acht dul ’na
caemtha i cétóir.
12 Intóis uaithi
Fergus fial
co soich co a
bráithrib, co Brian;
nír adaim in
degmac dáib
in mnaí ná in
t-uisce d’fhácfáil.
13 Tochrait uirri
druim ar druim
maicne
Moingfhinne in mórgluinn;
nochar fhás tarba
dóib de
uair ní fhuaratar
uisce.
14 Gabais Niall
cúilfhinn in cuach
ocus rithis leis
co luath;
siris in fid
ndorcha ndall
d’iarraid uisce
na habann.
15 Nír fhata don
mac menmnach,
do Niall a toraib
Temrach,
co facaid in
macám muad
in sruth
lochthoprach linnfhuar.
16 Cúic buinne
áille arda
d’ibraib caema
comarda
ina ndosaib - ba
dín sluaig -
ós in linntiprait
lánfhuair.
17 Tinsaitne
caema cruaide
trésna dosaib
dlúmuaine
do chaeraib
cruinne corcra
fán tiprait saír
somolta.
18 Cairthe ar lár
in topair theinn,
comsholas re
gréin a greim,
do shoillsig in
linn lebair
in lia taebderg
taebshlemain.
19 Do bí tré
chenn in chairthe
can anad is can
aithbe
sruth ina stuaig
báingil buic
co toited isin
tiprait.
20 Ré do maigrib
soir is siar
im in
nglaislinn-sin co grian
ac techt fón
sruth n-uar n-idan
fó fhrémaib na
rígibar.
21 Nochtais Niall
cúilfhinn in cuach
ó ráinic in linn
co luath
dá chur fón sruth
nglan ngainmech
taidlech nglasuar
ngelmaigrech.
22 Éirgis cuice
suas ón tsruth
fiadchaillech
roba garb guth;
sínis uaithi i
coinne in chuaig
láim féithig fata
fortruaig.
23 Décais uirri
Niall neimnech,
mac ríg Gaídel na
ngeimlech;
bidcais a chraide
ina chliab
leis in fuath
n-éitig n-ainfhial.
24 Súile linnacha
liatha,
mailge garba
greinnliatha,
fiadmael deimside
ar na dód
tréna cenn
cnámach cluasmór.
25 “Dámad duit, a
fhir engaig,
a uí Thuathail a
Temraig,
nocha béra can
luach lat
uisce tonnglas mo
thiprat.”
26 “Nochan fhuil
m’airget ná m’ór,
a ben dífhregra
dímór,
ní thibar duit
tar a chenn
cuach Echach
airdríg Éirenn.”
27 “Dámad let in
cuach do-chím
do shloinnis-se
ón airdríg
bad ferr lim
caemthach colla
let, a laedán
Liatroma.”
28 Do-ní-sim
comairle cruaid,
mac Echach
Muigmedon muaid;
cér uathmar
do-delba a drech
comraicis ria
Niall noíthech.
29 Dercais uirri
as a haithle
ua Fiachrach,
glan a graifne,
co facaid ré a
thaeb i tlacht
ingin mongbuide
macdacht.
30 Do lasfad
grian ocus gaeth
dá gnúis rígnaide
can fraech,
ba coimgel a
cruth caidche
re snechta n-uar
n-aenaidche.
31 “Ó ro scaras
rit fó scéim,
ó ro chlaechlóis
do deilb féin,
innis, a
shaerchlann shercach,
t’ainm, a ingen
ilrechtach.”
32 “In flaithes
meise, a Néill náir,
a uí Chairbre
chrechaig cháid;
is í in tipra
gainmech gel
Inis Fótla na
finntreb.”
33 “Is iat na
hibair arda
na cúic cúicidh
comarda;
is iat caera na
n-eó n-ard
étála na ríg
ro-garg.”
34 “Is é in
cairthe taidlech tenn
Uisnech ardmedón
Éirenn;
is é in sruth
caem can cruaide
Feis na Temra
taebuaine.”
35 “Is iat in ré
maigred mór
flaithe Éirenn ac
in ól;
íbait Feis Temra
na treb
mar ebait in
sruth saergel.”
36 “At-chífe-se
a-nois, a Néill,
a ngéba dot
chlainn bu-déin,
ar na rím dam
bu-déine,
Inis Fótla
fonnréide.”
37 Tuc a gualainn
re fót féig
ua Muiredaig
Thírig thréin
cur innis dó in
mín medrach
maithe rígrad
ro-Themrach.
38 Do innis dó
’na degaid,
do mac Echach
airmlebair,
remes cacha ríg
dár gairm,
fed a ríge ’s a
rígainm.
39 Ar n-áirem dó
in chaecaid chaím
do na maigrib
taeb re taíb
ac snám shrotha,
ac léim na lec,
co faca in bratán
baillbrec.
40 “Cúich in
rí-se a-nois?” ar Niall,
“innis dúinn, a
ingen fhial,
cúich in ré chaem
can chruaide
buaidres in linn
lachuaine?”
41 “Tosach
clainne buice Briain,
do-só in Banba
dóib it diaid,
faefat-sa leis,
bud é m’fher,
in bratán álainn
uchtgel.”
42 “Is é sin
Toirdelbach trén
gébas Éirinn na
n-arm ngér;
buaidéraid in
mBanba mbuic
mar buaidres tís
in tiprait.”
43 “Cia so thís
cus na srebaib
chuartaiges in
linn lebair,
is bec don ré
maigred mór
nach fuilet uime
ar n-impód?”
44 “Ruaidrí mac
Toirdelbaig thréin,
céile eile dam
féin;
gébaid Éirinn re
hathaid
lethguaillid
Cuinn Chétchathaig.”
45 “Cia anois in
bratán baillgel
’ma n-iad in ré
mór maigred,
innis dúinn can
sceinm in scél
can as ngeib in
flaith fortrén?”
46 “Mac Ruaidrí,
ríg cáid Cruachna,
airgnech Line
’cus Luachra,
taisleoir Muige
braenaig Breg,
lennán dam in
laech láingel.”
47 “At-chiú-sa
anois éicne án,
a ingen gasta
gruadnár,
co n-eithrib
corcra cruinne
do rochtain in
rígbuinne.”
48 “At-chiú anoir
isin sruth saer
ina n-agaid taeb
re taeb
rechta gránna co
ngráin piast,
réithe gorma do
gairbiasc.”
49 “Do-rónsat
trota is trena
ris na maigrib
móirgela
do cach leith ’m
in finnlinn fuair
ar cúl in bratáin
ballruaid.”
50 “Is iat in ré
gránna garb
Bretnaig co
n-imat a n-arm
cus na gelmaigrib
dá nguin
Sacsain, Francaig
tar finnmuir.”
51 Mo-chen tír
cus a toraid
éicne Ruadmara
Romair,
in bratán
doinneithrech derg
dana comainm in
Croibderg.”
52 “Naí mbliadna
’cus trícha trén
remes in
Chroibdeirg, ní chél,
mór cliath, mór
cuire ro cherb
co toracht in
laech láimderg.”
53 “Náram léic
uada im aenar,
toisc dá mbia in
Banba i mbaegal,
in t-airdrí
ceirtbrethach cáid;
bidam senóir in
tan táir.”