firstLine"; ?>

1784. Tairnig eigse fhuinn Ghaoidheal $
Length: short 11qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster ?
Classes:
  1. on decay of poetry
Manuscripts:
  1. RIA888(12/F/8) O’Curry trscr. of RIA5
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  4. RIA3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
  5. RIA 308(23/M/16)A.MacMathgh.1767-76
Prints:
  1. text DiD no. 115;
  2. transl. Ir. Monthly 57, 165
Motifs:
  1. education of poets
  2. decay of old poetic learning
  3. Persecution of poets by English
  4. Foreign conquest of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (BOCD)
  2. Fearflatha (RIA5, 308)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
  2. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Eochaidh
Patron Surnames:
  1. O hEoghusa
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 115]


Fear Flatha Ó Gnímh .cct.


1 Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal;

adhbhar suadh nó saordhraoidheadh

ní mhair díobh - damhna cumhadh -

ná díol anma ollomhan.


2 Táinig a ré leath ar leath

sgol Uladh, éigse Laighneach;

deachmhadh dámh Muimhneach ní mhair

ár gan fhuighleach an t-ár-sain.


3 I gcrích Chonnacht ceardcha sgol

ní mhair ollamh ná adhbhar;

tug fam chridhe ceo orchra,

’s ní beo file foghlomtha


4 Oighidh Taidhg dhuansgagtha Dhoill,

éag Eochaidh mheich Maoil Eachloinn,

tug draoithe Éireann fa oil

géibheann maoithe fa a meanmoin.


5 Ní clos sgolaidhe - sgéal tinn -

d’Íbh Dálaigh nó d’fhuil Uiginn

ag túr lighe i leabthaibh both,

dá ealtain fhine n-eolach.


6 Uch ní mhair caomh ná cara

d’fhuil ealadhnaigh Eochadha;

ag sin cuire cridheadh nglan;

uile a cineadh do-chuadar.


7 Clann Chraith dá gcreidis sgola,

fine rannghlan Ruadhnadha

méala nach marad an dámh

fréamha carad is compán.


8 I gcrích Uisnigh an fhuinn ghloin

sgotha fileadh, fuil Chobhthoigh,

sgéal mór gan mharthain na sgol;

a sgarthain is clódh céadfadh.


9 Clann an Bhaird, [clann] Con Midhe,

tearc fisidh nó fáidhfhile

- mo dhall chiach-sa is ceo cumhadh -

beo d’iarsma na n-ollomhan.


10 Tug fógra dámh an domhain

is col d’fhagháil d’ealodhain

fuil chrannda dá cora i gcion

’s na fola arda ísiol.


11 A fhir sgaoilte na sgéal sean

’ga mbí seanchas mac Míleadh

ní ham sgéal do sgaoileadh dheid

tréan Ghaoidheal an tann tairnig. Tairnig.