firstLine"; ?>

1787. Tanag adhaigh go hEas Caoile $
Length: long 45qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
  4. Sir Con O’Neill’s MS (Eigse xiii) 1681
  5. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 25
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. patron’s intellectual attainments
  3. Material rewards for poetry
  4. patron’s liberality to poets
  5. poet’s mourning for patron
  6. patron’s reward in Heaven assured
  7. citation of earlier material by name ?
  8. patron’s house
  9. music
  10. dog
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall ( BOCD, RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Maolmhordha mc Maolmhuire & mcGorml
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne [Connacht branch?] d. 1581
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Tánag adhaigh go hEas gCaoille


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 25]


1 Tánag adhaigh go hEas gCaoille

bhus cumhain liom go ló an bhráith;

méaraidh choidhche ar ndol don dúnsa

cor na hoidhche is cúrsa cáich.


2 Samhail na bhfear fuaras romham

san ráith fhoirfe dob úr niamh,

ar sleasaibh data an dúin chorcra

ní fhaca súil rompa riamh.


3 Beag mhaireas don mhuintir ionmhuin

uaras romham san ráith ghloin;

teacht ón chás níor bhreathnaigh Banbha -

bás an cheathrair tarla astoigh.


4 Fuaras Maol Mórdha Mhac Suibhne

ar slios meadhóin an mhúir chuirr,

fear na modh saoghalta síthe,

aondalta sgol Chríche Cuinn.


5 Mh’anam an fear fuaras romham

i ráith chúplaigh na gcolg ndéad;

fríoth a dhá luagh anshóidh eisde -

mh’anóir uadh gur meisde a méad.


6 Dalta is oide d’éigsibh Banbha

branán Finne ar feadh a ré;

ar bhfáth tnúidh, ar n-aisgidh ollamh,

taisgidh rúin na n-ollamh é.


7 Ar luibh íce, ar n-órtha chodail,

ar gcraobh thoraidh, ar dteach séad;

mír cruadha nár éimdhidh aoinfhear

éinghein bhuadha Gaoidheal nGréag.


8 Fuaras timchiol mheic Mhaoil Mhuire

m­órán d’éigsibh dob fhiú a riar,

re sgaith gach ceirde san chruinne,

fa fhlaith nDeirge ag suidhe siar.


9 Ní ­rug lá go laithe éaga

a­r é­igsibh slóigh Thighe Truim

gan bheith lucht catha nó coinne

re hucht flatha cloinne Cuinn.


10 D­o bhí an uairsin seach gach aimsir

ar uillinn laoich Locha Cé -

maith sgiamh a n-ollamhnaidh ortha -

triar d’ollamhnaibh Tholcha Té­.


11 Do bhí ollamh Iarla Búrcach,

do bhí bhós re a bhruinne séimh

file dob orradh re a áirimh,

ollamh fine náirigh Néill.


12 D­o bhí ollamh airdríogh Muaidhe,

Meic Uilliam Búrc na mbreath bhfíor -

dia do neamhghlóir car na cruinne,

seanmóir nách mar duine dhíobh.


13 Brian Ó Domhnalláin, dreach fhaoilidh,

ollamh leómhain Locha Raoibh;

sé ag sgolaibh ’na ré ós réalluinn,

soraidh dá ghné shéaghuinn shaoir.


14 Brian Mhac Con Midhe, mac Aonghuis,

ollamh í Néill na Naoi nGlas :

fear a aoise dob fhearr n-iomchuir,

geall gaoise dob ionchuir as.


15 Conchobhar mhac Mheic Í Uiginn,

ollamh airdríogh Inse Cé,

beag nár gheall re flaith an file,

ceann ar mhaith dá fhine é.


16 An triúr fileadh fuaras romham,

fa réaltainn chorcra an chnis ghil -

faghar aca fa fhiadh mBanbha

triar a maca samhla sin.


17 Éirghid romham do rún aoinfhir

d’uillinn an ríogh fa rí dhún;

minic bhím dá gcuimhne im’ chridhe -

fuighle an trír ag snighe ar súl.


18 Foghar taidhiúir na dtéad meannchrot,

milse meala, meisge chorm -

truagh nách mar an tí dá dtáireas -

do bhí dhamh ’na n-áineas orm.


19 Gabhaid oram ag ól chorma

go ceann treimse ar dteacht ’na gceann -

fa lucht freasdail dóibh na deighfhir -

d’easgraibh óir, do bhleidhibh beann.


20 Mar thairnig dhúinn dul do thoirchim

ré dtocht laoi dár leabthaibh suain,

ní chreidfeadh sé nár bhreath bhroide,

gi bé neach dob fhoide uaim.


21 Do luigheas ar lár an cheathrair,

ceithre taoibh fa tocha leam,

trí comthaigh do chráidh mo chroidhe,

láimh re honchoin Mhoighe Meann.


22 Innisim sgéal do sgoith Teamhra

’sdá thriú­r chomthach do chionn luaigh;

mana teasda dhóibh a dhaoire,

fleasga ó­ir an taoibhe thuaidh.


­23 Ceithre seóid ’na séadaibh buadha

beanaim dhíobh i ndíol mo sgeóil;

gan mhac samhla na séad bhflatha

créad acht damhna datha ar dheóir!


24 Beanaim ainnséin an t-each ballach,

san bhreith ar dtús tugadh damh -

torchoir an fhéile arna oidhidh -

d’onchoin Shléibhe groighigh Gamh.


25 An t-each ballach do bhean mise

do Mhaol Mhórdha - mairg do bhean -

tearc i mbeathaidh a séad samhla,

sdéad ós eachaibh Banbha Breagh.


­26 Do bheanas do Bhrian mhac Aonghuis

aonrogha chon Chláir Dá Th­í;

dob fhiú a maith a cor ós conaibh

do sgaith chon an domhain dí.


27 Seóid Éireann dob usa leision

do léigion uaidh diaidh i ndiaidh -

créad nách maolfadh ar méad meanma­ ? -

’ná séad saorchon breaghdha Briain.


28 Ó Bhrian mhac Eóghain uair mise

mionn leabhair do luach mo sgeóil,

ré gcodal don donnbhán díllidh,

tobar lomnán d’fhírshreibh eóil.


29 Tána, tochmhairc, toghla an bheatha

do bhí san aisgidh uair mé;

míneaghadh a gcath ’sa gcéimeann,

sgath ríleabhar Éireann é.


30 Tug Conchobhar an gcruit sídhe,

séad buadha nách bronnfadh rí;

fada is oighreacht bróin an bronnadh,

níor thoirbheart chóir d’ollamh í.


31 Cruit ollamhan fhola Búrcach

tre bhioth síor budh séad fa chion;

teasda an tí ga bhfaghair uaidhe,

’smaraidh sí go nuaidhe aniogh.


32 Mairg dar leannáin lucht na dtoirbheart,

ó tharla i ndán deaghail rú;

fir nárbh fhallsa i dtigh na togha,

fir rérbh annsa cora a gclú.


33 Ní mo chean dar gceathrar leannán,

mo lucht aoinleabtha, mh’aos rúin;

ceithre tamhain do choill chnuasaigh,

croinn taraidh fa dhuasaibh dhúin.


34 Luaimneach mo chiall, corrach mh’intinn,

d’éis na buidhne nách buan rug;

m­airg tarla ’na ndiaidh ar dhomhan,

Banbha Briain gan toradh tug.


35 Briseadh croidhe ceann na buidhne

do bhí astoigh do theasdáil uainn;

níor theasda ó ollamh riamh roimhe,

bronnadh fial a chroidhe chruaidh.


36 Go n-íoca Dia le Maol Mó­rdha

an mhéid d­á ionnmhus uair m­é;

fear tiodhlaicthe ar dháil gach du­ine,

tiodhlaicthe cháigh uile é.


37­ Fuighle milse, meanma ghruamdha,

gníomh foirniata, focal tláith;

feitheamh gach éinfhir dá fhine,

breitheamh, féinnidh, file, fáith.


38 Séad commórthais Chloinne Breóghain,

a mbreith chluiche, a gcosnamh gill;

sásadh meanman na ndámh ndoiligh,

grádh na seangbhan mboilidh mbinn.


39 Teagar inill, aigneadh caithmheach,

comhall bréithre, briseadh síodh;

gruaidh úr rér dhoidheaghla dearca,

glún oileamhna an reachta ríogh.


40 Fuasgladh na gceasd, cur na n-aithcheasd,

inneóin fhoruis Inse Fáil;

fuath síorchára, tol do throdaibh,

cor síothchána is cogaidh cáigh.


41 Mac Gormluidhe, géag ós fhiodhbhaidh,

aigneadh frithir, freagra mhall;

caidhe a chonchlann um dhuais ndoiligh ? -

comhthrom cruais is oinigh ann.


42 Ón ló torchair gé ’tú i mbochtacht,

do bheinn ós chionn chríche Fáil -

cneas mar aol, aghadh mar ómra -

dá maradh Maol Mórdha amháin.


43 Cuimhne a n-uaras óm fhior chumainn

i gcionn treimse budh tuar sgís;

budh eagail damh méid mo mhoirne

do char ’na bhréig oirne arís.


44 Fa ríor, ní mór mhaireas agam

dom aos chomtha ’na gcruth féin;

do chuir an saoghal mé amogha,

sé m’aonar dom chora i gcéin.


45 Mairg ó dteasda mo thriúr cumthach,

clann Ghormluidhe ór ghairid lá,

re béal a cabhra don chloinnse,

Banbha fa néall toirse atá.