Poem in printable PDF format
Tánag d’Fhánaid
an einigh
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 27]
Giolla na Naomh Ó
hUiginn .cc.
1 Tánag d’Fhánaid
an einigh
Magh Aoi [mo]
lorg láindeimhin;
glór mín dlighim
re gach ndreim
sirim gach tír fo
thuairim.
2 Céillidh gach
aon bhíos i mbroid
........... deach
fear ag Fánoid;
mór broid gach
dheighfhir re dán,
goid an einigh
don abhrán.
3 Is é an
t-abhrán ro fhalaigh
a n-éadáil a
n-ealadhain;
do sgar an
daghdhán re a dhath
abhrán ban agus
bhachlach.
4 Le ríoghaibh
caigillte an chruidh
nach tabhair
treas ar mianaibh
binne an chliar
abhrán [n-olcach]
’s an camdhán
fiar fíorlochtach.
5 [ ’Siad a
nduasa] a ndúthaigh dáibh
biadh [ó n-a
mbairdne] d’aghbháil;
mór an ceannach
ar a gcuid,
ór ná heallach ní
iarraid.
6 Sgárrlóid ór is
eich is ba
duasa deaghaosa
dána;
a n-éadáil mhór -
ní muirn bheag -
cuirn agus ór is
airgead.
7 Cliar ag cách
rinne ghá rádh
cliar re . . . an
abhrán
gach file binn dá
bhádhadh,
tinn lem chridhe
is comhthlámadh.
8 Do-rinneadh
creach nach cóir dhi
- ní théid rinn
anadh [uirre] -
dá dtrian bhó is
each is arradh;
ní mó creach dá
gcualabhar.
9 Dá dtrian
ionnmhais Inse Fáil
fheacht eile rob
í ar n-éadáil;
ba fairbríogh, ba
boing re baois,
boill na
n-airdríogh ro iarrmaois.
10 Maol
Seachlainn Gabhrán do ghuin,
aonshúil Eochadha
d’iarraidh,
gor shir sinn
saoghul Mo-Bhí
nír daoradh inn
fa éinní.
11 Sa Bhréifne ní
beag a rath
[ag] cloinn
Bhriain mhóir mheic Eachach,
re lá gan
deibheach re dáimh
a-tá an t-eineach
ar admháil.
12 Oireacht
meanmnach Maighe Sléacht,
Teallach
n-Eachach na n-airdéacht,
síothmhagh ar a
sill gach neach
do díochradh inn
an t-eineach.
13 Do creachadh
[i n-]Inis Fháil
re fios an einigh
d’aghbháil;
an fhéile mar do
fhuair cor
do-chuaidh Éire
as a hionadh.
14 Teallach
n-Eachach na n-arm nglas
[gan] an eineach
ná an ionnmhas,
deighfhir gan
eallach gan ór,
teallach an
einigh dh’adógh.
15 Tomás mhac
Briain bhriseas cath
is é triath
Teallaigh Eachach;
fear grádha inn
n-a aireacht,
dána linn a
lorgaireacht.
16 Ní fhuil más
fhíor don fhior sgeoil
- nocho triall i
dtír n-aineoil -
ó bhord [Mhuaidhe
is Mhuighe Aoi]
uainne acht madh
uidhe aonlaoi.
17 Dodhola ar fud
na Fódla
ar gcíos [cáir
dá] chomhfhógra;
sgéal truagh mar
tharla an t-eineach,
ag sluagh Bhanbha
is beigeineach.
18 ’Na chion féin
fuair a ghabháil
ag Mág
shoichleach Shamhradháin;
ón té gar chóir a
chagar
nocho dóigh é
d’fhuaslagudh.
19 Easbhaidh bhó
is ionnmhuis is each
ar a thír tug an
t-eineach
- téigheadh fa
chrodh mar [ro] chleach
’s nír ghon
éinfhear don oireacht.
20 Is ríoghdha
rugadh an bhreath
ag mac Bhriain
Bheinne Coilceach,
ár ar chrodh gé
do chuir sin,
is gan dol fa
fhuil an einigh.
21 Fíor mo ghuth
re géig bhFinne
- maith fuigheall
na fírinne -
“Do-ghéabh
loghadh ar brú bháis
acht go molar
thú, a Thomáis.”
22 Teallach
n-Eachach na n-each ngeal
teine bheo nachar
báidheadh;
bristear ar chách
gach cath leo,
a rath go bráth
bidh bithbheo.
23 Mac meic
Dhonnchaidh Dúin Uisnigh
fhadós teine an
teallaighsin;
a bhronnadh mar
ghual ngairthe
connadh buan a
beathaighthe.
24 Athair Tomáis
tug gach maidhm,
Brian Breaghach
rob é a fhorainm;
ba Brian
Breaghach im cheann gcreach
an seadhach fial
seang suirgheach.
25 Ríoghraidh
Teamhrach tuaithe Breagh
is iad sgath
gléire Gaoidheal;
ar fhud Bhanbha
cian ro clas
a dtarrla i
mBrian dá mbreaghas.
26 Breaghdhacht
tar gach neach fo nimh
is [don]
ríoghraidhsin ráidhtir;
a rádh re neach
im ní olc
ní hí ar mbreath
ar an mbreaghocht.
27 Is í an
bhreaghdhacht gi bé i mbeath
gaisgeadh is
uaill is eineach;
ag sin triar nar
thrí lochta
do bhí i mBrian
na breaghdhochta.
28 Ceirde a athar
ó [do] fhás
meabhrach a-táid
ag Tomás;
an triur ro bhaoi
i mBrian ón bhrugh
dlaoi ar an triar
[nocha] thugsun.
29 Gaisgeadh is
eineach is uaill
san fhearchoin
éachtaigh armruaidh;
n-a dhiaidh
leanas - ’s ní dá locht -
breaghas Briain
is a bheodhocht.
30 An fód
fíreonach i bhfuil
is dá cheinéal
cleath Lughmhaigh;
suithneart san
úir as ar fhás
do chruithneacht
a túir Tomás.
31 Ríoghan
chongháireach caithmheach
a thír duasbhog
deaghaithneach;
a fiodh ná a
talamh ní thug
a dtaradh acht
d’fhior fhialbhug.
32 A thuath ní
théid ar a muin
marcach ainfhial
nach easguir;
tír na ngeileach
’s na ngreagh seang
fear gan eineach
ní fhuilngeann.
33 Dá thír is
fearta féile
freasdal churadh
Coirrshléibhe,
iodhna a thuath
nar chnaoi bha chradh
is gnaoi í Dhuach
fan domhan.
34 Liaide uisge a
ól go beacht
dála an uarán gá
oireacht;
bronnadh cruidh
gan chruas do chách
is suas do chuir
a chonách.
35 Eineach orra
gá fhuráil
is binn le síol
Samhradháin;
neach do
mhéadaigh miadh na ndámh
gá riar ag
géagaibh Gabhrán.
36 Ní uil is ní
bhia is dá mbeath
fear don aicme
gan eineach
- comhartha a síl
is sé riamh -
ní díbh é dámadh
ainfhial.
37 Gach [cuaine]
thaobhthrom thorrach
gealál déadbhán
dearclonnach;
an tír i
n-ionbhaidh a hoir
bídh re
hiongnaibh gá hiarraidh.
38 Mórsháith
tánaisde a thíre
beag nar bháidh
clú a choimhdhíne;
docair do dhamhna
faoi fás
is an ghnaoi
tarrla ar Tomás.
39 Mairg do-ní
fraochdhacht ná fearg
ris an ngruadh
gcorcra gcaoillearg;
mo ghéanar neach
do-ní tlás
dá mbeath ar a
thí Tomás.
40 Mac Briain
Mhéig Shamhradhán shaoir
a lucht deabhtha
ro dhiansgaoil,
gach greas dá
ghreasaibh re gha
gá mheas re
treasaibh Tána. Tánag
41 Nualaith
Bhreagh, buime na gcliar,
bainmheirleach
einigh Oirghiall,
ar muin mhná Eine
n-a heoch
a-tá a heire don
eineoch.
42 An t-eineach
n-a fhior ghrádha
gun gheanmnaidh
réidh rosgmhálla;
a crodh mar ro
chleacht ro chaith
nó gor ghabh
neart ag Nualaith.
43 Inghean Mhéig
Uidhir ucht bán,
glac mhéirgheal
amlas uchtán,
gach eang greanta
ó ghéis Chabha
mar shneachta ar
éis fhearthana. Tánag
44 Tánag
d’athchur Fhódla air,
Aodh Ó Domhnaill
Dúin Bhalair,
gealltair do rígh
Fáil i bhfad
cáin as gach thír
a dtánag.