firstLine"; ?>

1792. Tarraidh tuiseal tir Luigheach $
Length: long 34qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 888 (12/F/8) O’Curry trscr. of RIA 5
  2. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
Prints:
  1. transl. Misc. Celt. Soc. pp. 340-51
Motifs:
  1. envoi to patron’s wife
  2. Envoi to BVM
  3. caithreim, list of triumphs
  4. naval warfare
  5. contrast btn former joys & present grief
  6. indication of heir’s identity
  7. sickness
  8. Old age
  9. exile
  10. oireacht
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Diarmada Oig (RIA 5)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Sir Finghin mac Conchobhair
Patron Surnames:
  1. O hEidirsceoil c. 1614
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tarraidh tuiseal tír Luighdheach


[Text below from RIA 5 (23/D/4), p. 185-9; published with translation in J. O’Donovan, Miscellany of the Celtic Society (1849), 340-51]


Tadg mac Diarmoda Oig [Uí Dhálaigh cecinit]


1 Tarraidh tuisiol tír Luigh[dh]each

eang na siosdadh saorbhuigneach

críoch lochbhán na long ccogthach

tróm an tochrádh tháradar.


2 Re a cobhnuidh ag teacht as-teach

tuisil tróm tíre Luíghdheach

rug a anbhuain uirre sin

troime a n-amhluaigh dho fhoillsigh.


3 An chríoch ag clos a neimh(e)sgeoil

caitheamh aoisi í Eidirsgeoil

cúis teadhma don bhreicmhín bhuig

re seintír Teamhra tánuig.


4 Ba torrach an úir iodhan

don rosg a-ta ar ttemlioghadh

ba faon[crom?] a bhfonn na sean

an coll caomhchorr ad-chifead[h].


5 Mairg oireacht uil ’ga deagsoin

an troig a-tá anea[s]guig

gearr o budh easguidh isi

deagshoin ceann a críche-se.


6 [F]a moc[h] d’iarruidh an airm thruim

an lámh ór leath a luaghuill

[ní do] mhúch muirn na n-oireacht

[lúth] an duirn ar deoruigheacht


7 An teanga cheannsa ad-chluinim

a-[tá a] tteirce uruighill

briathar choirpshlím nír ch[an so]in

ba foirtill tan a tteangthuibh.


8 An chluas nach fuil da bhfaire [186]

sleasa caomha Cothluidhe

fuinn corra na ccreatlong sean

leathtrom orra ní eisdfeadh.


9 Claochlódh a chéadfudh sin

do loit an fonn-soin Finghin

clár slím na n-eachtbhrug n-einidh

rinn a ccéadfudh ceilfidhear.


10 [R]aibhthe an bháis ’ga bhois cheóluidh

séan an oireir isleóchuidh

do sgé caoine (da) ’ga cridhe

tre caoile ré an ridire.


11 Trom an easbuidh d’iath Lughuidh

sogh meanman mheic Conchubhair

a oighre a n-easbudh an fhuinn

ní doilghe easbudh oruinn.


12 Fithe bliaghan barr re chois

a-tá a chúl re chrích ndúthchais

mac Finghin ag faghail reann

nar thomhuil fínfhleigh nÉireann.


13 Da roiseadh a rinn Mumhan

dearbh go ccuirfeadh Conchubhar

gleó na n-eathar airmthriall creach

tár ghairbhthrian leathan Luighdheach.


14 Ionnramh a fhearuinn cairte

cosnamh críche a chlannmhaicne

ar an (n)eachtra do-ní a-niogh

ní budh deacra do dhéanamh.


15 Ar moing fhraochdha an mhara mir [187]

tarraidh mac f(h)eithmheach Finghin

anbhuain ba teo san Turcuidh

a ngleo an armshluaig iongantuidh.


16 Teora long ’ga leacain ghloin

caoga long a lucht cogaidh

faicsin mharcuid mhuighe Céin

nír altuig duine díbh-séin.


17 A tTurcuid na ccraobh cciníl

long mhiolla mhic Eibhilín

ba he rían a thochtchlar thoir

triall tré chorplár an chobhluidh.


18 Loingeas comhlán an chalaidh

níor smuain croidhe Conchubha[i]r

a bhreaclong da seachna sin

leathtrom deabhtha don deóruigh.


19 Do dhíridh an loing leabhuir

ar an ngasra ngráineamhuil

gleo a lonnchon is na loingsibh

fromhthar leo don láthuir-soin.


20 Do láimh fheinnidh fhóid Uisnidh

do thuit ceann an chobhluigh-sin

cath tar bhreis a saoirfhear soin

do sraoinidh leis an lá-soin.


21 Do chothuigh aimsear oile

d’feadhmannuibh a iorghuile

ar chathuighe an ghealfhuinn ghlais

machaire bhfleaghuill bhFlondruis.


22 Cuairt roithe da réim deighsgeoil [188]

do chuir oighre í Eidirsgeóil

fán Almáin sídh cionn a ccionn

marbhgháir as tír ’na thimcheall.


23 Maith linn a leabhruibh na sgol

neach do rioghacht ríogh Saxsan

fuair an ghairm ’na gairm taibhsigh

do thuair ainm sna heachtuibh-si.


24 Mairg tír o tteasda a c(h)abhair

lámh dhearg coscrach Conchubhair

mairg sealbhfhonn fhuil ’na heasbaidh

troigh na bhfeadhmann bhfuileach-sin.


25 Nír fhuathuidh a fholt doireach

siobhal chaluidhe ccomhuightheach

dóigh as a ucht d’foghluidh sinn

ní shamhluidh ucht ar Eirinn.


26 An mac a muidh ón oireacht

an t-athair a n-arsuigheacht

fáth croghuil ’gun crích-sin tíar

do dhíonuigh mórfhuil Mhaicniadh.


27 Mac Eibhilín na ttreas tte

fuair roichion rí[ogh] na Spainne

biaidh forghráin da bhriogh a-bhos

a cconnmháil do shíor shealbhos.


28 Do thogh an rí tuigseach thall

neach do thurnfadh tréan eachtrann

Conchubhar an té do thog[h]

urchubhall é fán eangnomh.


29 Mac Siobhán sliocht na ccuradh [189]

glas ar oirbheart iarMhumhan

an tslat ’sa ghaois fa ghort bhFloinn

san aois ag teacht tar teoruinn.


30 Tairnig feardhacht a fhir ghráidh

cian uaithi meanma an mhacáimh

conchlann ’gun n-eing-si ní fhuil

rothrom an teidhm-si tarruigh. Tarraigh


31 Le rugadh an rí néamhdha

an Ógh iochtmhar oirea[gh]dha

lacht a cíche do chaith sin

ar maith is tríthe tarruig. Tarraigh


32 Fiodhradh chochlach na craoibhe

do dháil disi a deaghmhaoine

a tairthi mar an ccraoibh cciníl

do sgaoil aithfe d’Eibhilín.


33 Diorma súadh a Snámh Da Éan

ag buain cruidh d’inghin Oiléan

an sgol on Líne loingsig

tighe a crodh ón Charrthuigh-sin


34 Rath na féile dháileas dhi

ríar a mbí ar fheadh gach n-oighthe

um shuainfhleidh an dúin daoinigh

’gun tsuaibhnigh úir fhorbhaoiligh. TARRAIDH // TUISIOL // TIR // LUIGHDHEACH