firstLine"; ?>

1798. Teach leagha leaba Phadraig $
Length: short 13qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. religious cp
  2. praise church
Manuscripts:
  1. NLS 72/2/14 (LXIV) ? cent.
Prints:
  1. transl. Knott, TDii, no. 46
Motifs:
  1. maor
  2. pilgrimage ?
  3. sickness
Poet Christian Names:
  1. Tadhg [Dall?] mac Mathghamhuin 72/2/14
Poet Surnames:
  1. O hUiginn ?
Patron Christian Names:
  1. Patrick
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teach leagha leaba Phádraig


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 46]


1 Teach leagha leaba Phádraig

san inis ghuirm ghlanfhádbhuig

an aolchloch chorcra chuinsigh

caomthach ochta an éarloimhsin.


2 Do bhí Pádraig Phuirt Manaidh

i bhfad innti ag anamhain,

cois míonchalaidh na sreabh seang,

ag síorchabhair fhear nÉireann.


3 Rug an bás, mar do bhí i ndán,

ó chrích Fhódla na n-uarán

liaigh cabhartha Cláir Criomhthain,

fáidh adhartha dh’Éireannchaibh.


4 Foireann luingi ar lot an chinn,

nó tréad do bhiadh gan buaichill,

Gaoidhil i ndiaidh a ndeighfhir,

liaigh gach aoinfhir d’fhóiridhin.


5 Fágbhais éarlamh Insi Cuinn

mar buachail othair againn

ar ngéag bhuadha, ar gcraobh chomhdha,

maor na huamha allmhardha.


6 . . . cách ré ndul dáibh

go hUaimh Pádraig an phríomhfháidh,

fan lia saor cneasbháinte cuir

gan taom d’easláinte d’anmain.


7 Do-ghéabha gach lot [li]bh fein

ón bhuachaill othair ainnséin,

luit nuadha cneasfhoirfe cáigh

cneasaighthi uadha d’éanláimh


8 . . . . . . . . . . . . dá éis soin

cuirthear leis an lucht álaidh

san uaimh sheada chaoilligh chuir

leaba gach aoinfhir othair.


9 . . . . teach leagha (?) an leabaidh

bíodh slán cháigh gur chuireadair

i n-uaimh éarluimh an einigh

éanghuin nach fuair fóiridhin.


­10 Dlighidh gach duine ar domhan

d’éis a gcneadh do chneasughadh

san uaimh fhádbhá­in ghéagaigh glain

fágbháil a n-éadaigh othair.


11 Tarla linn don leath amuigh,

don taobh eile don uamhaidh,

d’fhothragadh cháich ó’ gcneadhaibh,

lochthobar bláith bordshleamhain.


12 Créacht dá duilghi ní dheachaidh

fan linn bhfairsing bhfoirleathain,

an tsreabh lionnbhán tiormghlan te

nach tiobhradh iomlán uaithe.


13 . . . adhbha bhus soillsi soin

beith ’na huaimh dorcha diamhair;

ní bhfuair neach adhbha dob fhearr

an teach i dtarla Tail­geann.