firstLine"; ?>

1799. Teach n-oil gach bruighean n-a bhaile (aceph. $
Length: middling 16 qq (frag.)
Certainty: 1
Period:
  1. 13th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Magauran MS 14th cent.
Prints:
  1. transl. McKenna BM no. i
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. praise of appearance
  3. patron’s feasts
  4. the bard
  5. prowess in battle
  6. house/furnishings
Patron Christian Names:
  1. Brian Breaghach
Patron Surnames:
  1. MagShamhradhain d. 1298
Meter Vars:
  1. Dechnadh Mor
Poem:

Poem in printable PDF format

Teach n-óil gach bruighean ’na bhaile (acephalous)


[McKenna, L.: The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 1]


1 Teach n-óil gach bruighean n-a bhaile

[glóir] tuireamh a thoighe,

teach i mbí a lór ar bheinn bhuidhe

d’ór im gach ngeim ngloine.

2 Iomdha bleidhe d’ór mar fhéaghaim

d’ól fhleidhe ’s dá luaghaill

is an tigh theann dlúthta dhíoghainn

is cúpa is beann bhuabhaill.

3 Cuirn an toighe n-a mbróin bheannchuirr

glóir oile ni fhionnfuinn ;

druim na slógh n-a mbroinigh bharrchaim

d’ól re froighidh fionnchuill.

4 Eagraid an teagh fa Bhrian mBóinne

dream fhial as gheal ngruaidhe,

iomdha fan bhflaith nGréagaigh ngríbhe

go sgaith éadaigh uaine.

5 Iomdha fear saor ann go hursain

’s a barr caomh mar chasnaidh,

iomdha géag thaoibhsheang is-taighsin,

aoibheall Gréag don ghasraidh.

6 Iomdha sróll re slios an dúine

- ní lór dá fhios uainne -

is sging throm ar cúl a chéile

as donn úr is uaine.

7 Iomdha sgéith uaine is airm chomhlainn

ós bhaidhbh Chluaine chairbhsheing;

iomdha srian is gealgha is goirmrinn

is [sgian eamhdha] ar aighlinn.

8 Iomdha n-a thaigh aird re hóiridh

iall ar saidh ngairg ngléighil,

is gormat ro ládh ós lúirigh,

donnbhrat lámh re léinidh.

9 Bard go sróll uime san ursain

ór uirre n-a asnaidh,

ós throimearla fhionn an fhirsin

mionn loinneardha ar lasraigh.

10 Drong mholta don gheal chas chúilfhionn

na sleagh nglas le ngéibheann,

Mág Amhradhán Brian na mbuabhall

daghbhranán fhian n-Éireann.

11 Tuar molta do Bhrian tre bhráithreas

dreach corcra ciabh ghlúnchas;

geal a bhonn is tana a tháithchneas

mala dhonn tre dhúthchus.

12 Béal dearg ag Brian, bas mar fhaoilinn,

ciabh chas nar chealg díoraim,

dearc uaine ’s an mhong mar mhónainn

gan ghuaire ndonn ndíoghainn.

13 Aigheadh fial nach úire gealchlár,

núidhe sgiamh tre a sgothbhraon;

geal a dhéad, dearg a dhá roithléan;

[is] bréag ceard a chomhchaomh.

14 Dath óir cheard ar cúl í Eoghain,

clúmh na learg mar laoghfhuil;

suairc do Bhrian an bhruinne ghléighil

niamh thuinne ar a thaobhaibh.

15 Brian Mág Amhr-a-dhán na ndaighcreach

arm ar ghádh gá ghlanchath;

deargthar a chleath iomthrom eithreach

i dtiomcholl chreach gcathrach.

16 Maoil-mheadha móid nach móid fhíochdha

deala [don] óig órchna;

géis mhall a slios chollmhór Chruachna

donnshróll fa crios chróchdha;

inghean Ghiolla Íosa iarrtha

mo chíossa as a cófra.