Poem in printable PDF format
A bhean na lurgan
luime
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 97]
Mac-Con Ó
Cléirigh.
1 A bhean na
lurgan luime
(gé taoi ainteann
orainne!)
gé tám tinn ré
mbás, a bhean,
ní budh cás linn
do léigean.
2 Iomdha cúis fá
madh cóir damh,
a luirgneach lom,
do léagadh;
tú trá is cumhga
croidhe,
is burba ’s is
baoghlaighe.
3 Tú is caoile ’s
is cuimhge,
tús is teó ’nar
dtiomchailne,
tú is fuaire uair
eile,
tú is cruaidhe ’s
is caintighe.
4 Gé tá bulla
leat id láimh
fá bheith liom
pósta ón bpríomhfháidh
(móide a ghrás
cia do crochadh),
ní cás le Dia ar
ndealachadh.
5 Do bhulla, a
bhréagóg fhallsa,
ní fiadhain é
oramsa;
bulla soin ar
nách cóir cion,
ní thoir sa Róimh
do rinneadh.
6 A mheirdreach
labharthach lonn,
nách cruaidhe a
hoiread d’iarann,
créad rom-beir re
mnaoi dod mheas?
gan geir a-taoi,
gan toirrcheas.
7 Siobhlach ort
a-nunn ’s a-nall,
seirbhe do ghuth
ná an gafann;
cruth nách
casmhail do dhuine
do chruth arsaidh
iarnaidhe.
8 Do bholg tana
ar n-a tholladh
mairg do-chí ar
céadlongadh,
tuar gorta go
bráth, a bhean;
do lochta ar
chách ní cheileabh.
9 Gé nách beinn
libhse ag lighe,
fóirfidh Mac na
Maighdine;
go mbeire mé
a-nunn ar neamh
an Té do chum an
chéidbhean.