firstLine"; ?>

1802. Teachtaire dileas ag Dia $
Length: middling 26qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudoYBL 15th c.
  2. Sir Con O’Neill’s MS (Eigse xiii) 1681
Prints:
  1. transl. McKenna, DDe no. xiv
Motifs:
  1. King’s officers: aos gradha maor tabhaigh
  2. Judgment Day
  3. joys of Heaven
  4. coinnmhe, billeted guests
  5. imirce, migration
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Michael
Patron Surnames:
  1. archangel
Apologue Subclasses:
  1. Fall of angels from Heaven
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teachtaire díleas ag Dia


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 14]


Tadhg Óg Ó hUiginn .cc.


1 Teachtaire díleas ag Dia

re breith sgéal go Mac Mairia

Mac Dé do chongnamh le cách

comhghar é agus a óglách.

2 An neach bhus sia aga ón éag

d’fhuil Ádhaimh anba an coimhéad

’s an té bhus urlamh oidhidh

comhghar é dá n-ionsoighidh.

3 Do fheadar gidh iomdha dhóibh

ag aisdreachadh ’n-a onóir

cia dhíobh as neartmhaire ar nimh

teachtaire Ríogh an ríchidh.

4 Aingeal re haghaidh smachta

dá dtug Chríosd a chomhachta

ós chionn na n-uile aingeal

don chuire fhionn árchaingeal.

5 Gabhadh re ais ard an chuing

gach neach dá aosdacht aguinn

gabhadh gach aon dá óige

maor tabhaigh na Tríonóide.

6 Béaraidh Míchéal aingeal inn

ó eisinill go hinill

cara na héigne is é an lán

is mé an t-éigne ar an éadtrágh.

7 Agra nach éidir do cheilt

chuirfeas m’anmain san imeirt

ag lucht fhormaid Dé im dheaghaidh

toghmaid é mar fhéicheamhain.

8 Biaidh a dtiocfa ar an dtalamh

ag Míchéal ’gá meadhaghadh

go dtí an imirche a-tá thall

lá innichthe na n-anam.

9 Gairfidh Íosa uair nó dó

as an talmhain a dteasdó

nach bí do mheas is na mairbh

go rí leas an treas toghairm.

10 Tús an laoi bearar an bhreath

ar a chloinn ag Dia dúileach

tearc foirne clár na cruinne

acht dál coinnmhe chuguinne.

11 Dá rabh a Rí na glóire

m’olc ní hadhbhar míodhóighe

do mhaor ar chionn na coinnmhe

liom is a chaor connailbhe.

12 Is é as uachtarán orra

is breath do bhreith eatorra

ar chuir a-nuasain do nimh

is a bhfuil uasaibh d’ainglibh.

13 Míchéal aingeal is é thug

ar an lucht do leag formad

teacht fa mhúith a muigh neamhdha

do mhuin tnúith ré a Thighearna.

14 Do ionnarbh ar aontuigh cion

do roighnibh an uird aingeal

a-tá a ordail ’n-a n-easbhaidh

ar ordaigh an t-aingeal-sain.

15 Ar éis an chatha do chuir

mar do orduigh an t-Athair

cairt ar teagh nDé do dhaingnigh

’s ar lean é dá archainglibh.

16 Fuaradar an t-ord aingeal

ón Athair ón árchaingeal

cairt a sídh ó soin i le

acht a bhfoil díbh i ndaoirse.

17 Bíom aga ’n-ar n-aos grádha

ceanngham cairt a shíothchána

gidh bé lá cheannghar an chairt

earlamh a-tá dá tabhairt.

18 Sealbh m’anma deonuighim dhuid

re teachtaire nDé a-déarmuid

gabh mar dholadh ’n-a dheaghaidh

loghadh dhamh ón Dúileamhain.

19 Ná cuir mo mhaith is an meidh

más éigin m’olc ’n-a aighidh

ní cead tusa dá thomhas

beag nach usa an t-amharas.


20 Gan bheith teann i dtigh nimhe

do bheith agam d’áiridhe

ní bhiú dá mbeis-se ar mo sgéal

gion gur fiú meise a Mhíchéal.


21 Bheith i n-a thigh go dtuillear

dom anmain ón árchaingeal

gidh bé ’gá mbeath a aithne

teach mar é budh ionsaighthe.


22 Beatha a aingeal is sí so

Mac Dé ag aoibhneaghadh orra

’s an líon a-tá-san is tigh

ag sásadh Ríogh an ríchidh.


23 ’N-a thimcheall i dtigh nimhe

labhraid éanlaith ainglidhe

is é as fhoghar dá gach eon

moladh Dé moladh Mícheol.


24 Mairg nach tuig ar an ngréin ngil

deallradh aighthe gach aingil

mairg an uair do chluintir ceol

nach smuain ar mhuinntir Mícheol.


25 An taithneamh a-tá ar gach ndeilbh

do shoillseochadh uaimh Ifeirnn

cia dán tualaing a thuigsin

tuaraim do Dhia an deallraidhsin


26 An teachtaire thig do nimh

le haitheasgaibh Dé dhúiligh

go gcuire ionn i n-aointeach

’s an cuire fionn forbhaoilteach.