firstLine"; ?>

1805. Teallach coisreagtha chriche Bharrach $
Length: long 42stt + prose
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  2. RIA 490 (23/N/15) MmcP UiLongain 1740-
  3. RIA 491 (23/E/16) M.Og OLongain 1797-
  4. Mayn. M 2 Micheal Og O Longain 1818
  5. Mayn. M 6 O Longans 1818
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. qualities of character
  3. intellectual attainments
  4. nobility of ancestry
  5. bard
  6. lesser arts
  7. generosity to poets
  8. fertility under just ruler
  9. ‘Landscape’
  10. brughaidh
Poet Christian Names:
  1. Daibhidh (TCD 1411, RIA 490)
Poet Surnames:
  1. O Bruadair
Patron Christian Names:
  1. David mc Seamuis mc Ruisteard
Patron Surnames:
  1. Barry Mor (d. 1617)
Apologue Subclasses:
  1. Anteus renewed
  2. Patrick in Munster
  3. Sun shines on all
  4. The Fox & the Bell
Meter Vars:
  1. Sneadhbhairdne
  2. crosantacht
Poem:

Poem in printable PDF format

Teallach coisreagtha críoch Bharrach

[TCD 1411 (H.6.7), 48]

[Snéadhbhairdne, crosántacht]

Dáibhí Ó Bruaduir cecinit


1 Teallach coisreagtha c(h)rích(e) Barrach

buaile dáimhe

clár beathuighthe na n-eang n-uaithne

fán seang sáile.

2 Críoch Barrach na mbrugh ndaith(n)geal

díothchur doghra

oiréar sáor na n-iong[n]a[dh] n-iomdha

fionnmhágh fromhtha.

3 A-tá bail beannochta Pháttraig

an phuirt ainglídhe

ar an ccrích n-éachttruím n-iubhruig

ngéagtruím ngainmhídhe.

4 Ciuin a haibhne iomdha a thortha

tearc a bíodhbaidh

ní bhfuil díth teachta ar talmhuin

ag feacadh fíodhbaidh.

5 Fial a brúghaidh buan a maithchios

mín a coillte

an geall re daonnacht (í) níor dháilte

caomh[a] a cúirte.

6 Gaoth[a] a filidh (é) fraochdha a marcruidh

maorga a cai[n]gne (?)

ní cleachtar leo caomhna a ccuirm(h)e

aobhdha a n-ainnre.

7 Do réir a ccinn cuid dá bhfóghnamh

gá fearr úmhla

bíod na boill go teacht don tiomna

eacht is úmhla.

8 Mar a-tá an Barrach beithir Teamhra

a-táid na daoine

air mhaordhacht air fhéidhm air fhéile

air sheilbh air shaoire.

9 A-tá a díol do rígh san rígh-so

is rádh tuíllthear

is a-tá a dhíol-san d’oíghreacht innt[e]

róibheacht roínntear.

10 Fir Bharrach na mbléidhe ccorcra

cuire neambocht

do shaor a thír ar gach tromolc

brúgh na mbeannocht.


Et beannocht bhríoghmhar bhuadha bhiothmharrthannach bheannuighthe tug an t-epstal onóireach árdchómhachtach 7 an t-éarlamh féig feochuir fíorchráibhteach 7 gein shochuir 7 shaoirsine shaorGaoidheal Éirionn .i. Pádraig priomhfháidheamhuil parathasda [49] mac uasal Alfroin do dhá chóige mhórgharga Múmhan, iar tteacht a ccoinne 7 a ccómhdháil Aongusa ma[i]c Nad Fraoich ma[i]c Cuirc meic Luígheach dá bhaiste 7 dá bhuainbheannúghadh, dá theagasg 7 dá thréanchómhairliúghadh, do chabhair 7 dó choisreagadh, do sheoladh do shársgaoile 7 do shaoirseanmóir na canoinne caoimhe, 7 chreidimh chogúsaig Chatoilce an Choímhdhe dhó; gur thionóladur 7 gur thiómsuíghedur saorchlanna saidhbhire soichineoil na sárMhúmhan ider ísiol 7 uasal, ider urra 7 easurra do shuíghe 7 do sháirionnsuíghe an tsaoireapstail shuairc shoibheásuig, go ttugsad a ccíos 7 a ccánachus 7 a ccómhachta air a chumus ó beag go mór, go rabhadar úmhal áisioch urrumach ómhannta an uair 7 an aonfhábhall do, gur thógabh-sium an lámh chaomh cheárrdamhuil choisreagtha ós a ccionn. uu. gur bheannuig iad ider fhear 7 mhnaoi, mhaca 7 inghiona, gur fhágabh buadh n-anma, n-einig, 7 bhfoighde fóra bhfíorbhrúghadh[aibh], buadh láimhe lainne 7 laochdhachta fóra laocaibh, buadha crotha caoimhe cineal 7 aille fóra n-ainnribh, buadh bhfeasa bhfóghlamtha 7 bhfáisdne fóra bhfiledhaibh, 7 tug beannocht d’úir 7 d’uisge, 7 d’féar na n-uasalMhuimhneach fá sgeith a ttorchar 7 a ttromthortha, da ccabhair 7 do ccómhfhortacht ann gach n-imnedh, 7 ann gach aimsir budh7 budh dual dóibh; 7 dar linne do réir ár bhfeasa 7 ár bhfiorbharamhla fein, do thuit breath 7 buantoradh na beannochta 7 na buanghuídhe sin air chrích mbuig mbraonaigh mbuaintíodhlaicigh mBarrach Mór le linn 7 le láinréimheas Dáibhí mheic Séamuis meic Ruisteard do Barr[a], go bhfuil ina chlár thorchurthach théachtuighthe thromchonáig lán d’íoth 7 d’ioltorthaibh 7 d’iolmhaoinibh; lán d’féile 7 d’onóir, do ghliocas 7 do gheanmnuígheacht, lán d’uaisle d’oineach 7 d’foirmidin re gach aonfher mar a-táid uaisle 7 árdmhaithe chríche 7 chaomhthalmhan an Bharruig Mhóir, 7 go speisialta an Barrach Mór féin .i.


11 Daibhí mac Séamuis [de Barra?] [50]

béas do bhuídhnibh

ní fhacuidh a n-ám an fhoghmhuir

call nár chuíbhrig.

12 Cóir do-bearthar úigh ar ainnribh

le a súil shuirghidh

bíd na gárrtha gan fhios d’ainnribh

fá lios Luimnigh.

13 Ní fáth gotha d’fior an einig

cion air chuirmdhig

do-bheir dáil a fhoile a n-iorghuil

duine duilbhear.

14 Minic do bhí teacht air fhóghail

ceart do chuímhnig

iomdha bradán leir a Laighnibh

fear séimh suilbhear.


Et is suilbher sólásach a-dubha[i]rt an sionnach, 7 é aon do ló air mbualadh tré naomhchill uaignig andiamhair fionnfásuig, 7 do bhí duirtheach duireach diamhuir do-eoluis a n-imiol na huasailchille a mbíodh díthreabhach diadha deisgréideach ag fóghnamh don fhírDhia fhíorórdha, 7 ró bhí clog fírbhinn fógharmhongrach air bhinn an chlogáis an áirdthíghe-sin do beantaoi a n-ám aifrinn 7 iairmheirge don uasalathair, 7 do bhí téad tháithleabhar thómhusfhada a ccoimhcheangal don chlog le n-a mbeantaoi é ann gach ám budh áil a bhuain, 7 do bhí iall fhada fhíorchruaidh chadad choimhríghin ag leanmhuin do cheann na cruaidhthéide. 7 mur ráinig an sionnach í, do rug uirthe go hocrach airciosach ainbhuaineach d’éis a aisdir 7 ainshíobhail, 7 tug téibe 7 tréantarrang uirthe gur bhain an clog go cáinteach congháirioch, 7 tug an sionnach air n-a clos sin do silledh 7 sírféachuin go hathúmhalta fair, 7 a-dubha[i]rt go mailísioch míchéadfach:


15 As iomdha glór díomhaoin sa clog-sin

is cúis aonaigh (?)

beanaidh fer a-nuas uim nóna

cnuas do chraobaibh.

16 Rug a mbí do thart air thánuibh

lacht ó laoghuibh

Aodh Mhagh Uider don taobh thuaigin

Aodh is [leg. ós?] Aodhuibh.

17 Ní beag linn ar leansum d’fhuarchúis

ní háil lióm-sa

gan tabhuirt gheill chách am chionn-sa

don rígh fhionn-sa.

18 Mac Seamuis na sirtedh nimhneach [51]

niadhta an deabaidh

borb re rígh sosuig re file[idh]

do-san dleaghthair.

19 Fraochdha re tréan tláith re héadtréan

ucht air dhíormaibh

cuid do thréighthibh an fheil armthuig

réig re ríognuibh.

20 Dáibhí Barra beithir dhédla

dhiongmhus cogtha

aoibheall bheoil fiucha faltha

crithir chorcra.

21 Grianlá solus seabheach (?) aille

fhuilingeas gábha

lasair ghrod is teo do thaobhaibh

beo nar báthadh.

22 Arracht sgatha do sgoil Aoife

nár fhéach diultadh

gríobh éachtach a bféidhm nár fuil(i)ngedh

téidhm nár túrnadh.

23 Bradán bheatha bhán na hEorpa

urra formuid

breith bhuaidh an aon ní fhághmuid

caor chruaidh comhraig.

24 Saoi an gach foghluim file air eagnamh

é ider leabhruibh

ní haithnid dámh-sa ceárrd nár chuímhnig

leanbh air leanbhuibh.

25 Mílidh é le haghaidh ccatha

cuid dá ghníomhuibh

beag do luíghe do-ghní(dh) air naomhaibh

rí(gh) ider ríoghaibh.

26 Lucht coiméada chríche Barrach

beag dá bhféile

do-ghníd [i]sa bhfádha fíora

gnátha gréine.


Et is gnáth ag an ngréin an uair mhúsglann sí as soithidh síorchómhnuighthe 7 as a fosgabhluibh fíorfhuiling, 7 éirgios 7 róithinntidheacht ina róghnúis, 7 saoirse 7 saoirdheallradh ina saoraghaidh, go mbí do shochróidheacht 7 do shofhairsionga innte, nách mó luígheas sí air na tulchaibh sgoithsheamracha sgáthshóillse sgiamhuaine sgímhealbhréagha, ná air na lathachuibh fuara fíordhorcha, 7 nách feárr lé solus ná sírtheasuígheacht do dhéanamh do ríoghuibh 7 do róithíghernuíbh, ná dona móghaibh 7 dona míoladranuibh, 7 do gach aon dá ghiubluídhe 7 dá dhearóile air domhan, go bhfághan gach aon aco a sásadh 7 [52] a sárghoradh uaithe; 7 is ar an órdúghadh sin atá Dáibhí mhic [sic] Séamuis mhic Ruisteard do Barr[a] le huaislibh 7 le hanuaislibh Eirend, óir mur do-ghnídh se toil an rígh, 7 an ródhuine, an fhile 7 an ollamhu(i)n, an amhuis 7 an óigthigherna, an bhrúghadh 7 an bhuainbhiatuig, do-ghnídh sé réir 7 róthoil an chearbaigh mheisgeamhuil mhaillbheartuig mhíothapuig, 7 na hionnsuídhe úd maille annráidhthe iomarcuíghe éigcialluíghe, 7 an bháird bhéilbhrisg bhuantuitmhig, 7 gach nduine bhus uaisle 7 is anuaisle na iad; go bhfaghann gach nduine aco a n-onóir iomchuibidh féin uaidh, gur cómbuídheach bhíos an math 7 an sáth, an saidhbhir 7 an daibhir, an saor 7 an daor de féin 7 dá oíghreacht 7 dá fhíormhaithibh mhatha sé an t-oineach.


27 Ní hiongna lióm dá mbear buídheach

don gheal ghróidheach

28 Do-ghníd Barrach na mbreith n-innill

as é a-déarar

toil an duine mhaith ’sa mhóghaidh

maith an mheadhar.

29 Toil an áirdrígh ’s an fhir dána

ní dáil faoisimh

deacair a ccur tar an ccúis-sin

toil an taoisig.

30 Réir an fhir théid toil an chearrbaigh

céim do fíoradh

toil na n-oinnseach nach réidh riaghuil

ir na ríoghbhan.

31 Do-gheibh an tí thógus ifreann

fá aoindísle

mar do-beirther d’fior dá uaisle

cion sa tír-so.

32 Gé ma é an bárd no an bhean tsíobhail

shireas aisge

nocha n-iarruid aithne an íosdagh

d’aithle an aisdir.

33 Ríoghra Bharrach is an Barrach

buídhean aonda

ní fheadar cia dhíobh is díogha

fá dhíol daonna.

34 Ní thuigim féin go bhfuil díobh-san

dia do chroídhe

acht dream is fearr na ar-oile

dream is dísle.

35 Geall air bhronntaibh nó air bhárr láimhe

nó lot síodha

ní bhfágha a dhá n-uimhir uatha

rúighrí riagdha.

36 Mar fuair codhnách chríche Barrach [53]

bárr ó ríoguibh

fuair an doireacht dob fhearr áiriomh

geall air ghníomhuibh.

37 Mac mic Ruisdeard na ruag ndoil[i]g

d’feach mur ogbhláth

ag cosnamh a ghné ngéagmaoth

as é an t-óglach.


Et óglách iongantach adhuathmhar iollrachtach do bhí a ccríochaibh áille oirermhíne na hAifrice dárba cómhainm Anteus mhic tíre, 7 ní ó dhúil dhaona dhuineata mhná do geinedh an t-ársuigh ainmhín aindreannta-sin, acht a ghineamhuin go modortha míonadúrtha a tonnghnúis na talmhan tromfhódúighe, 7 is amhlaidh do-níodh an tan do théighedh do chathúgha nó do chruadhchómhrag re curadhaibh cródha coimseacha cleaslúithreacha colgladarthacha, 7 re feinnedhaibh fírniata feramhla fraocháighmhéile fíorarrachtacha, 7 re hársuídhibh údmhalla eachtmhóra aitiosacha armnimhneacha na n-innsi 7 na n-eachtarchríoch, an uair do bhíodh se a n-áirc no a n-éigion dá chlódh nó dá chómhfhorrach, ní dhéinedh acht é féin do léigion ina easglann mhór anbhail d’ionnsuíghe láir 7 lántailimh, go ttigedh a nert 7 a bhrígh a chalmacht 7 a churantacht féin ann re halt na huaire sin, ó thaghall a mháthar bhunaidh .i. an talamh, go n(d)éirgedh ina cholmhuin chóimhdhíreach ina chuilgsheasamh, go sloighedh 7 go slatbhuailedh go gcraipledh 7 go ccruaidhcheangladh go milledh 7 go míochóirighedh a lucht iomtha 7 easaonta air an órdughadh-sin, 7 is iongna an réim 7 an obair bhí for an oglaoch sin, i. gurab é a neartúghadh a bhuainleaga, 7 is ionnshamhluighthe sin ris an mBarrach mór, óir fuair a choimpredh 7 a chómhfhóghluim a ccogthaibh 7 a cconghaluibh, a n-éachtaibh 7 a n-aithiosaibh, a n-oineach 7 a n-eagnomh, 7 a n-árdghníomhaibh. 7 ní bhfuil dá mhéid d’imreasan ná d’easaonta do-ghníd a fhoghluidh 7 a eascaruid do nách air barr cumais 7 calmacht théid sin dosan, 7 ní bhfuil dá mhéid a chlú 7 a chómhsgaoileadh, a bhronnta 7 a bhuaintíodhlaice do lucht iarrata athchuinge 7 éadála, nách air barr saidhbhris 7 sochonóig, ionnmhuis 7 iolmhaithis théid sin do, do réir mur a-tá an cleachta 7 an cómhthathuíghe aige et


38 A thabhairt uaidhe go mór minic [54]

mar mha(i)c tíre

nách bí guth ag cléir ’na chuinne

réig do-ríne.

39 Mar do coimpredh a cclí na talmhan

an tréan bonngheal

Dáibhí iar n-uair as an eagnamh

fuair a fhóighredh.

40 Air dháil ionnmhuis fuair a cheapa

’s ar chur troda

ní hiongna a cheacht aige

ag teacht troda.

41 Oirbheart Bharrach bronnta ó gCárrthaigh

ag cur anma

a-nnois air an ttláithrígh ttromdha

ndaithmhín niamhdha.

42 Foghluim Ghall ’na ngníomhuibh cródha

ceárd na bhfuilter

réidhe Gaoidheal ’na ghnúis gheilte

cúis do-cluinntear.

43 Críoch oirbherteach áirdrígh Barrach

na mbrug síthe

miann gach fir dá ttriallannr uaithe

taghall tríthe.