firstLine"; ?>

1807. Teallach einigh iath Laighean $
Length: very long 50qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c.1726<1622 ex
  2. RIA156 (23/D/5) S. MacSolaidh 1715
  3. RIA1404(24/P/41)T.O Neachtain 1723-
  4. RIA3(23/L/17)S. O Murch. na R. 1744-5
  5. TCD1288(H.1.14) Hugh O Daly 1750
Prints:
  1. text LB no. 59;
  2. transl. Ir. Monthly 55, 591
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to other patrons
  3. imagery for patron
  4. eulogy of personal appearance
  5. qualities of patron’s character
  6. comparison with all others
  7. patron’s liberality to poets
  8. prowess in warfare
  9. standing guard over territory
  10. prophecies of ruler
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (Harvard MS, RIA3)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa (sname only RIA156,1404)
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim mac Fiachaidh
Patron Surnames:
  1. O Broin
Apologue Subclasses:
  1. Aithirne:gave Leinster palm for hospitality
  2. Feilimidh mac Criomhthainn: circuit of Ire.
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teallach einigh iath Laighean


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 117]


Eochaidh Ó hEoghusa .cct.


1 Teallach einigh iath Laighean;

mór gceardcha ’n-ar cumhdaigheadh

an ghairm nach gnáth i n-asgaidh;

ní hainm gan fháth fhuarasdair.


2 Teallach einigh Innse Néill

do bhí dá rádha riui-séin

an síol fionn-sa Nuadhadh Neacht

sluaghadh do b’ionnsa d’imtheacht.


3 Aighthe éigeas Innse Fáil

a-tá ó thús an domhnáin

- ní diombuaine a ndál a-niodh -

ar chlár lionnuaine Laighean.


4 Cúigeadh chloinne Cathaoir Mhóir

baisdear air - ní hainm éagcóir -

múr roidhil síthbheannach sliom

prímhtheallach oinigh Éireann.


5 Cia do-chluin nó do-chualaidh

maith mar mhaith an mhórshluaghaidh?

do b’iontogha olc na bhfear

um ghort lionntana Laighean.


6 Caidhe i n-éanaird d’Inis Breagh

a coimmeas re crích Laighean?

níor feas úir an oirir fhinn

gan dúil oinigh ’n-a inntinn.


7 Tarla tar éintír eile

dochar deiridh aimsire

is trom céadaslaigh na gcliar

ar fonn ngéagarsaidh nGailian.


8 Gár bheag dhúinn dá dhearbhadh sin

geall Athairne uair éigin

i n-am anaslaigh gach aoin

don talamh-soin chlann gCathaoir.


9 Don chuaird thimchill thug orra

a bhreith féin fuair eatorra

dream do aithigh anbhuain gliadh

ó mhaithibh glanshluaigh Gailian.


10 “Dream budh chuirthe i mbar gcumaidh

ní chluinfeam ní chualamair;

a-tá an geall libh, a Laighne,

sibh as fhearr” ar Athairne.


11 Tug Féidhlim mór mac Criomhthain

geall oinigh tar Éireannchaibh

don droing náir oirbheartaigh fhéil

dáil do oirdhearcaigh iaid-séin.


12 Toisg dar thriall a Caisiol Chuirc

mac Criomhthain - fa cuaird orrdhuirc -

d’fhagháil gliadh a ngéirreann gcruaidh

is giall Éireann i n-éanuair


13 Fríoth leis ar lorg a chéile

ar feadh Fódla finnréidhe

géill gach Éireannaigh dar iarr

go féin ngéirreannaigh nGailian.


14 Tar éis réidhthighe riu sin

feadh bliadhna do bhí i Laighnibh

ar chuireadh an uair do fhill

an bhuidhean ler fhuaigh Éirinn.


15 D’éis breathnuighthe Banbha Breagh

ar gcur cúil re cath Laighean

maith don droing-sin tar gach ndreim

ar fhoillsigh an flaith Féidhlim.


16 “Ní fhaca mé” ar mac Criomhthain

“meadh dá n-uaisle d’Eireannchaibh

gémadh iad aithigh Laighean

siad ós mhaithibh measfaidhear.”


17 Geall cháich ón ló-sain i-le

gnáth aca d’éis a chéile

na Laighin ó bheannráth Breagh

mairidh seanghnáth a sinnsear.


18 Béim orra d’éis a n-aithreadh

a-niodh féin ní foghaibhthear

na deighfhir ga ndubhradh geall

ar dturnamh einigh Éireann.


19 A-tá fear díobh go nua a-niodh

théighfeas teallach na sinnsear

i measg sluaghfhairche bhfear bhFáil

gan seal n-uaraighthe d’fhagháil.


20 Eidhre Fhiachaidh mheic Aodha

croidhe nar char míothaomha

fear comdha céadanma a shean

comhla ghéagabhla Gaoidheal.


21 Dá mbáidhtí oineach Fhóid Fhloinn

do-ghéabhthaoi gríos san gcogoill

fear gan amhluadh einigh air

ag eidhir armruadh Fhiachaidh.


22 Dá mbeidís Laighnigh re a linn

gan d’iomrádh acht ainm Fhéidhlim

do aithbheodhaigh an ainm sin

gairm an chaithleomhain cheirdigh.


23 Ar gcaitheamh einigh Fear bhFáil

téid-sean i dtús a iomráidh

uain an ualaigh-sin ní fhuil

’ga ghruaidh nualuisnigh náraigh.


24 Mar fhéachas dá onóir féin

féachtar leis - lór dó dheighmhéin -

croidhe as fhraochaibche i gcrú chleath

do chlú laochaicme Laighneach.


25 Nach mór d’Fhéidhlim mhac Fhiachaidh

díon Laighneach ar lainnfhiachaibh

coimhfhéagaidh ó eing go heing

don eing fhoighéagaigh fhairrsing.


26 Ní fhuigheadh Laighneach re a linn

béim ris nach beadhgfadh Féidhlim

méad a imnidh fa chúis cháigh

’n-a ghnúis tibhrigh ’n-a teannáil.


27 Do bhí an gnáith-sin uair eile

’gun mhílidh mhac Deichtire

troigh fa siobhlaighe ag cur cath

ar son ionghaire Ultach.


28 An t-aoinfhear do b’fhaide uaidh

i gcrích Eamhna an fhuinn fhionnfhuair

do dheargfadh a dhímhiadh sain

ríniadh ceardchan an chleasraidh.


29 Cú Chuluinn na gcleas ngoile

Cnoc Fionnchairn na Foraire

fa ráith choimhfheithmhe don choin

i ndáich oireichle d’Ultaibh.


30 Fiú éinchreiche níor fhiu leis

gá dámaid do dhul thairis;

leor é fan am-sa d’fhaire

sé ar an gcarn-sa i gcomhnaidhe.


31 Níor ghnáth leis - ní léigeadh sain -

aghaidh deoraidh fa dhiomdhaidh;

fa deaghcangnamh dál na Con

fa chlár eatalghlan Uladh.


32 Ag cosnamh a gclú ’s a gcreach

do bhíodh an bheithir nimhneach;

ag coimhfhéagsain do chrú Ír

fa troighéasgaidh Cú an chleitín.


33 Coimhéad dan mac samhla sain

do-ní Féidhlim mac Fiachaidh

do Laighneachaibh toir is tiar

ar moigh ghlainleathain Ghailian.


34 A mbiodhbhaidh do bhreith a ngill

ní guais leo le linn Féidhlim,

ná lotadhnadh a ngruadh nglan

d’fhocalghamh druadh ná deoradh.


35 Cúis béime le a mbeadhgfadh sin

ní fhuighe aonmhac Laighnigh

tre lios eithreach bhfoighéag bhFinn

tar coimhéad bhfeithmheach bhFéidhlim.


36 I ndoras báis, i mbreith gill

fear a saortha is sé Féidhlim,

eo saorchuain bhailbhealtaigh Bhreagh

tairngeartaidh laochshluagh Laighean.


37 Fear ler hóradh a aicme,

fear as truime tiodhlaicthe,

fear as mheasardha do mhodh,

fear as easumhla d’uabhar.


38 Fear as leomhanda ag léim treas,

fear as réidhe ag riar éigeas,

fear as aimhréidhe i n-uair cean

do chruaidh ghlainfhréimhe Gaoidheal.


39 Ní hónna acht re haighthibh cliar,

ní lonn acht ag léim caithghliadh,

ní frithir acht feadh smachta,

sreabh fhichidh na hannsachta.


40 Cruaidh fa rún, réidh fa mhaoinibh

aigneadh an duinn dreachfhaoilidh;

mín re héidtréan, teann re tréan

géigfhréamh as ceann dá chinéal.


41 Bradán Life na learg sean

posd einigh íochtair Laighean

brat caomhdhaigh fásfhairche Fáil

aonghoin bhásaighthe bandáil.


42 Ursa cogaidh, ceann síodha,

dídean cirt, cosg fairbríogha,

doras céadágha cláir Breagh,

dáigh éadála na n-aoigheadh.


43 Cinnlitear clú na mBranach

tús teasda tá ar neamhfhalach

dortadh créachtfhuile i gcrú sleagh,

clú nach féadfaidhe d’fhilleadh.


44 Donn failgheach fine Chathaoir,

gnúis dil nar dhearg gríostathaoir,

fíorbhun labhartha Mo-ling,

díoghbhadh anorchra d’Éirinn.


45 Mac meic Aodha na n-arm ngéar,

mórádh ceall, cumhdach éidtréan,

draig shuilbhir, troigh re teannta,

muir go ndruimnibh díleannta.


46 Labhairt as lugha ná a ghníomh

sníomh easaonta na n-airdríogh,

séad robhuadha ráithe Néill,

snáithe comhuama a cheinéil.


47 An dá Aodh do imthigh uam

m’aos cumtha, crobhuing dhiombuan,

do imthigh mo thréan le a dteann

mar éan ór imthigh eiteall. Teallach.


48 Inghean Fhiachaidh earla lag

níor oircheas dúinn a dearmad

meanma chobhsaidh nar char séad

níor chosmhail damh, ní dheirméad.


49 Ní dheirméad-sa an deaghbharr slim

ná an glór féata focailbhinn

ná an sdíom chorramhlaigh cúil chais

ná an tsúil mhongfhabhraigh mhallghlais.


50 Searc aoidheadh, iomchar ainbhreath,

gein bhuadha ban ríoghLaighneach,

rosg glainshliom fa ngrianlas síon

nach ainghionn fhiabhras airdríogh.


51 Fuair Úna ó ógmhnáibh Banbha

barr éagcoisg is urlabhra;

tearc meadh don bhriatharthaoi bhinn

ar feadh iatharchraoi Fhéidhlim. Teallach.