firstLine"; ?>

1808. Teallach feile Fir Manach $
Length: long 44qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626(3/C/13) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 10
Motifs:
  1. qualities of patron’s character
  2. comparison of patron with all others
  3. patron’s feasts
  4. generosity to poets
  5. prowess in battle
  6. standing guard over territory
  7. fertility of land under true king
  8. symptoms of law and order
  9. Hostages
  10. Highkingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Teallach féile Fir Mhanach


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 10]


1 Teallach féile Fir Mhanach,

fir is fhéile iná an t-oineach;

tír í do dháil gach deighioth,

d’einioch cáigh is sí is soidheach.


­2 Siad ar mhéad anma is einigh -

don Bhanbha ní séad samhail;

rug an clú tar Fiadh Fuinidh

crú Uidhir riamh do raghain.


3 Fiú ceann an mhoighe Mhanchaigh

gach geall oinigh dá n-oghthair;

geall cháigh ’na ucht dob ionchuir

do lucht tiomchuil Chláir Chobhthaigh.


4 Gair­id ré a chéile chomhloinn,

sé fan éile ’na éiglinn

rug a mbí ag muir ó mhinlinn

ó a mbí inghill d’fhuil Fheidhlim.


5 Fás a dteasda ar chách ceilidh

an lá is measa Mág Uidhir,

a meadh d’aoinfhear ’na n-aghaidh -

raghain Ghaoidheal bhfear bhfuinidh.


6 Cosg shluaigh Bhanbha ’na bhréithir

i n-uair a gcabhra i gcliathaibh;

do-ní síodh do chóig críochaibh

do mhíothoil ríogh F­hóid Fhiachaidh.


7 Éire díolmhuin ní dleaghair

ó ríoghaibh fhréimhe hUidhir;

tig do shíol gCuinn a gcabhair

nó faghail ríogh Fhuinn Fhuinidh.


8 Rí tré iathuibh dá fhuagra

do bhí as a bhriathruibh déadla;

ní fhuair díon ar feadh Fódla

fear ar fó­gra ó shíol Shéadna.


9 Ní lamhthair le lucht foghla

na Manchaigh ó Ghurt Ghabhra;

diongbhaidh sin a mbí i mbearna

rí Eamhna astigh má tharla.


10 Laoich le snadhmthair Teach Tuathail,

nách faghthair fear a bhféachaidh;

tuillidh siad clú ’sna cliathaibh

crú Fiachaidh ’sgan iad d’fhéachain.


11 Tilid Éirinn gan ainimh

a héineing d’Inis Fhuinidh;

do neart ní fhuil ’na n-aghaidh

teacht ar faghail d’fhuil Uidhir.


12 Cú Chonnacht tar Chloinn Mhílidh

do thoill a thogha ó thréidhibh;

rí do shíol Duinn dá dhéanaimh

ar béalaibh ríogh Fhuinn Éibhir.


1­3 Rí Éirne ’na cheann cuirfidh -

gach geall féile dá bhfoghthair;

beag an geall do ghnaoi an Mhanchaigh

dá bhfaghthair geall Chraoi Chobhthaigh.


14 Do-géabhtha ’gan fhíon uaidhe

díol farbh éartha gach aoighe;

an clú nár iomchuir Éire

iomchruidh fé­ile chrú Chraoidhe.


15 Féach an dtáin­ig nó an dtiocfa

séan nách b­áidhid a mbearta;

do lucht clú is móir na molta

lochta an tslóigh ó bhrú­ Bearta.


16 Leó féin orláimh an oinigh

lé a congbháil ­ó fhéin fhuinidh;

madh fearr a bhfuil ’na n-aghaidh

raghaidh a ngeall d’fhuil Uidhir.


17 Sé i ndeaghaidh shuain gan shéana -

gi bé adearair uair óla;

ní rug dá chionn breith mbágha

gé bheith námha i gcionn chóra.


18 Cuach lomnán do bhróin bhleidheadh,

níor dhóigh gan chomhdháil gcuradh;

rug dorn tréinfhir go talamh

corn falamh fhéinnidh Uladh.


19 Mór tarla ar an ngeis ngnáthaigh

bheith don Bhanbha gan bhuachail;

rug a geis do ghoin Fhiachaidh,

tiachair leis do Thoigh Thuathail.


20 Críoch Ghaoidheal fád go froighidh,

ní maoidheamh do Mhág Uidhir;

sibh ar fuil gCuinn i gcoraibh

do sguir foghail Fhuinn Fhuinidh.


21 Gan fhear faghla ná faire

ar feadh Banbha do-bheire;

cách ribh ag breith a bhuidhe -

gan duine ar breith fhir eile.


22 Éintionól díobh ar ndéanaimh -

síol Éiriomhóin is Éibhir;

téid i gcéim nách cuid mhaoidhimh

Gaoidhil féin duid­ dá dhéinimh.


23 Ní bhí acht fian Éirne it aghaidh

ag éirghe fa Iath bhFuinidh;

cur ruibh ní hé gurbh omhan,

dá bhfoghar hé is d’fhuil Uidhir.


24 Mar thige i dtreas it éanor

ní rige a leas do laoidheadh;

tarla i mbeirn ort it aonar

feidhm lér saoradh Gort Gaoidheal.


25 Lór h’obair ar brú bearna,

a Chú Chonnacht, dá gcomhdha;

tiad tríthe as t’ucht gan arma

lucht faghla Críche Connla.


26 Iúl na gcríoch le cléir ndoiligh

fríoth id mhúr, a Mhéig Uidhir;

gan triall dot uille d’fhilidh

siridh uile Fiadh Fuinidh.


27 Sibh a horloinn fhóid Ghaoidheal

ag comhroinn na gcóig dtíreadh;

beag an ní lat do luaidheadh

do-ní sluaigheadh Mac Míleadh.


28 Bid ríoghraidh Bhreagh id bhaile

’na ndíormaibh re feadh bhfleidhe;

folchoidh sibh fa dhíon duille

suidhe ríogh gach fhir eile.


29 Sníomh do dhornchla i ngurt ghábhaidh

do lucht comtha do chaomhain;

tógbhaidh cuid d’fheidhm gach éinfhir

déinimh duid i mbeirn bhaoghail.


30 In tráth nách faghaid filidh

anaid cách ar do chomhair;

cinn shluaigh is iad ar h’aghaidh

ní fhaghaidh siad uain oraibh.


31 Geall Banbha id dháil ag déanamh,

labhra na bhfádh do fíoradh;

’na thnúidh ní fhuil ar aoinfhear

súil Gaoidheal ruibh fad ríoghadh.


32 Fiodhbhaidh fhillte ina n-ionadh -

linnte do thiormaigh turadh;

lér chuir i dtr­áigh do thoradh

folamh muir Chláir na gCuradh.


33 Sreabh fiar tré choille gcnódhuinn,

níor mhoille giall i ngéibhinn;

na croinn ísle, an tonn thírim,

sgríbhinn dhísle ar Fhonn Fhéilim.


34 Béim budh guth don réim ríodha

níor léir do lucht an tnúdha;

síol nDuinn, adir a námha,

do dhligh cána Fhuinn Úna.


35 Na dreagain ó iath Oiligh

níorbh eagail lé Fiadh bhFuinidh;

cóig rígh do chuir fa chomhaidh,

gan tír d’fhoghail d’fhuil Uidhir.


36 Gearr gur cabhradh iath uatha,

siad ar n-adhnadh gach iatha;

tug ’na suidhe cóig críocha

móid shíotha fhuile Fhiacha.


37 Ní bhí a dhíon i gcrích Chonnla

gur dhíol an díth nách dearna -

ní gabhthoir le fear faghla,

feadh Banbha ó athchoin Eamhna.


38 Tarla gan fhíoch gan fholaidh

Banbha do dhíon gér dhuiligh;

ní chuir aoinfhear ’na n-aghaidh

faghail Gaoidheal d’fhuil Uidhir,


39 Ag síol gConnla dá gcaomhna

ní bhíd a mbronnta mórdha;

tugsad dó asteagh a dtéarma

i ló dhéanmha eadh n-órdha.


40 Fa chath Oiligh níor fhuaraigh

ar mbrath oinigh gach éinfhir;

sé ar fhine Duinn ag déanaimh -

file ar bhféaghain Fhuinn Éibhir.


41 Móid Chon Chonnacht dá gcomhdha

’na gCollaibh ar gcor bhfeadhma;

léigthear géill a bhfear bhfaghla

ar feadh Banbha ó fhéin Eamhna.


42 Géill Fhódla a haithle an ágha

dá bhfógra ar faithche a dhúna;

i dtigh na ngiall do-ghéabha

sgéala gach fhir d’Fhiadh Úna.


43 Gan ghuais foghla um chígh gcalaidh,

comhla ní bhí le bruidhin;

maor í Chuinn is teann tobhaigh

i mbonaibh beann­ Fhuinn Fhuinidh.


44 Caor cheardcha i mbeól a bruithne -

teó gach dearna iná [a] drithle;

ar triall ón chath budh coirthe

troi­ghthe fhian Rath ’sa ­righthe.­