firstLine"; ?>

1810. Teallach flaithis fine Caoimh $
Length: long 43qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early?
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 19 (23/M/29) Eoghan O Caoimh 1684-
  2. RIA 303 (23/L/37) John Stack 1706-9
  3. NLI G 433 Fragments c. 1750
  4. Mayn. C 42 Peadar O Conaill 18-19th c.
  5. RIA 253 (F/vi/2) M. Og O Longain 1813
Motifs:
  1. imagery for patrons (dreagain)
  2. nobility of ancestry
  3. English conquest of Ireland
  4. reim rioghraidh
  5. legal terminology (slan, coimirce)
  6. citation of earlier text (Reim Rioghraidh)
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA 19, 303)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Art mac Airt
Patron Surnames:
  1. O Caoimh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teallach flathais fine Caoimh

[RIA 19 (23/M/29), 301]

Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaidedha cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach, corrupt in places]


1 Teallach flathais fine Caoimh

dreagain lonna as lia somhaoin

sil breathamhra a laochmhuig lar [leg. Lir?]

caomhthaicc creachadhba(idh) Chaisil.

2 Lucht foghla ar nach frioth doibhert

tíorthaighidh a tá a deoraigheacht

le rug d’fóirnert ar fhonn mBreagh

[f/s?]onn ó oighreacht a n-aithredh.

3 Mór d’fuil Chaoimh tar chách oile

tug urmhór a n-aimsire

’na bhflathaibh sealbha fá seach

ag caitheamh (sic) meadhra Muimhneach.

4 Áirmhim a-nuas ó Neid Fraoich

trí fir dhéag don dream neambaoith (bhaoith)

buaidh gan teacht a ttreasaibh

do cheart fuair an flathios-son.

5 A n-anmna madh áil libh

fad árdflathais gach aoinfhir

nochtfad tra(th) gan céim ccoire

mur tá san réim ríograidhe.

6 Do chaith Aongus ina reacht ngroda

sé bliadhna trath is tríochad

’na fhlaith gan ghó a ccathaoir Chuirc

dó nior ttath[a]oir a tabhairt.

7 Tríocha(dh) bliadhuin gibé leis

do chaith Eochaidh mac Aonguis

do thoil cháich ger geagda an greim

san raith ccédna gan cóinntinn.

8 Aonfhithchid bliadhuin do bhí

Criomhthan Sreimh fuair an rígea

lán d’fonn dá farfhare (?) ar bhroid

sonn a bpriomhbhaile Pháttroicc.

9 Cairbre Crom mac Criomhthain Sreimh

tríocha(dh) bliadhuin do bhí f[adh]éin

a bhflathas Muimhneach [leg. Mumhan] m[e]ic Con

gan ghleic churadh dá chreachadh.

10 Fergus Sgannail sgiath chúmhdaig

ceann síodh seasamh iomardhaigh

nior ciallaidh a mhéd ar maith

dá bliadhuin déag ina dhedfhlaith.

11 Feidhlime mac Cairbre Chruimh [302]

ós ceann cháich ’na chladh thimchill

cúig bhliadhna dédh a-dertar

an ghéag niamhdha naimdeamhail.

12 Cathal ordhruic mac Aodha

fla[i]th na bhfoghal bhforaonda

ré deich mbliadhan do bhí ’stig

do bhreith fhiaghuin chriochr Caisil.

13 Trí bliadhna gan ghuais gan ghoimh

Cú gan Mháthair mac Chathoil

maith an caomhna ara ccreachaibh

’na fhla[i]th mhaordha ar Mhuimhneachaibh.

14 Mac Co(i)n gan Mháthair mionn súl

Fionghuine flath gan chlaochlúgh(adh)

lucht riaghla ’na leith níor léir

ocht mbliadhna ’s a deich dó-séin.

15 Cathal mac Fionghuine an fla[i]th

fríoth lais a los a dheaghra[i]th

gan lá síotha d’iarraidh air

triochad bliadhuin is bliaghuin.

16 Artrí mac Cathail cruith shéimh

fithche bliadhuin lé róséina

gan táir ar fhíormhaith an fhir

’na ríoghfhla[i]th ar chlár Caisil.

17 Trí bliadhna dédh a ndedhsheilbh

Ceannfhaola mac Moch Thighernaid[h]?

n[í] fuilngid gan bhéad gan bhéim

gur chuibhrig an t-éag eiséin.

18 Mac Gormáin Fionghuine fial

sé bliadhna dédh gan dimiadh

’gan fer san eing-si ré holc

fedh a réimhsi ’s a ríaghocht.

19 Tar cheann a ccoinbhliocht ré cách

níor thuit ger th[ur]us ionghnáth

fár cclár mbraonghlas do bhrigh gon

díobh acht Aongus ’na aonor.

20 Caomh ó n-ainmníghther a bhfuil

Donnchadh Ó Caoimh ceann an tsluaghuidh

geall ré fla[i]th gach nduine díobh

a maith uile níorbh ainbhfíor.

21 Mac Eóghuin oirbhertaig fhinn [303]

Conchúbhar an fhla[i]th fhoirtill

má tá nách raibh san réim

a thogha tráth do thuill-séin.

22 Lé drochshlightibh Danar ngaoth

ré díthcheannadh na ndedhlaoch

gan chró cceannaig ar chrích mBreagh

nert an teallaig gur thréigsed.

23 Muna ccailldís clann Éibher

flathas Chaisil chaithréimicc[h]

ní bhíadh fine Chaoimh fá cheas

gan mhaoin gan luíghe ar fhlaitheas.

24 Lán do rath gan ró ccoguidh

mór lá aoibhinn fuaradur

níorbh feidhm ttathaoire don treibh

a seilbh Chathaoire Caiseil.

25 Do múchadh a mí Aoibhill

táirsed aimser anaoibhinn

iomad cómhruig tóirsi throm

ó róbhruid luinge Lochlonn.

26 Ar fedh treimhsi go teacht nGall

d’aimhdheoin fhuirinne Lochlann

do sheasadur sonn iar-sin

fá fhonn cneas(fh)á(d)baigh Caisil.

27 Mór n-easráin iomdha d’iombáidh

mór d’u(i)lc aidhbhseach d’éigiondáil

mór ngleó úrláimh muin ar mhuin

d[o] fuilngeadh leó asa los sin.

28 Sealbh árdfhlathais fine Chaoimh

gé tá ’na n-éagmais d’aontaoibh

do chách dá maitfe [leg. matha?] siad sin

as flatha iad ar airgthibh.

29 As é Art mac Airt Hí Chaoimh

gé tá gan teacht ’na ttathaoir

fiú an duine dul a ttreisi

bun fíre na préimhe-si.

30 As é gan fille tar ais

shileas go dedhmhac Aongais

sárneirt a shíorsheilbhe sin

fionnoighre [leg. fíreighre?] cirt a chinidh.

31 Aguin-ne gíodh nach clos creid [304]

fer is ochtar ar fhithcheid

d’fíochbhu(a)n an chuaine do-chlos

riomthur uaidh[e](sin) go hAonghos.

32 Níor chinn roimhe do phreimh Chaoimh

ar toirbhertaibh gan tathaoir

neach nach diongnadh aithris air

’s ar ionnramh chathlis Criomht[hai]n.

33 Dá sáirghéig gér dheacar dul

a-tá ar an uile adhbhur

d’éis síorsheilbhe cháich a ccéin

a sáith d’aonoighre [leg. d’fhíreighre?] ann-séin.

34 Dá mbeth Art ’na n-aimser ann

do hoirnnfídhe iad ionann

do bhiadh meanma fhlatha leis

is feaghna ra(i)th[a] ’na réimheas.

35 Nách tig leis leanmhuin a luirg

fine Chaoimh caraid naoimhuird

’s gan a thail ara thail féin

ní bhfuil air acht an t-aonbhéim.

36 Slán bíodhbadh a bhéim do bhuing

slán carad a chruth iomruill

do thaoibh éara nó itche

ní geabha Ó Caoimh cuimirce.

37 Ní hé flathas a ghéag ngaoil

is díon dó trath ar thathaoir

as a los féin as ferr Art

gér theann dá phreimh sa rioghacht.

38 Muna bheith bruid a fhola

is fóirnert dá shíorluíghea

da bhféachtaoi ann gach cré ór chin(n)

[a-]déarthaoi é ara n-uaislibh.

39 Lucht uaislighthe Airt meic Airt

meanma caithmhéid is cosaint

aidhme ratha dá róshliocht

airighthe [leg. airdhe?] flatha is folaighecht.

40 Ní héinleabhar labhrus leis

ní aondream d’aos an iomhais

ní báidh ní beallaighther a bhras

ní haonduine a-mháin mholas.

41 A-táid iolghlór aoisa fis [305]

táid sgribhinn ar gach n-oiris

ag médúghadh aicme Airt

maicne shédamhail shonairt.

42 Díbhfer[g]aidh nach dóigh a ttroid

aos gradh an phuirt-sin Phattroicc

bró feinnicc[h] ara geall guth

dream rér téighedh an teallach. Teallach..

43 Mo cheannta a cceann a cheile

lá rochtana an ríoghshléibhe

budh mór an t-ualach uirthe

an Ógh bhuadhach bhennoighthe. Teallach...