Poem in printable PDF format
Teamhair
Chonnacht cúirt ríogh Bréifne
[RIA 739
(24/P/9), 291]
Ferghal mhac
Pilip Uí Dhuibhgennáin cecinit
[Snéadhbhairdne,
Dán Díreach; Crosántacht]
1
Teamhair
Chonnacht cuirt righ Breiffne
na
mbenn solus
aithne don chleir an mé[i]d mairios
té[i]d da thumhus.
2
Temhair Bregh ar
bheith san chúirt-si
ciodh
nár fhúathaig[h]
dá
gairm a mBreaghaibh na biter
Temhair Thúathil.
3
Cathair chaithmhe
na gcóig gcóigeadh
cúirt
an deaghfhir
dún Í
Rúairc an lámh nach
lamhair
fa
ágh einigh.
4
Gealltar
cennus do
chloinn
Fergna
tar
fhuil Fhéilim
do
gealladh ar n-úair
ó Áoibhill
a
n-úain d’Éirinn.
5 Fir Breiffne fá
Brían ré
ngábadh
glór
gach áoinfhir
minic
bhíos ag tréd an
treinfhe[i]r
ed fa
áoidhibh.
6 Rotrom éigsi ar fhine an Rúarcaigh
na
rennd neimhe
níorbh foráil d’féile a fhine
Eire
eile.
7 Mac Í
Rúairc rogha na
ccuradh
ag
cléith comhluinn
a
theist ar fher nochan fuighbhinn
ar feadh
forluinn.
Agus fós ní
forlann feadhma a
ffír hgen (?) ar
ionnshamail
an airdrígh
sin .i.
Briain
meic
Eoghain
airmneimhnigh
fiorrathmha[i]r
(..).rígh Í Ruairc.
Dóigh ní chualabhair a chomhcosmhuil a
ccléithbernaidh
acht medh Lugh Lámhfada, láoch bhuillidh ag freastal na bFhomhttorach a
Móirtreas
Muighe
tortbhuillidh
Tuiredh. No Cu Rí
mac Daire meic Deghaidh ag togháil chathrach
cáomháille Codhail má-ráon re Concabur cona curadhaibh. No Murchadh mac Bríain Bhóraime a brathair féin ag tabairt chatha Chlúana Tarbh.
8 Fa conchlann cubaidh d’Ó Ruaircs [292]
in
áit feadhma
(A)is
maith fa (aoin)
fiondigh [i]na athbha [leg. adh-]
(an)
milidh merrdha.
9 [............]
ó roitrén
Rúarcach
rogha
a bhféinneadh
cuirfidh a
tren ar
gart nGaoidheal
mur Art
Áoinfher.
10 Umhal fir
Bhanbha don Bhrian-sa
do
brigh a
breithre
do
ríghne sé ciúin dár
ccrích-ne
Í
Bhriúin Breiffne.
11 Samhuil Uí
Rúa[i]rc go rún
ffairsing
Fionn a
hAlmain
tocht ré
tren go
toradh ttorghil
(?)
omhan
d’fhaghlaigh.
12 Mac Eoghain
nar fill ó ghabhadh
na
ngreadh nglésta
fer tráighthe an
tonna as táosta
urra
an fhésta.
13 Úa Tighernáin
a ttrath
deabhtha
an
damh (?) ós dámhradh
tar macaibh Míleadh do mheabhraidh
síneadh slabhradh.
14 Ní
budh ionchuir ar
mac Mairgreig
mur mhéid
mhenma
dá n-anadh le cách
do chomhdha
gan tath
Temhra.
Ciodh
tra(t) acht as mor d’ollamhnaibh 7 d’úaislibh
Banbha bhíos ag égnach 7 ag iomchasáoid ar mac Mairgréige mordhúasaighe mínghlóraighe,
inghine Conqhubhair chosgaraigh chathbhúadhaigh creachlíonmhair hÍ Bhríain, fa gan
Temhair do tháth
7 Crúachain do chórughadh 7 Caisiol do
chumhdach
7 dúnadh Cinn Choradh do chertachadh
7 Dún Eochair Mháighe do moirlesughadh, ait a raibhe Oilill Olum aingidh ettrócareach 7 Sadhbh
ingean
Chuinn
chúantorchorthaigh
Céadcathaigh,
senathair
7 senmháthair Briain hÍ Rúairc, an rolanamain do ráidhsemar le ríar fileadh.
15 Aire Bhríain
ar chró na
curadh
as do
is dligheadh (is
da is
dlighedh)
as
díles dó ar mhodh
’s ar mhíne
cradh
gac cleire.
na
súgh sidh[e].
16 Do
éirigh tar chách lé
a chúaine [293]
táth
gach tíre
créd nach
lenfadh
clíar ó
cCréidhe
a
ffíadh fire (a ffiadh fire).
17 Fér dhá ttug
Día saidhbhrios saoghail
is
sen toraidh
ní
lía í[ad?] lé aithne ar fheaghaib
tairthe ar
tulaigh.
18 Tug
gach áon gan fhíoch
gan
fhaladh
gan díth
domhain
annamh
aoncrann do-chí
ar conuir
gan
trí toraidh.
Acht cheana ní hiomdha suan na sadhaile na
siorchodladh do-ním
féin re
hedh 7
re haimsir
imchéin ag meaghughadh 7 ag
mórsmúainedh caidhe an t-eólus
annamh
úaigneach do
dhénainn ó
Charraic
chaithmhigh conghairigh cháoimhoirdeirc meic Dhíarmada go treindíreach deaghaistreach go ríoghbhrugh
rófhairsing
ríantoictheach Uí Rúairc. As a haithle
sin as í
comhairle ar
ar chinnes gan contabairt éirghe a-mach ar maidin go menmnach a morchathraigh mheic Dhíarmada gus an fForaire (?)
ffíoraluinn, a
bhfail a mbiodh foraire na Crúachan ag feruibh Connacht re reimhes Oiliolla
7 Mheadhbha ar churadhaibh Chonchobhair 7 ar ríogmaicne roinertmhair Rughraighe, do Chnoc
sgía[mh]culchach sgeimhiolfhliuch an Sgáil, tulach a n-orduighter rígh 7 rofhlaith
ós maicne Mháol
Rúanaidh, do Sgiath
ffíoraidhbhseac ffertthulach a ttorchair Eochaidh díanbhuilleach Dála do láimh
theimethreas
aigmhéil meic
Coinghleacaigh
Connrach. Do Ráith
innillte Édáoine re raiter Raith Crúachan do chur [leg. Charn?]
Fráoich go fíordhíreach, do Sgeithín na nArm reir [leg. re ráiter?]
Sgeithín na cCenn,
do Réidh Carbad
Ferghusa da ngoirter Uarán
Pattraic
ar Madh Aoi orrderc
[294] d’Iomure
Mhuighe hÁoi go hudmhall, do Raith nGlais re a raiter Raith mBrénuinn .i. Glas mac Dremhain rí
Lochlann
thainic do
ghabáil
Eireann
ar éigin go
ttorchair le
Fionn a
ccomrac aoinfhir
gur foilgheadh
isin
ráith-sin é gonadh
dhe a-derar Raith
Ghlais, go Ros na hEachraidhe re ráiter Ros Chomáin, d’Árd na
hEadarnaigh da ngoirter Coill miontulcach mhían os
aidhnigh fionnuair, do breicthír Bhalair da ngoirter Tír Mhaine meic Eachaidh Fhir Da Ghíall, tré Fhiodh Conga gan
chomhnaidhe, áit
inar
bloghadh cuing
charbaitt
Chormaic
Conloingis
meic Concobair re n-abartur Feadha fiorárda Átha Lúain, tar Áth Lúain féin an fecht-sa for Sionainn sriobh[úa?]ine, áit
inar
báitheadh sín
Mhoruinn
meic Máoin do lár
(?) ag breithemhnus
d’feraibh Fódla go
fírinneach re
reimhes Chormaic
meic A[i]rt,
tre mín Mhidhe re
n-abartur Cuircne, do Gairige 7
d’IolGháirighe, do
Chnoc Inbhir Fáil re raiter Uisneach, do mhúr Théa
ingine Lúightheach
meic Íthe ben
Éiremhóin meic
Míledh
Esbainne, re
raiter
Temhair, do
shenMhagh Ealta Édair, áit a ttugadur dá onchoin ágha na hEalga cath
do righ Bretanchornn. Ben sgaoilteach an sgélaigheacht. Fecht n-áon día ttainic
righ Bretarnchornn do gabáil Eireann go cúan Bheinne [hÉ?]ta[i]r go hairidhe do riachtatur do reimhthús. Acht chena do raladur ar a ccionn (ar a ccionn) isin chúan-sin áirsigh imdheaghla na
hEirenn .i.
senFergal [295]
síorionnsuightheach Ó [s]aorRúairc
7 Ualgharg uasal ardoirdheirc O Ruairc, .i. bráthair eile sénFerghail, go
[tt]ardsat cath
Beinne
hÉdair do
Bhret(h)naibh go buannósmur gur gabadh ann righ Bretanchorn, .i.
[O?]ibhghin mac
Máil a ainm,
7 ro díchennadh míle fer n-armach isin iorgail-sin da n-ógaibh. Ó
rángadur
imorro ina
mbárcaibh an
mhéd ro thérná
dhíbh, ro airighsit an airdrigh dá n-uiresbaidh 7 ro
íarrsad a n-airdrigh ar an rioghraidh roinertmhair Rúaircigh-sin. Acht cheana as sé fúasgladh ar ar hanedh [leg. -adh] leó .i. x .c.
uinge do bhronnór
bhruinnte, x .c.
claidheamh, x .c.
sgiath, x .c. luireach, x .c. matal
n-égsamail
n-ioldathach 7 merge sénta senFerghail re táobh a
ndubhramar.
Ó ráinic in
fúasgladh-sin gus an fflaithrigh
Ferghal
7 go hÚalgharg ar áonmhuighin, ro
fhoghnadur ina
ttúarasdalaibh do mhaithibh Úa mBriúin 7 do
tháoiseachaibh
Conmaicne a ccoitchinne. Ór nach rugamur ar na Rúarcachaibh-sin a n-áit an fhúasgailte
d’fhaghail ré ar
n-ainmían don
fhúasgladh-sin
d’fhaghail uathaibh
gébhad ó Bheinn
Édair ar lorg na láochraidhe lionmure lánaidhbhle dár umhlaigheadur Éirennaigh go hiomlán. Et ní anfat don udmhaille fós, ór do-bhér mo
druim re muir
7 mh’aghaidh re tír no go
roichter
Temhair gan
toirisiomh dá fios
an innte
do-ghébhainn oighre
sochrach sodhánach
sénFhergail,
7 acht
muna
bhfaghar a n-áit a
(th)aithreadh a tTemhraidh an treinfher, [RIA 739 (24/P/9), p.
296] gébhad go Cen[a]ndus go céimésgaid[h], áit a raibhe Conn Céadchathach 7 Conall Crúachna, a cháomhoide, ag súr
chatha ar Catháoir Mor gur taifneadh [ó?] Themhraigh [é?] a sendadh
sin a Slíabh
gréchfíadháta Guaire (meic Colmain), ait a mbíodh
Gúaire
beigei[n?]ech (?)
rechtaire
Guair[e]
meic Colmáin. Ó
Shliabh Guaire go
gairdeach go
Slíabh
cáomhthulchach Cleth, ait inar benedh caolach thighe Cleithigh do
Mhuirchertach
mhórcumhachtach Mac Erca, do Thulaigh Mhodháin, áit a mbíodh
Mo[dh]án muircidhe
ag mesradh a
mhóirtréda, do
Chárn Dalláin a
mBre[i]ffne, áit a mbíodh Dallán Forg(h)uill, árdollamh Éreann, ag Áodh Fionn mac Fergna aga oighrer. Do Shliabh Ban
fFionn, re
ráiter
Sliabh Fráoich, tré
Mhagh Anghaile go hurmuisneach láimh dheas re Loc[h]
Fionnmhuighe; go
foistenach tre
Chinél Lámcháin (?), go lándeibheadhach do Shliabh Conmaicne, ré ráiter Slíabh an Íaroinn; láimh dheas re Glenn Ghaibhle meic Edomáin éiges,
láimh cle re Loch
Aillinne go
lanfhurnaighe, tar Dá Alt Dég gan comnaige no go roichead gan
toirisem longphort
leomain Locha
Gile.
19 Fear do
chennsaigh gach iath oile [297]
tr[i]ath an tighe.
20 Niorbh forail
do triath an
tighe
Temhair
Chormaic
eigen
toil re trian
ar
tteghlaigh
don
fhíal orrdeirc.
21 Geall on
Bríanbhrugh do
thegh [leg. thigh] Túathail
terc
do treigfedh [leg. thairgfeadh?]
teach
a n-ibhther fleadh nach ffillter
mur thegh
Taillten.
22 Geill
gach
cuigidh do chrích
Bhanbha
bíd
sa mbruighin
is
imdha gíall ina gheimhiol
nach
d’fiath Fuinidh.
23 Toirthe a
ttalmuin iasg a n-inbher
aibhne malla
a-tá
gach coill ar a
cuma
na
croinn chama.
24 Cóir
creiter le feraibh
Banbha
briatra an Breiffnigh
na
hainbreatha da
brigh
báithfidh
gach tír téfidh
[leg. téighfidh?].
A-tá
galar
gúasachtach
gráinemail dom ghabháil féin a-nois 7
éttroma anbháil
inntinne dom árdbhuaidhreadh ar a iongantaighe lem an
t-Araltach ag búain
an uisge a n-áoinfheacht do lucht allta iolarda árdchumhachtach Átha Cliath,
d’áonbhuille da
sháil. As amhlaidh
theagmhus an
troimiongnadh-sin; .i. abhann dhíansrothach dhásachtach a-ta ag snighe
7 ag síthsileadh a sléibhtibh
bennghorma
biothfhuara Bogaigh
O Máil (?) darab
comhainm an Órtha
go deimhin. Is ar
an abhainn-sin ro cumhdaigheadh Bruighen Da Derg, an deghbrughen (?), bhail a
ttorchar
Conaire
mac Eidirsgeóil
amail
aitrisid [298] na
heólaigh
ealadhnacha. An
t(h)an theghmus
cogadh no choinghleic no diomdha doilesaonta ag an Arlatach [leg. Araltach?] re
Baile Átha Clíath, té[i]d d’ionnsaighe na habhann ina fánaibh 7 ina
fiorcháolaibh
7 cuiridh comhla risin abhainn 7 leagait an
chomhla sin re
háonbhuille da
sháil 7 togbaidh an dára fecht an úair bhús loinn leis ar bfhagháil a ríara 7 a rothola
féin úatha
do-ridhis ar ttabbairt an uisge doib amne. Fón
ccuma ccédna 7 fón sompla samhla do-ní O Rúairc re
rioghraidh
rathmhair
roarrachta an dá cuigeadh is nesa dhó
d’Eirinn .i.
cóigeadh oilltiodhlaicthach Uladh 7 cóigedh
clúlethan
Connacht; .i. a ngéill a mbroid et
a mbótháinte do bheith [ai]ge bhúdhéin 7 agá amhsaibh
7 agá árdshluagaibh fa dáoirsi
dhocamhlaidh
7 fa dhímiadh go bhfaghar a bhreith ríoghdha riaghalta
féin úatha fa dheóigh iarna ndithughadh re drongshluagaibh dorrdha danarrdha in
righRúarcaigh.
25 Rád gach
dhuine
tarla gach críoch
úadh fa eire
búan
mo bhuile
búan
mo bhuile. [corrupt]
26 O bfuil do
chríochaibh f[ai?]d chomhaidh
re
cert cloidhimh
lámh
fá [a] n-áiremh d’fhaidh no d’fhilidh [299]
is
dail dhoiligh.
27 Caitreim
Briain
gan (?)
ar
bhronntaibh
bladhus berna
ní
frith fer a char a
ccumgha
do
mhuin mheabhra.
28 O
Ruairc
rugadar do
roghain
as
rádh urlamh
áit a
shen fa rían don
righfer
Níall
geal Glúndubh.
29 Ré
bfuil uime
d’iompaibh úaisle
don
fhuil Laighnig[h]
fíon
fhola Dhál cCais gur cuimnigh
san
mbais mbairrgil.
30 Lámh an
mileadh
mairg re
ttegmhand
tonn dá hanfadh
Brian is bladh is
tal ’na thimceal
lámh
nach
lamhthar.
31 Ag Ó
Ruairc
mar
rioghdhacht
Breiffne
binn re
Breaghaibh
biaidh do brigh
airgthe
gach oirir
Taillte is Temair.
Temhair Connacht.