Poem in printable PDF format
Tearc agam
adhbhar gáire
[S. H. O Grady:
Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum, Mss.
Egerton 111, vol. 1, pp 346-7]
1 Terc agam adbar
gáire
m’uabar gá mó
mínáire;
ciall mo gháiri
ní léir linn
mo sgáili féin dá
bfaicinn.
2 Senphecad ár
sinser féin
dár gcloinn más
oigrecht eséin;
ár ngáirene is
cás dár gcloinn
’s in bás
dáirithe agoinn.
3 Tánac ar tús
nír tonn ghlan
am chaob chró a
corp mo máthar;
am chaob chriadh
fá deired dam
ag triall fá
teimel talman.
4 Ticfa in bás is
bert deimhin
cás nach éidir
d’fóireighin;
sé ní fhedar cá
tráth tic
egal do chách
nach creidit.
5 Ullmaigthe in
uamh fám comair
lá in báis is
bert do comaill;
ní cúis uabair a
dé dam
mé sin uamhaid am
aonar.
6 Cúis mímhenma
as mó iná sin
d’éis mo báis is
bert doilid;
gá hinad an adba
glan
spirad m’anma ní
fhedar.
7 D’énní dá tucas
mo thoil
dá lenainn lorg
mo leboir;
nír dligh mé méid
mo muirni
féch a dé ár
ndecuirni.