firstLine"; ?>

1814. Tearc oidhre dileas ag Dia $
Length: long 35 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cent.
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 100
Motifs:
  1. envoi to saint (Michael archangel)
  2. role of BVM
  3. Christ as kinsman
  4. crucifixion
  5. Judgment Day
  6. gift of tears
  7. Biblical allusions
  8. pun q. 1
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Tearc oidhre díleas ag Dia


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 100]


1 Tearc oidhre díleas ag Dia,

a oidhre ní díleas dó,

ní bheir ó n-a dhaoinibh Dia;

cia nach naoidhigh cneidh an chló?


2 Beag bhfaladh an troigh ’s an taobh

dá ghoin dá ngabhar re a ndíol;

do bhiadh sé réidh gan a riar

dámadh é ar mian réir an ríogh.


3 Ar n-oighidh Dé do bhí beo

an té do bí ’s an té a-tá;

ní thug neamhógh do rádh ria

Dia ar ar ngrádh i meadhón mná.


4 Gur daingneadh ionn ar an iul

dar gcionn do tairbhreadh an taobh

do sgoilt sé dar gceann an cíogh

níor bh’é ar ndíon is an gceann gcaol.


5 Dá bhfagháil do-chuaidh ón chló

san uaigh gin gu hanáir leo;

seachna an bháis ar breith do Dhia

achd gér shia an pháis a bheith beo.


6 Lá an tiomsuidhthe ní tráth sídh,

is tráth budh ionnsuidhthe an uaimh,

an lásain ní lá dá réir,

ní théigh re grásaibh lá an luain.


7 Beith gar n-aimhleas is inn faoi

- ní linn dar saidhbhreas achd sé -

féaghthar munba réidh an rí

an fa a ní féin éarthar é.


8 Trom dochar a bhuime ón bhrón

gidh truime a sochar dá síol;

do-gheibhthear lé luagh a deor

nac eol d’Uan Dé gan ar ndíon.


9 Duine gaoil don mhnaoise mé

mo chaoise ó dhá thaoibh nó a trí

re Muire dá bhféaghthaoi faoi;

caoi an duine ní héanchaoi í.


10 Do íocfadh an chnú nó an chaor

a chrú is ní híocthar mon-uar;

nach iomnáir damh gan a dhíol

’s go ngabh síodh nach ionráidh uam?


11 Tiocfa a-nall d’iarraidh a fhiach

gan diamhair ann ar a fhíoch;

luagh ar dhéir ní bhí sa bhráth

sí ’n-a tráth féin ó nach fríoth.


12 Mó dochar an ríogh a-rís

a chrochadh - gér ghníomh gan ghaois -

go bhfuair sé a oigheadh dá áis;

coimhshean do pháis é agus d’aois.


13 Do mhuin deor dúnadh an taoibh

a dhúnadh gin go heol uaim;

ar cneidh na cíghe a-tá tóir

gé shíne a cóir go lá an luain.


14 M’óige do dhula fa dhlaoi

ní móide a cumha i gclí;

ar gclíne ní cuimhneach lé

d’fuighleach na sé ndíne dhí.


15 Acht gomadh ál táth an taoibh

is tráth dá rádh ris an rígh;

do cheil sreabh an chréachta an chóir,

ní séanta dhóibh cneadh an chígh.


16 Fuil do bhall fa lár do leig

nár is do chlann ’n-a dá gcuid

do b’fhiu ar siair ar mbuain a broid

an uair do chroid ’n-a dhiaidh dhuid.


17 Mo dhréimire an crannsa id chígh

damhsa is do chéilidhe i gcriaidh;

guais an mheadhuighthe an mó dhúin

súil i ló [an dealuighthe id dhiaidh].


18 Fuair sinn d’anáir as a hucht

do ghabháil linn tar gach locht;

ní im báthadh do-chóidh an ceart

achd neart máthar gun óigh ort.


19 [ . . . . . ] goire ar ngaoil

an taobh deas gidh oile i n-úir;

do threabhlaitse ó chneidh an chígh

sín sein re deaghfhaicse dhúin.


20 Ar gceann uidhe ag teachd a-tá

gearr go bhfuighe ceart id chrú;

dlaoi ar t’fholaidh sa bhráth ní bhia

[ba Dia i dtráth an toraidh thú].


21 Muire got fheitheamh is Eoin

ar dteitheadh don uile uaibh;

do bhí do chlódh ar a céill

nar í féin an ógh ar th’uaigh.


22 A bhfuil ’n-a ndeoigh d’fhuighleach th’fhiach

fa dheoigh budh cuimhneach le cách

- ní aithnim dar siair ar síoth -

aithrinn ar t’fhíoch [biaidh sa bhráth].


23 Go gcuire coimhlíon mo chuil

do shoighníomh Muire sa meidh;

ól a cíogh an cumhain libh?

ná sir díol cubhaidh id chneidh.


24 Nach truagh a éagcruth dá éis

- ar n-éagnach re a ghruadh mar ghrís -

reic do mheic ochta dá áis?

docra an pháis a reic a-rís.


25 Fríoth ceart, a fhionnMhuire, uaibh

an reacht d’ionghuire ó nár áil;

bean do nighe ar gcean is cóir,

glóir [ . . . . ] as a mbean [báidh].


26 Lór dar lat dom eadráin air

do mhac do theagmháil dod thoil;

cá bríogh is do threise as-toigh

gur dhluigh mo ghníomh meise a-muigh?


27 [A síoth] Moire Magh-da-léan

do ghabh le a croidhe do chlódh;

dlighe, a pheacaigh, súil re síodh;

bíodh ar th’úidh gur pheacaigh Pól.


28 Ól dighe don domblas aoi

- ól chobhras a fhine é -

an cunnradh ar ar ibh í

do bhí ag cungnamh le digh nDé.


29 Madh buidheach an rí dá réir

fuireach nocha bí ar a bháidh;

grás Dé nocha dtoill ’n-a thruaill

uainn le roinn é dámadh áil.


30 Cóir dar mbráthair féaghain faoi

d’éanfhuil a mháthair is mé;

dá n-eitghear fan éagcóir í

ní héadáil dí a leigthear lé.


31 Tráth a ghrás do ghabháil liom,

don bhás d’fhagháil ní budh am;

ní fheadar nach é budh fhearr

ní ré ghearr as eagal ann.


32 Do-chuaidh ar gcúl ribh a fhraoch

gan ghlún ó shin ar a shíoth

[is é i gcorcracht na dtrí dtráth]

is cách d’fhortacht dí [dá] dhíoth.


33 Nír mhaith iadhadh a dhearc dúinn

ceart gin gur hiarradh san uaigh;

ní beag dó dá chora i gcéill

an fhola féin i ló an Luain.


34 Ól a lachda leanaidh sí

a dalta nach dearaidh mé

ar Íosa is bheith mar do bhaoi

na naoi míosa do fheith é.


35 Fóir, a Mhichíl, inn ó ar n-olc,

a Mhichíl, cinn ar an gceart;

lia do shíol na ngrás id ghort

locht ag fás tríom gin gub tearc. Tearc.