Poem in printable PDF format
Teasda easgcara
an fhiadhaigh
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 118]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird .cct.
1 Teasda easgcara
an fhiadhaigh;
tug ar chroidhibh
ceoidhiamhair;
easgcara ní fhuil
ag oigh
i Muigh
chneastana Criomhthoin.
2 Easgcara
fhiadhaigh Éireann
Ábhartach na
n-airdchéimeann;
níor ghein cú a
sáruighthe sain
i gcrú
fhánfhoirbhthe Fhionntain.
3 Fáth tuirrse
aca ní fhuil
subhach feasda na
faolchoin
i gcrích mhín
bhánacraigh Bhreagh
do bhrígh
Ábhartaigh d’oigheadh.
4 Do-ghéabhtha ar
faighthibh a bhfios;
ag mucaibh allta
i n-uaigneas
ní ba hiomdha
feasda fail
ó theasda a
mbiodhbha bunaidh.
5 Cnuic
oireachtais fhóid na bhFionn
leabtha suain
fhiadhaigh Éireann;
daimh Chláir
Chodhail tres an gcoin
dáibh ní homhain
acht urchoir.
6 Níor
bh’iongnadh buaidh do bhreith dhí;
uasal an t-altrom
fhuair-se;
ar ghlúin
bheithreach bhruaigh Eanaigh
feithmheach
fhuair a hoileamhain.
7 Díol a caointe
í as a n-ucht
ar ghlúin ’s ar
ucht Chon Chonnacht
- dá ní do
dhúisigh mo dhéar -
do bhí an
chúi-sin ’n-a coiléan.
8 Níor chuir Mág
Uidhir fhuair clú
dalta ortha acht
an t-éanchú;
clann Cholla fa
dine dhó;
righe orra ag a
n-iarghnó.
9 Dalta oile acht
coiléan con
nó leanbh budh
oidhre d’ollamh
brón do shíor
orra re headh
ar shíol gColla
ní chuirfeadh.
10 Cú dearg
Osgair nar ob cath,
nó Sgeolang, nó
Bran buadhach,
nó Adhnuall do
b’aithghin dí
ag flaithghin
armshluagh nÉirne.
11 Re linn
Ghofraidh fháthaigh Fhinn
san Mhumhain na
múr n-aoibhinn
do bhí cú ren
samhail sain
do thabhaigh chlú
d’Íbh Carrthaigh.
12 Cú Mhéig
Carthaigh Chuain Line
iomad a héacht
n-oirdnidhe
don triathchoin
do thobhaigh geall
ó chonaibh
iarthair Éireann.
13 Ar dhumha
sealga ós Loch Léin
tuitid lá - lór
do chaithréim -
ceithre doimh ós
gheilleirg ghlain
leis an gcoin
gceinndeirg gcréachtaigh.
14 Faolchú neimhe
d’éis an áir
tarla dhi - dia
do neambáidh -
tug ar an gcoin
créacht go neimh;
a goin níor
bh’éacht i n-aisgidh.
15 Tuitid ar-aon
- anba an ghomh;
do dhoirt sí fuil
na faolchon
’s do dhoirt an
faolchú a fuil
gér ghoirt le
caomhchrú Charrthaigh.
16 Mág Carthaigh
do chosain seilbh
tug dealbh
dearsgaighthe ar dhoidheilbh;
néal bróin fan
éachtchoin do b’fhearr
do sóigh ós
réaltain Raoileann.
17 Gofraidh Fionn
do ullmhuigh í
marbhna na con
ad-chluintí;
táinig d’oide
Tighe Táil
a fighe d’oige
iomshláin. [= poem 1721?]
18 Do mharbhnaidh
chomthaigh chiallaidh
do chuir drong
rann roidhiamhair
fáthGhofraidh
Fionn muin ar mhuin;
snáthghlanfaidh
sionn a samhail.
19 Do chumas don
choin-se thoir
marbhna do
Ghaoidhilg ghréasaigh
mar chéadmharbhna
na con thiar
ar son
gréagdhamhna Ghailian.
20 Ar measadh don
mharbhnaidh thiar
dá maireadh tuir
fhear nOirghiall
a buaidh
do-bhéarainn dá thail
do-ghéabhainn
uaidh a urdhail.
21 Ní marbhnaidh
í gan fhachain;
cú cnis Í Chuinn
Chéadchathaigh
tug fa fhonn
n-easbhán nEamhna
teasghrádh trom
dá tighearna.
22 Cuarta meince
- mór an tsearc -
dá iarraidh iar
n-a imtheacht
tug an cú
croibhdhearg corcra
fa bhrú
bhfoinnlearg bhfochanta.
23 Lé do
cuartuigheadh na cnuic
’s na tighe óil
d’Ú Cormuic
agus bruaigh na
dtiormshroth dte
’s gach uaimh fa
fhionnLoch Éirne.
24 Níor fhágaibh
leaba ’n-ar luigh
fa Loch Éirne gan
iarraidh
ná mín ná suidhe
seilge
do ghríbh Muighe
mínDeirge.
25 Fa dheoidh
teasda - tuar déire -
do chumhaidh a
cneischéile;
gá dú acht
do-chuaidh as a cruth
mar nach fuair an
cú a caomthach.
26 Teasda an
chú-sa iar gcéibh na sgath;
ní hamhlaidh
d’uaislibh Teamhrach
feasda im Bhóinn
mbliochtchraobhaigh mBreagh;
ní hiontaobhaidh
glóir Gaoidheal.
27 Ionann fáth
bróin dóibh is dí
Ábhartach cú fhir
Éirne;
fada iar gcraoibh
Line gach lá;
a fhine dá
thaoibh teasdá. Teasda.
28 Mág Aonghusa
do dháil dhamh
a chú ’s a each
’s a órbhrat
a-tá craobh Céise
dom chrádh;
an fhéile dá
thaobh teasdá.
29 Ní dhiúltfadh
Conn Maisdean mé
um choin ná um
bhrat ná um bhuairsbré;
a-tá craobh
Cruachan dom chrádh
ar n-uabhar dá
thaobh teasdá.
30 Ní bás don té
théid dá fhios
flaitheas na n-óg
’s na n-aingeal;
mairidh Beadar
iar n-a bhás
acht gé theasda
ní theasdá. Teasda.