firstLine"; ?>

1816. Teasda Eire san Easpainn $
Length: very long 69qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau. 17c
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 4(24/P/27) late 17th cent.
  4. NLI G 167 Seam. MagUidhir 1727
  5. RIA 215 (A/v/1) 18th cent. ?
Prints:
  1. transl. Eigse xv, 31
Motifs:
  1. envoi to other patrons
  2. Envoi to saint Peter
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. imagery for kingship
  5. inauguration ?
  6. Highkingship of Ireland
  7. landscape withers on ruler’s death
  8. historical precedents
  9. Historical comparisons
  10. Classical allusions
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Bib.roy.6131-33, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1602)
Apologue Subclasses:
  1. Death of Niall Naoigh. Da Thi & Donnch.
  2. Death of Caesar
  3. Death of Hercules
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teasda Éire san Easbáinn


[Pádraig A. Breatnach: ‘Marbhna Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (†1602)’, Éigse 15, 31-50]


Fearghal Óg Mac an Bhaird cc.


1 Teasda Éire san Easbáinn,

do deaghladh a díleasdáil;

an sén fuair tre theasdáil thoir

uainn san Easbáinn do fhágaibh.


2 Mar do bhí olc i ndán dúinn

teasda ar n-oireachas iontnúidh;

teasda ar ttréine láimh do láimh;

teasda Éire san Easbáinn.


3 Uainn don Easbáinn d’fhagháil bháis

do-chuaidh Fódla, fáth dóláis;

do-rad an sén sealadh dhúin

gur benadh frémh ar bhfortúin.


4 Bás a n-aoinfheacht re hAodh Ruadh

fuair cádhus na gcóig ríoshluagh;

mar sin térna Banbha Bhreagh;

dá térma tarla toirneamh.


5 Bás d’Éirinn ionnarbadh cáigh;

iar dtérnamh d’Aodh san Easbáinn

do-chuaidh a mbríogh uili as,

gan duine dhíobh ’na dhúthchas.


6 Do mhúin bás Í Dhomhnoill dáibh

eólas dígind an domhnáin;

fios na cruinne ag buidhnibh Breagh

tre fhuilngidh Muighe Maisden.


7 Trí rígh do ríoghaibh fer bhFáil

térna mar sin, seól tocráidh,

roimhe sna tíribh-se thoir,

croidhe míninnse Murbhaigh.


8 Niall Naoighiallach naoi nglas:

ag Muir nIocht na sreabh solas

ar ndol dó go Saxaibh soir,

sul do chló in tan-sain torchoir.


9 Da-Thí mac Fiachrach, flaith chró,

ar in gcor-soin, cúis iargnó,

ón trian Tuaidh ar tteachta ar lear,

fuair ar Sliabh Ealpa oigheadh.


10 Mac Briain Bhóramha, barr Fáil,

do thuit a ttír an tSabhdáin;

snuagh na Traoi ar Thealaigh Logha

do bhaoi a ndeaghaidh Dhonnchodha.


11 Gé mór an crádh uair Éire

tiomchal na dtrí bhflaithchéile,

doilghe lé an ceathramhadh crádh;

creachphudhor gan hé d’iompádh.


12 Ní hionand is Éire iar nAodh;

danair indte in gach éntaobh

iar mbás gach duine dhíobh soin;

ní bhíodh ruire acht don ríoghroidh.


13 An sén do chuir ar chath nDor,

ní hairleagadh nár híocadh;

do bhen frémh fuile Criomhthain

a sén uile d’Éiriondchaibh.


14 Arthrach gan sdiúir Banbha Breagh

do bháidh a bhás glóir Ghaoidheal;

tug tar tealaigh Dha-Thí thuinn

deaghail dí ris Ó nDomhnaill.


15 Ó theasda cend catha Breagh

iongnadh mhairid meic Mhíleadh;

más brón is cumha d’Íbh Cuinn,

ní lór ar ndula Í Dhomhnoill.


16 Más lór tuirse ó threibh na nArt,

mairg do-rinne dhí a dhúthracht;

a chorpucht ar cheathaibh renn

níor sheachain d’fhortocht Éireann.


17 Mairg do bhíodh a mbruinnibh cath

’s a n-imlibh críoch dá gcumhdach,

an fhuil Chuinn-se chláir Mheadhbha,

más tuirrsi dháibh doimhenma.


18 Ní maoidhte cumha ar Íbh Cuind;

coill arda is ísle an fhochaind

is na heóin ag tochta as-teagh

’s na neóill chorcra dá chaoineadh.


19 Laithe gruamdha, guirt tana,

dá chaoi bhíd mar bhrughadha;

bíd mar ollamhna Chraoi Chuinn

lomabhla ag caoi Í Chonaill.


20 Tiocfamaois tar tairthibh feadh

Aodh Maonmhuighe dá maireadh;

ní ’na thráth teasda in toradh;

gach bláth feasda a g feódhughadh.


21 Do-chuaidh an sruth do bhí bliocht

a ndíosg do dhíoghbháil toirbhiort;

is buinne sesg Bóinn bhionnghlas,

ní glóir feasd a flaithemhnas.


22 Dealbh álainn ar dheilbh ndearóil

tug fiodhbhaidh fhóid Éiremhóin

’s cuan Doire ’s na trí tonda

’s gach ní oile eatorra.


23 Na gaotha ag gabháil a n-arm,

an mhuir ag meilt a mórcharbh,

srotha bruachdhubha as gach beinn,

clocha uathmhara ar eitill.


24 Tuar uabhbháis treathan na dtonn;

tuar uilc ruithneadh na réltonn;

tuar díbheirge niamh na néll;

sgiamh fhírfheirge ar an aiér.


25 Náir leo iar n-áirsidh Eine

nár fíoradh a bfháisdine;

fáth tuirse na ndúl a dhol -

an cuisne dhúnn dá dhearbhadh.


26 Do bhí an tonn ag triall a-mach

ag fógra Leasa Lughdhach

is Camdhoire is gaoth is grian

do laoch Almhaine ar éinrian.


27 Fuair ainm mar gach rígh reimhe;

a ndernadh dhó d’fháisdine

d’Aodh Mhacha tánaig as-teach;

gan fhatha a-támaid tuirseach.


28 Meastar Ó Domhnoill Doire

re Cond is re Conoire;

ní mór nár amhlaidh hé

do-ní a fhaghlaidh a fhínné.


29 Cormac mac Airt flaith Finne

le foillsiughadh fírinde,

le breathaibh ríogh, le cor ccath,

le síodh fa thol na ttreabhthach.


30 Le glór búidh, le bagar tenn,

le nertughadh na naoimhcheall,

le smacht gér le glanadh ceirt,

le trén danar do dhíbeirt.


31 Le fuil ro-uasail ríogh [bh]Fáil,

le deilbh, le heagna iomláin,

is le gaisgiodh ghéirrenn ngleóidh

’s le taisdiol Éirenn d’aimhdheóin.


32 Ó Raoilinn rug a cridhe

Earcail eile a aimsire;

dá luach ar ardaigh d’fhóir Bhreagh

do laghdaigh do ghlóir Ghaoidheal.


33 Re hucht mbáis do iarr Earcail,

sciath an ghrégshluaigh ghuaisbhertaigh,

a airm ghleóidh do char re a chois;

fa dheóigh níor an ’na n-égmhais.


34 A bhfert Earcail, mar do iarr,

do cuiriodh uile ar é[i]nrian

airm fhlatha far feradh fuil,

a threalamh catha is cosgair.


35 Rug Éire fan líg ’nar loigh -

ní hionand Aodh is Earcail;

an uile ghlóir budh glóir linn

do shóidh mar thuile ag tuitim.


36 Giodh ionann ní hionann sin;

taobh re harmaibh níor imdhigh;

rug ar mbuaidh fhíre ’na fhert

’s an ríghe uainn a n-é[i]nfheacht.


37 Íomháigh gan anam Éire;

do chuaidh glóir shíl shaoirChréidhe

re cois chodhnaigh Chaithreach Sreing,

aithchreach do fholmhaigh Éirinn.


38 Níor hanadh tuir Tholcha Fáil

re flaitheas Éirionn d’fhagháil;

luach a gábhaidh tre thaobh ttres

ní thárraidh Aodh dá haoibhneas.


39 Ní tharraidh Sésair mar soin

don Eóraip fhiach a dhochair;

beag fuair d’anáir as a hucht

gé fuair dá gabháil guasacht.


40 Ag fulang ghuaisi idir gháibh

deich mbliadhna do bhí Sésáir,

ag táth Eórpa rer-oile;

dob fháth leónta laochroidhe.


41 Do smuaintigh Sésair iar soin

toigheacht a dtreise an domhain,

na deich mbliadhna iar dteacht as-teagh;

ní cert riaghla do-ríneadh.


42 Rug an rand Eórpa uile

do riaghladh na ríochruinde

’na mbuidhnibh go senRóimh soir,

fuilngidh deghshlóigh an domhain.


43 Ar urmhór na cruinde cé

Poimp Maighe, foirfe an fínné,

- feadh a ré do uaisligh hí -

is é an uair-sin dob airdrí.


44 A n-oirchill Shésair shirthigh,

le Poimp ’na chend cruinnighthir

tuir chatha na dtíreadh thoir,

sgatha dhíneadh an domhain.


45 Don Tesaille na dtrácht nglan

fa dhá airdrígh fher ttalmhan

tug ucht uili tre umhla

lucht na cruinde ceathardha.


46 Sul do cuiriodh an cath mór,

dob iomdha deabhtha is dobrón

is crécht is cnáimh gan chuma

agus gáir écht eatorra.


47 Cath mór na Teasaille thoir

fa dheóigh sraointear le Sésair;

níor sheachain sé a gheilchlí ar gháibh;

níor leithrí hé dhá fhághbáil


48 Do bhen do fPoimp cendas cáigh,

do bhí an bioth fa bhreith Shésáir;

ní hé an rath nár dhál doghra

ag cládh ón chath chathordha.


49 Aimser aith[ghe]rr dá éis soin

do mharbh in seanadh Sésair;

a dhál ó nár chuir ’na gcead

a fhuil fa lár do léigsead.


50 An toice tar éis an áir

luach a shaothair do Shésáir

ní thug, acht an cath do chor;

ad-bhath sul tug a thoradh.


51 Do fhulaing Aodh, anba an crádh,

deich mbliadhna mar rígh Rómhán

teas gliadh is gruamcholbha glend

do mhian uamchobhra Éirenn.


52 D’Aodh Ó Dhomhnaill, codhnach cáigh,

d’éis buaidh do bhreith mar Shésáir,

caor bhuaidh ó bhraoinlios na bhFionn

do chuaidh ó aoibhnios Éirionn.


53 Ní fhuair go fóill fiach a ghníomh

ó nach raibhe a n-áit airdríogh,

idir mhaithibh fuile Floind,

’na shuidhe a gCaithir Chrobhaing.


54 Ar cumairce a chleas ngoile

a mbeirt uathmhair iarnaighe

go Bóind ní raghadh fa rinn,

cóir dá n-aghadh ó Éirind.


55 Dol go Maisdin fa mhiond ríogh

do bhreith chogair chóig n-[a]irríogh

is do bhreith fhiliodh Craoi Chuinn

do bhí a ndlighiodh Í Dhomhnoill.


56 A dtug a mbeatha ’s a mbás

ar dhíon Éiriond ar uathbhás

fís na naomh sna ríogh reimhe,

doba díobh Aodh oirnidhe.


57 Mac Cinnéidigh, cian ó shoin,

tug Brian a bhás ’s a bheathaidh,

flaith chorónta Chraoi na bFhionn,

ar aoí onóra Éiriond.


58 Murchadh mac Briain, buinne tenn,

mar sin ar fhurtocht Éirenn

tug flaith chró a bhás ’s a bheathaidh,

cás budh mó le Muimhneachaibh.


59 Brian Chatha an Dúin na dtres dtrom,

tug a aimser ’s a anam

mar so ar chosnamh Chnuic na bhFionn;

dorsan ar thuit ’na thimchioll.


60 Tug a aimsior is hé féin

ar chosnamh chaithreach rí-Néill;

níor bhen dó doghraing nár dhligh;

Ó Domhnoill ’na gcló cuirthir.


61 Aodh Ó Domhnaill Dhúin na bhFionn

don Easbáinn d’fhurtocht Éirionn,

- a broid thiar in tand do thuig -

do bharr ar an triar tánuig.


62 Do chuaidh rath ríoghraidhe Fáil

le hAodh Uisnigh don Easbáinn;

do chuir soin ceó ar in gcogadh

gleó ó shoin do sheachnador.


63 A hucht a anma a n-Iath Fhloind,

an uair nach bíodh Aodh edrainn

do bhíodh maidhm romhainn ’na riocht;

maidhm orainn iar ’na imtheacht.


64 Ag Gaoidhealaibh go nua a-nois

d’éis mheic Aodha meic Mhaghnuis

ní fhuil cuid do Chathraigh Fhloinn;

marthain duid a Í Dhomhnoill!


65 Dá bhliadhain, do bhreith ar suadh,

sé chéd dég bliadhan [m]biothbhuan

gan teacht ag treibh Thé thoraibh

ó ghein Dé go ndeachobhair.


66 A Ua Sémais síthe Floinn,

tar th’éis a Aodh Í Dhomhnaill,

cath Emhna ón choróin do chlá;

onóir na Temhra teasdá.


67 Rug a gcádhus céim tar ais;

do lingiodh dá éis Ulltaigh;

Clann tsaorRosa as ar gan fhál,

Mag Aonghusa ón tan teasdá.


68 Do lom a oighidh mh’éixe,

Cond Cruachan mo chneischéile;

samhail damh beangán gan bláth

mo leandán ón tan teasdá.


69 Cioth aithrighe, anba in rath

fa Pháis Dé do dháil Peadar;

do chaoi beóghuin Chríost na gcneadh

le deóraibh ó bhfríoth Flaitheas.